Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-albaim-na-bliana-2019

Albaim na Bliana 2019

| Ben O Faolain |

Seo chugaibh na halbaim is mó a chuaigh i bhfeidhm ar ár gcolúnaí ceoil Ben Ó Faoláin le linn 2019. Níl aon ord faoi leith i bhfeidhm anseo agus tá gach albam ar an liosta de bharr buanna éagsúla. Is nasc go Spotify é gach teideal thíos, agus is féidir éisteacht le rogha Ben ar sheinnliosta speisialta Spotify anseo.


Abstract Orchestra – Madvillain Vol. 2 (ATA)

Is le fada atá léiritheoirí hip-hap ag tógaint a gcuid rianta as samplaí ó sheancheirníní snagcheoil, ach tá a mhalairt de mhodh oibre ag an ngrúpa Leeds-bunaithe Abstract Orchestra. 

Ar an dara halbam seo dá gcuid, roghnaigh treoraí na ceolfhoirne, Rob Mitchell, rianta ón albam Madvillainy, a d’eisigh an rapálaí MF Doom agus an léiritheoir Madlib faoin ainm Madvillain ag tús an chéid, mar thúsphointe rianta na ‘snag-func’ a seinntear beo. 

Cuirfidh píosaí mar ‘Figaro’ agus ‘Meat Grinder’ ceol cop-shows teilifíse na 1970idí i gcuimhne duit gan iad a bheith gann ar bhuillí urrúnta an cheoil hip-hap a spreag iad. 

Altin Gun – Gece (Glitterbeat)

Ceol tíre na Tuirce athshamhlaithe don 21ú haois ag grúpa rac-cheoil shícideileach atá lonnaithe san Isiltír. 

Fuaim ghleorach, eachtrúil ina bhfuil glór an saz leictrigh agus na méarchlár boilgearnach in uachtar.  In ainneoin geáitsíocht dhocht, funcaí na gceoltóirí eile tá amhránaíocht Merve Daşdemir croíúil, corraitheach tríd is tríd. 

Má thaitníonn ceol leithéidí Khruangbin agus King Gizzard & The Wizard Lizard leat, bí cinnte cluas a thabhairt do Gece.

Amyl and The Sniffers – Amyl and The Sniffers (Rough Trade)

Yí-há! Fórsa dosháraithe iad Amyl and The Sniffers as Melbourne na hAstráile. 

Ar albam début seo an ghrúpa, beirtear greim sceadamáin ort agus tarraingítear trí ghloine bhriste thú caol díreach go dtí an log moshála.  Ceol punc é Amyl And The Sniffers, ach punc cóisire seachas glaoch chun gníomhachais más fíor do churfá ‘Shake Ya’:

 “I wanna shake ya, I wanna shake ya all night long / I wanna shake ya, until the moon becomes the sun”. 

Rac-cheol don slogadh beorach seinnte mar is ceart: glic, gonta agus gasta.

Erlend Apneseth Trio & Frode Haltli – Salika, Molika (Hubro)

Fíolagrán fuaime fíor-shaibhir atá romhat ar an dtriú halbam ó réalta óg na fidle as Hardanger, Erland Apneseth. 

Daoncheol na hIorua é túsphointe an albaim, agus Apneseth ag ligeant do shamplaí bainte ó ábhar cartlainne treo séiseach an cheoil a stiúradh. 

Buíochas leis an úsáid thomhaiste bainte ag Apneseth as próiseáil leictreafuaime agus nótaí choirdín Frode Halti, tá tuile agus tráth aoibhinn ag baint le ceol an chompántais óig seo.

Bríghde Chaimbeul – The Reeling (River Lea)

Tá blas amh, ársa, anamúil ar an albam début seo leis an bpíobaire óg as an t-Eilean Scigtheanach, Bríghde Chaimbeul.

Idir cheol traidisiúnta na hAlban agus na Bulgáire atá le clos, seinnte ar phíp bheag na hAlban ag Chaimbeul le tionlacan ó Radie Peat (Lankum) ar an gconsairtín agus Aidan O’ Rourke (Lau) ar an veidhlín. 

