Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

Léirmheasanna moltacha faighte ag an dara fadscannán Gaeilge ó Cine 4

| PEIG |

Tá léirmheasanna moltacha faighte go dtí seo ag an bhfadscannán Gaeilge is déanaí i ndiaidh a premiere in Tallinn na hEastóine.

Dúirt lucht déanta Arracht, an dara scannán atá léirithe faoi Cine 4, go bhfuil siad “an-sásta” leis na chéad léirmheasanna atá déanta ar an scéinséir atá lonnaithe in iarthar na hÉireann le linn an Ghorta Mhóir.

Taispeánadh an scannán Gaeilge, a léirigh Macalla Teo, ag príomhchomórtas na Féile Scannánaíochta Black Nights in Tallinn le déanaí.

Dúirt léirmheastóir Screen Daily go raibh sé iontach scannán Gaeilge a fheiceáil ina ndearnadh iarracht “stair thragóideach” na hÉireann a insint le stíleanna seánraí nua-aimseartha.

“A bleak and impressive Irish-languge drama” agus “a striking feature debut” a tugadh ar an bhfadscannán Gaeilge.

Dúirt an léirmheastóir go raibh an-seans go mbeadh an scannán Gaeilge san iomaíocht do dhuaiseanna.

“The bracingly authentic Arracht is in with a good chance of a decent domestic release at the very least,” a dúradh.

Thug Screen Daily “dráma beag toughála” ar an saothar agus dúradh gur chun leas an scéil a “shuíomh suaithinseach” agus a “chruas ó thaobh cur chuige”.

Tugadh moladh faoi leith do phríomhaisteoir Arracht, Dónall Ó Héalaí as na hAille in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara.

Mhaígh an léirmheastóir go dtéann an saothar, a scríobh agus a stiúir Tom Sullivan, i bhfeidhm ar an tsúil go háirithe, cé gur léir, a dúradh, gur buiséad “an-íseal” a bhí ag lucht a dhéanta.

Scannán “snoite” agus “scéal lán atmaisféir” a thug léirmheastóir EyeforFilm ar Arracht. Ceithre réalta as cúig cinn a bhronn EyeforFilm ar an saothar Gaeilge.

Is geall le “fabhalscéal osréadúil” in áiteanna Arracht dar le léirmheastóir Filmuforia a bhí an-tógtha leis an tslí a mheall an scannán an tsúil.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt léiritheoir Arracht Cúán Mac Conghail as Macalla Teo, go raibh “an-éileamh” agus “an-mheas” ar an scannán Gaeilge ag lucht na féile Black Nights in Tallinn, féile mór le rá scannánaíochta.

“Scéal an-láidir is ea é agus cé go bhfuil sé lonnaithe sa 19ú haois is scéal nua-aimseartha é freisin. Tá an aisteoireacht thar cionn agus tá Tom Sullivan, an stiúrthóir, le moladh go mór,” arsa Mac Conghail.

Dúirt an léiritheoir nach aon chonstaic a bhí i dteanga an scannáin.

“In Éirinn, tá Sasana agus Meiriceá ar an dá thaobh dínn agus is é an taithí atá ag daoine ná a bheith ag breathnú ar scannáin i mBéarla. Níl aon chonstaic mar sin roimh mhuintir na hEorpa.

“Breathnaíonn siad ar scannán, ní chuireann an teanga isteach ná amach orthu,” a dúirt sé.

Mhaígh Mac Conghail gur “toradh iontach ” ar bhuiséad €1.2 milliún a bhí in Arracht cé gur buiséad “atá beag go leor i saol na scannánaíochta” a bhí ann.

Mhol sé scéim Cine 4, atá á maoiniú ag TG4, an BAI agus Fís Éireann, agus dúirt sé gur léiriú é an scéim ar an tallann atá ag scannánóirí Gaeilge ach an deis a thabhairt dóibh.

Beidh Arracht le feiceáil ag Féile Scannán Bhaile Átha Cliath ag deireadh mhí Feabhra agus ag Féile Scannánaíochta Ghlaschú ina dhiaidh sin.

Thug Cúán Mac Conghail le fios go raibh idirbheartaíocht ar siúl ag Macalla Teo le dáilitheoirí agus go raibh súil acu go mbeadh Arracht le feiceáil sa phictiúrlann i mí Aibreán.

Seoladh Finky, an chéad scannán ó ‘Cine 4’ a cuireadh i láthair an phobail, ag Fleadh Scannán na Gaillimhe an samhradh seo.

Dar le léirmheastóir Tuairisc.ie gur tús maith le ‘Cine 4’ a bhí i Finky, scéinséir síceolaíoch a thuill moladh as an tsamhlaíocht a bhain leis agus go háirithe as taispeántas an phríomhaisteora, Dara Devaney.

Tá ráite ag Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont gurb é mian an stáisiúin gradam Oscar a bhuachan agus nach bhfuil aon chúis nach bhféadfaí déanamh amhlaidh.