Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ar-chul-an-albaim…

Ar chúl an albaim…

| Ben O Faolain |

L.O.S.S. is teideal don dara halbam leis an léiritheoir popcheoil agus fidléir ildánach Daithí Ó Drónaí, saothar atá díreach eisithe ag ceirníní Strange Brew na Gaillimhe. 

Taifeadadh i gceantar Limousin na Fraince é, agus tá fuaim níos doimhne agus níos pearsanta le clos ar amhráin L.O.S.S. ná mar a bhí i gceist le halbam début Daithí, In Flight, a d’eisigh Sony in 2014.

“Bhí mo mhisneach caillte agam, mhothaíos nach mbeadh aon rud i gceart riamh arís. Thárla gur chum mé na foinn agus cordaí seo ar fad mar chineál teiripe. 

“Ar dtús ní fhéadfainn a shamhlú go dtiocfadh an lá go mbeinn ar mo chompord amhráin a dhéanamh astu. Scanraigh an togra seo mé, ach táim níos mórtasaí as ná rud ar bith atá déanta riamh agam,” a dúirt Ó Drónaí agus é ag labhairt faoi scríobh L.O.S.S.

Cén fáth nach mbeadh? Seo popcheol fíneáilte, dea-léirithe le macallaí d’idir Burial agus Nick Cave le sonrú ann. Saothar a thaitneoidh le duine ar bith a bhfuil popcheol ‘milis-ach-cumhach’ ó leithéidí Bonobo agus The XX ar a seinnliostaí acu.


Bonobo – Break Apart (Ninja Tune, 2016)

Rian fíor-chumhachtach toisc, measaim, chomh hamh, corraitheach is atá an láithriú gutha.  Tá sé dochreidte fíneáilte, agus tá briseadh croí an té a chan soiléir ann. Déanann Bonobo jab iontach atmaisféar a chruthú timpeall an láithrithe gutha, freisin. Is fiú éisteacht leis an eagrán den bpodchraoladh ‘Song Exploder‘ ina dtugtar míniú iontach ar conas a chuir Bonobo agus Rhye ‘Break Apart’ le chéile. 

The Blaze – ‘Territory’ (Animal63, 2017)

Fíorshampla é an rian seo do cheol rince a rinneadh mar ba cheart. Tá na heilimintí chomh simplí sin, tá sé réasúnta neamhchasta, ach tríd úsáid an athsheanma, cruthaítear brúcht ollmhór mothúchán. 

Téann gach corda nó foshéis a cuirtear leis i bhfeidhm go mór ort, tá sé fíor-chorraitheach.  Ba mhór an inspioráid físeán ceoil an amhráin seo don bhfíseán a chruthaíomar do m’amhrán féin ‘In My Darkest Moments’. Is aoibhinn liom bealach a déantar cíoradh ar  an bhfireannacht sa phíosa seo.

Caribou – ‘Second Chance’ (City Slang, 2014)

Bhí tionchar mór ag gluaiseacht na sintéiseoirí i ‘Second Chance’ le Caribou (léigh agallamh Nós le Caribou anseo) ar an slí a chruthaigh mé na fuaimeanna sintéiseora atá le clos ar an albam úr L.O.S.S.

Mothaíonn an rud ar fad chomh beo agus chomh daonna, agus léirithe chomh hálainn i sraitheanna aige. Ní fhuaimníonn rud ar bith amuigh ansin cosúil leis. An dúshlán is mó a bhaineann le bheith ag cumadh ceoil ar ríomhairí na laethanta seo ná a bheith ag iarraidh nach bhfuaimneodh gach rud róbatach agus cruinn, agus tá Caribou go maith abálta chuige.

 Flight Facilities – ‘Clair De Lune’ (Future Classic, 2013)

Ceann de rudaí is mó a thaitníonn liom faoin rian seo ná chomh soiléir, lom agus atá an láithriú gutha. Bhí an rian seo ina shlat tomhais agam agus mé i mbun plé le hamhránaithe faoina stíl le linn don albam úr a bheith á thaifeadadh agam. 

Ní raibh mé ag iarraidh go mbeadh daoine ag dul thar fóir. Ba léiritheoir popcheoil riamh mé, stíl cheoil ina mbíonn mórán téiceanna gutha á gcur anuas ar a chéile i sraitheanna agat, ach don albam seo, le go mbeadh blas níos pearsanta air, bhí mé ag iarraidh nach mbeadh ach glór amháin le clos go minic.

 Kiasmos – ‘Looped’ (Erased Tapes, 2014)

I gcomparáid leis na ceirníní a d’eisigh mé go dtí seo, tá a lán uirlisí a seinneadh beo le clos ar L.O.S.S. Sheinn mé na línte atmaisféaracha giotáir ar fhormhór na rianta, agus chum mé mórán de na cordaí agus foinn ar phianó.

Déanadh ataifeadadh ar an bpianó thuas i nDoire le pianódóir/cumadóir darbh ainm Ryan Vail, i stiúideo Small Town America. Bhí ceol Kiasmos, fuaim iontach bheo agus maolaithe an phianó ina gcuid rianta, ina threoir thagartha thábhachtach agam maidir leis an bhfuaim phianó a bhí uaim. Measaim gur aimsíomar an sprioc!

Burial – ‘Endorphin’ (Hyperdub, 2007)

Níl sárú Burial ann chun ceol dubhach, uaigneach a chruthú. Níl aon cheol mar é chun mothúchán an uaignis a spreagadh ionat i dtimpeallacht uirbeach. Bhí mé ag iarraidh go mbeadh atmaisféar den saghas céanna mar bhunús L.O.S.S. agam, ach go mbeadh ceantair thuaithe na hÉireann i gceist seachas, abair, London. Tá a lán uigeachtaí atá cosúil le Burial le clos, measctha le taifeadtaí d’fhuaimeanna comhthimpeallacha déanta in iarthar na tíre seo.

Nils Frahm – ‘Our Own Roof’ (Erased Tapes, 2015)

Táim an-tógtha leis an scannán Victoria, agus an tslí a chuirtear ceol mall, atmaisféarach i gcodarsnacht le radharcanna bríomhara.  Bhí an chodarsnacht sin idir fuinneamh agus brón lárnach sa tslí a chuaigh mé mbun L.O.S.S.  a chumadh. 

Tá rud éigin thar a bheith cumhachtach faoi fhoinn bhrónacha a mheascadh le rud atá neamhchosúil ar fad leo — bíodh radharc de ghrúpa daoine óga i mbun ragairne nó buillí troma rince i gceist. Tá an tslí a déanadh taifeadadh ar gach cuid den amhrán seo iontach ar fad, tá glór na dtéaduirlisí chomh leochaileach, is aoibhinn liom é.



Éist le liosta Spotify Daithí do Ar Chúl an Albaim anseo.

L.O.S.S. le Daithí le fáil anois ar cheirníní Strange Brew.

Níos mó