Tabhair cluas, go háirithe, do ‘Táladh na Cearc’, ar a bhfuil cantaireacht le clos ó bhéal Rona Lightfoot, bean sna 80idí a spreag Chaimbeul chun dul i mbun ceoil na bpíob nuair a bhí sí ceithre bliana d’aois.

Billie Eilish – When We Fall Asleep Where Do We Go? (Darkroom/Interscope)

Bhí Billie Eilish O’ Connell agus a deartháir Finneas freagrach as an albam ab adhfhuaire agus ab aistí a bhain barr na cairte amach in 2019. An ceann ba sheiftiúla, freisin. 

Tá amhráin mar ‘Bury a Friend’ dorcha, gothach, lándorda ach tá tuiscint mháistriúil ag an mbean óg seo ar conas teannas agus greann a chruthú lena glór fineálta. 

Amhránaí óg a bhíonn ag seilg sa dorchadas fiú is í ag teitheadh ón dtromluí.

Floating Points – Crush (Ninja Tune)

B’fhada mé ag fanacht ar fhadcheirnín ó Sam Shepherd (Floating Points) a chomhlíonfadh geallúintí a luathshingilí mar ‘Vacuum Boogie’ agus ‘People’s Potential’.

Chuir Crush deireadh tobann le mo chuid chnáimhseála. Tá Crush casta — agus dúil dhamanta ag Shepherd i mionsonraí a chuid cheoil — ach tá sé fíor-spórtúil in áiteanna. 

Bhí Shepherd freagrach as dj-meascán na bliana domsa, chomh maith – an LateNightTales gleoite. Ar nós an mheascáin sin ní scaoileann Crush lena ghreim ort go dtí go seinntear an nóta deiridh.

Fly Pan Am – C’est ça (Constellation)

Tá 15 bliain caite ón uair a d’eisigh Fly Pan Am, grúpa iar-racas Montreal, Ceanada, a n-albam deireanach. 

Ní féidir gan an chosúlacht le ceol iontach Mice Parade a aithint, go háirithe sa tslí a lúbann treo agus a athraíonn fuinneamh rianta mar ‘One Hit Wonder’.  

Tá tionchar My Bloody Valentine le sonrú, freisin, i ngiotár ilchisealach ‘Dizzy Delusions’ agus i dtitim thobann na drumadóireachta in ‘Each Ether’. Tá céad-rian an albaim, ‘Avant-gardez Vous’, ar nós bheith ag éisteacht le R2D2 i mbun scliúchais le foireann drumaí, pána fuinneoige agus clóscríobhán istigh i bpoll portaigh. 

Bleaist cheart.

Fontaines D.C. – Dogrel (Partisan)

An saothar indie-cheoil is fearr ó ghrúpa Éireannach atá cloiste agam ó chuaigh mé i mbun pinn ar dtús do NÓS deich mbliana ó shin. 

Ar nós saothar litríochta Kavanagh, Behan agus Joyce, déanann amhráin Dogrel iontas de ghnáthshaol mhuintir Bhaile Átha Cliath ar bhealach atá go hiomlán iontaofa.

Amhráin ghlice iar-phunca iad seo, ráite go neamh-rómánsúil. Tá tionchar The Fall (‘Sha Sha Sha’), Joy Division (‘Hurricane Laughter’) The Cure (‘Television Screen’), surf-rock agus garage-rock Meiriceánach na seanstíle soiléir, gan amhras, ach tá draíocht ar leith ag baint lena leithéid de cheol a chlos ráite go nádúrtha i gcanúint Bhaile Átha Cliath. 

Cas suas é!

Junior Brother – Pull The Right Rope (Strange Brew)

I margadh atá dubh le ceol leamh, patuar, tá pearsantacht láidir inchreidte ag amhráin amha, aite Ronan Kelly (Junior Brother) as Cill Chuimín in aice le Cill Airne na Ríochta. Ionracas iontaofa é den tsaghasa eascraíonn as cumadóir a bheith ag feidhmiú de réir a mhéine. 

Insint theibí, liteartha ar shaol tuaithe an fhir óig in Éirinn sa lá atá inniu ann, idir mhaith agus olc, atá le clos ar Pull The Right Rope.

