6 phost spéisiúil leis an nGaeilge atá ag lorg iarratas anois!
Innealtóir Taighde | Ionad ADAPT
Tá Innealtóir Taighe á lorg ag ADAPT Centre faoi láthair. Is ionad barr feabhais domhanda é Ionad ADAPT do theicneolaíocht an ábhair dhigitigh. Conradh ar théarma seasta 11 mhí ach tá seans ann síneadh ama a chur leis ina dhiaidh sin.
Spriocdháta: 10ú Eanáir 2020
Tuilleadh eolais anseo
Eagarthóir Cúnta | Foras na Gaeilge
Is mian le Foras na Gaeilge, an comhlacht forfheidhmithe a chuireann an Ghaeilge chun cinn ar fud oileán na hÉireann, eagarthóir cúnta a cheapadh a bheidh lonnaithe i gceannáras na heagraíochta i mBaile Átha Cliath.
Spriocdháta: 17 Eanáir 2020
Tuilleadh eolais anseo
Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga | Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair
Is mian le Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair (mar cheanneagraíocht) i gcomhar le Meitheal Pleanála Teanga an Iar Thuaisceart (MPTIT) Oifigeach Cúnta a earcú ar bhunús chonradh.
Spriocdháta: 17ú Eanáir 2020
Tuilleadh eolais anseo
Riarthóir | The Irish Countrywomen’s Association
Tá Riarthóir á lorg ag The Irish Countrywomen’s Association faoi láthair. Tá cumas labhartha agus tuiscint bhunúsach ar an nGaeilge inmholta don ról seo. Is post lánaimseartha é seo atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath 4.
Spriocdháta: 19 Eanáir 2020
Tuilleadh eolais anseo
Ceann Margaíochta do Chustaiméirí | Uisce Éireann
Tá Ceann Margaíochta do Chustaiméirí á lorg ag Uisce Éireann faoi láthair. Beidh an té a cheapfar freagrach as tacú le forbairt na bhfeachtas fograíochta agus comhthaobhacht margaíochta.
Spriocdháta: 16 Eanáir 2020
Tuilleadh eolais anseo
Folúntais eile | Oireachtas na Gaeilge
Tá Oifigeach Imeachtaí & Forbairt Freastail, Oifigeach Gréasán (Ó Thuaidh) agus Oifigeach Imeachtaí (Ó Thuaidh) á lorg ag Oireachtas na Gaeilge faoi láthair.
Spriocdháta: 16 Eanáir 2020