Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-iomaiocht-iarracht-nios-geire-na-mar-is-gnach-ag-an-dup,-ach-sin-an-meid

An iomaíocht iarracht níos géire ná mar is gnách ag an DUP, ach sin an méid

Ag an DUP a bhí na ceithre shuíochán i gContae Aontroma ó 2017. Mar a dúramar anseo inné, ní féidir leo talamh slán a dhéanamh de go gcoinneoidh siad an ceann atá acu in Aontroim Theas i dtoghchán an seachtaine seo chugainn, ach ní baol d’Ian Paisley in Aontroim Thoir ná do Sammy Wilson in Aontroim Thuaidh.

Is é seo an stráice de chósta Aontroma ó Loch Lao go dtí na Glinnte. Bhí an suíochán i seilbh aontachtaithe riamh anall agus Sammy Wilson an DUP atá ina fheisire anseo ó 2005. Mar urlabhraí a pháirtí ar chúrsaí Breatimeachta bhí luí aige le himeacht crua agus cloistear daoine sa cheantar ag casaoid faoi sin anois is arís. Ni léir cén tionchar a bheas aige sin ar an vóta, ach tá iomaitheoir eile ag díriú ar go sonrach ar an ábhar sin. Tá ceannaire nua an UUP, Steve Aiken, ina iarrthóir anseo agus é ag cur an mhilleáin ar an DUP faoin margadh Breatimeachta a bhfuil aontachtaithe agus dílseoirí ag feachtasaíocht ina choinne. ‘Ba iad an DUP a thug teorainn i Muir Éireann dúinn,’ an port atá ag Aiken.

Tá dhá shuíochán Tionóil ag an DUP agus ag an UUP in Aontroim Thoir (tá an ceann eile ag Alliance) agus cé go dtugann sin ugach d’Aiken tá bearna mhór idir an dá pháirtí. Bhí 57% de na vótaí ag Sammy Wilson in 2017, é beagnach 16,000 vóta chun tosaigh ar an té ba ghaire dó, iarrthóir an Alliance, Stewart Dickson. Bhí an UUP breis is míle vóta eile taobh thiar de sin. Maíonn roinnt daoine go bhfuil seans maith ag Alliance a ghabháil chun tosaigh orthu beirt mar gur dócha go mbeidh titim ar vóta Wilson agus méadú ar vóta an UUP toisc gurb é a gceannaire an t-iarrthóir. Bhí vóta Wilson chomh mór sin go n-éireodh leis teacht slán fiú dá mbeadh laghdú an-mhór ar a vóta. Seans go mbeidh an iomaíocht iarracht níos géire ná mar is gnách.

Na hIarrthóirí

Steve Aiken, UUP

Danny Donnelly, Alliance

Oliver McMullan, Sinn Féin

Angela Mulholland, SDLP

Philip Randle, Comhaontas Glas

Aaron Rankin, Caomhaigh

*Sammy Wilson, DUP [ag cosaint a shuíocháin]

64,342 vótóir atá ar an gclár

Toghcheantar mhuintir Paisley. Tháinig Ian Paisley óg i gcomharbacht ar a athair, bunaitheoir an pháirtí, an tUrramach Ian, mar fheisire parlaiminte anseo in 2010. Tháinig sé slán ó phionós 30 lá fionraíochta ón bParlaimint i ngeall ar “mhí-iompar tromchúiseach” a bhain le laethanta saoire a ghlac sé ar íoc réimis amhrasacha astu ach nár chláraigh sé amhlaidh iad. Tháinig sé slán freisin ó vóta sa toghcheantar chun é a dhícháiliú. In 2017 fuair sé 59% de na vótaí agus bhí sé os cionn 20,000 vóta chun tosaigh ar an iarrthóir ba ghaire dó, Cara McShane, Sinn Féin.

Tá ceist na heacnamaíochta agus na bpostanna déantúsaíochta a cailleadh sa cheantar níos tábhachtaí ná an Breatimeacht cé go bhfuil aontachtaithe de gach cineál in éadan phlean Boris Johnson. Seisear atá san iomaíocht, iarcheannaire an UUP, Robin Swann ina measc.

Na hIarrthóirí

Margaret McKillop, SDLP

Cara McShane, Sinn Féin

Patricia O’Lynn, Alliance

*Ian Paisley DUP [ag cosaint a shuíocháin]

Stephen Palmer, neamhspleách

Robin Swann, UUP

78,096 vótóir atá ar an gclár

Níos mó