Kit Sebastien – Mantra Moderne (Mr Bongo)

Fiú agus Mr Bongo ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód in 2019 ní ligeadar a maidí le sruth agus ceol den gcéad scoth (idir shaothair nua agus atheisiúintí) le leithéidí Atmosfear, Azymuth, Ebo Taylor, The Skints agus Jungle Brown eisithe acu. 

Ba é Mantra Moderne  le Kit Sebastian an eisiúint dá gcuid ba mhinice ar mo chaschlár agam. 

Tá idir Thuircis, Fhraincis agus Bhéarla le clos ar amhráin shícideileach Kit Martin agus Merve Edam, beirt atá go mór faoi chomaoin ag fuaim tropicalia na Brasíle, func-cheol Turcach, popcheol Eorpach na 60idí agus snagcheol Meiriceánach.

Lankum – The Livelong Day (Rough Trade)

Saothar é The Livelong Day a thugann ómós ar leith do luach an ndordán chun cur le fuinneamh agus atmaisféar amhráin, bíodh dos na bpíob nó an glór Mellotron féin i gceist.

Albam é, freisin, taifeadta ag ceoltóirí a thuigeann gur fearr go minic nóta amháin san áit cheart ná cúig cinn seinnte gan chúis. Is ciúin iad na linnte lána, ambaiste, agus ar albam a chaitheann súil ghéar ar leochaileacht an staid dhaonna is minic an nóta amháin úd fada, lúbtha, cumhach. 

Tá draíocht anseo.

Henrik Lindstrand – Nattresan (One Little Indian)

Tá lón anama ar an albam corraitheach seo de cheol phianó nuachlasaiceach le Henrik Lindstand na Sualainne. 

Cumtha i lár na hoíche (“aistear istoíche” is ciall le teideal an albaim), machnamh uirlise ar aoibhneas agus uaigneas an tsaoil atá i Nattresan. 

Ní raibh ganntanas ceol maith nuachlasaiceach pianóbhunaithe in 2019 (molaim albaim Hania Rani agus Gábriel Ólafs, leis) ach thar aon saothar eile ba Nattresan a mheall mo chluas.

Little Simz – Grey Area (Age 101)

“Me again, and I mean to pick up where I left off /The biggest phenomenon and I’m Picasso with the pen” a deir Little Simz agus í ag cur tús le halbam hip haip na bliana.  

Speireadóir ruibheanta í Little Simz a scanródh fir na Féinne féin.  “I’m Jay-Z on a bad day,” a deir sí, “Shakespeare on my worst days”, agus tá boiseog trasna an dá chluas in ann don té nach n-aontódh leis an “boss in a fuckin dress.”

Albam cróga, ionraic, snasta ó liriceoir den gcéad scoth. 

Mr Raoul K – African Paradigm (Compost)

Bhog an tUasal Raoul K go dtí an Ghearmáin óna thír dhúchais, Poblacht an Chósta Éabhair, in 1992. Tar éis tréimhsí caite aige ina imreoir sacair proifisiúnta agus siúinéir, bhain sé cáil amach mar léiritheoir ceoil Afrai-house. 

Ar an dtriú albam seo dá chuid tá béim níos mó ar cheol sean-nóis Iarthar na hAfraice ná buillí 4/4 na gclub. Mar sin féin, nuair a chas mé an port mall, domhain, ‘O Mera Dil’ ag deireadh na hoíche i gclub le déanaí ba bheag ná raibh an lucht rince ag sileadh na ndeor toisc glór Lady Parul (Liz Fraser na hIndia, éinne?)  agus dord-nótaí fada, doimhne, corraitheacha.

Panda Bear – Buoys (Domino)

Mar bhall bunaidh den mhórghrúpa indie-cheoil Animal Collective, tá Noah Lennox (Panda Bear) freagrach as gach gné de cheol an ghrúpa úid a thaitníonn liom agus ceann ar bith nach dtaitníonn.

Saothar níos milse agus níos scaoilte ná Panda Bear Meets The Grim Reaper (2015) é Buoys. Cruthaíonn céad-amhrán an albaim, ‘Dolphin’, atmaisféar geall, séimh a mhaireann ar feadh an tsaothair. 

Deir Lennox go raibh sé i gceist go mbeadh fuaim “a d’aithneodh cluasa óga” ag an albam, agus tá sé le clos. Tá tionchar na stíle trap soiléir (“dubcheol an lae inniu” i dtuairim Lennox) sna drumaí teasctha agus dord-línte domhain ach tá spás agus binneas go leor anseo freisin.

Sandro Perri – Soft Landing (Constellation)

Sibhse nach bhfuil deabhadh oraibh, seo agaibh ceol Sandro Perri Cheanada. 

An chéad rud a chuala riamh ón bhfear seo ab ea leagan taifeadta faoin ainm Polmo Polpo aige den amhrán ‘Kiss Me Again and Again’ de chuid Arthur Russell atá breis agus 20 nóiméad ar fhad. Plé, idir mhagadh agus dáiríre, ar an gcaidreamh idir Perri agus an t-am féin, thar thréimhse 16 nóiméad, atá i gceist le céad-amhrán Soft Landing, an ‘Time (You’ve Got Me)’ gleoite. 

N’fheadar conas a mheall Peri mé le saothar atá bunaithe ar fhuaimeanna nach dtaitníonn puinn liom go hiondúil – bog-rac raidió FM na 70idí agus glórtha giotáir a chuirfeadh Pink Floyd le linn ré Wish You Were Here i gcuimhne duit – ach is seoid mhín, shuntasach í Soft Landing a chúitíonn athéisteacht.

Prins Thomas – Ambitions (Smalltown)

Taobh le Hans-Peter Lindstrøm, tá cáil ar Prins Thomas mar dhuine de phríomhspásairí cheol cosmach dioscó na hIorua. Ar Ambitions tógann Prins céim i dtreo stíle níos doimhne, ilrithimiúil atá, mar a deir sé féin, faoi chomaoin ag ceol leithéid Ricardo Villalobos, Daniel Lanois agus Jaki Liebezeit

Tá obair mhéarchláir Bugge Wesseltoft ar ‘Sakral’ go diail, tá dóchas tógálach ag baint le mall-dioscó síodúil ‘Feel The Love’, agus is féidir dul amú ar fad i rianta fada mar ‘Fra Miami To Chicago’. 

Seo an chéad rud a chuirfinn ar siúl ar maidin agus an brothall chugainn le linn an tsamhraidh.

Yann Tiersen – ALL (Mute)

Seoid náisiúnta é Yann Tiersen ina thír dhúchais, an Fhrainc, ach aithneoidh formhór na coda eile againn go deo é mar “mo dhuine a chum fuaimriain an scannáin Amelie.” 

Mura n-éiríonn le Tiersen tionchar na máistrí a mhúnlaigh a stíl chumadóireachta an chéad lá (Erik Satie, Michael Nyman, Philip Glass) a cheilt níl aon laghdú ar fhiúntas ALL dá bharr. 

Ta draíocht anseo, agus cabhraíonn sé go mór leis go bhfuil uirlisí agus amhránaithe éagsúla in uachtar ó rian go rian, gan trácht ar ghiolcaireacht na n-éan ag teacht is ag imeacht thar fhad an tsaothair. 

Gluaiseann ALL go gleoite ó thús deireadh, ag cruthú spás suaimhneasach inar féidir maidí do mheabhrach a ligean le sruth.  

Rian Treanor – Ataxia (Planet Mu)

I ré seo na n-aithriseoirí tá meas ar leith agam ar cheol nach ndéanann an rud lena mbeifeá ag súil. Go háirithe agus é chomh greannmhar, ealaíonta is atá ceol Rian Treanor. 

Ag baint úsáid as pailéad sonach an-teoranta chruthaigh Treanor carn mór millteach ceoil ina bhfuil smidiríní de stíleanna leictreonach mar cheol footwork Chicago, blíp-theicneó Thuaisceart Shasana agus ceol speed-garage le sonrú faoi bhun giotaí gutha gearrtha ar bhealach Dadaíoch

Ní minic ceol leictreonach chomh hardnósach agus pléisiúrtha san am céanna.

Níos mó