Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

An Coimisinéir Teanga – ag cabhrú leat do chearta a chosaint

| PEIG |

Gluais: Ráiteas misin – mission statement, Foráil – provision, Toghairm – summons, Imscrúdú – investigation

Is é an ráiteas misin atá ag an gCoimisinéir Teanga ná ‘cearta teanga a chosaint.’

Cinntíonn Oifig an Choimisinéara go mbíonn comhlachtaí poiblí agus eagrais stáit ag cloí le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Bíonn orthu fiosrúcháin a dhéanamh nuair a cheapann siad nach bhfuil comhlacht éigin ag cloí le forálacha an Achta mar is ceart.

Is féidir leo comhairle a thabhairt chuig an bpobal nó chuig comhlacht ar leith faoi céard ba cheart dóibh déanamh chun forálacha an Achta a chomhlíonadh. Chomh maith leis sin foilsíonn siad tuarascáil bhliantúil faoin obair a rinne an Oifig thar thréimhse bliana.

Céard é scéal na hOifige?

Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga sa bhliain 2004 faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Ceapadh Seán Ó Cuirreáin mar an chéad Choimisinéir ar 23 Feabhra 2004 ach d’éirigh sé as a phost sa bhliain 2014 mar gheall ar an easpa gníomhaíochta ón rialtas ó thaobh na Gaeilge de. Ghabh Rónán Ó Domhnaill chuige ról an Choimisinéara ina dhiaidh sin agus is eisean an Coimisinéir Teanga i láthair na huaire.

Gearán – conas agus cén fáth?

Tá ráite ar shuíomh Oifig an Choimisinéara go bhfuil sé ‘de cheart ag daoine den phobal gearán a dhéanamh má cheapann siad nach bhfuil na dualgais atá ar chomhlachtaí poiblí i leith na Gaeilge á gcomhlíonadh acu.’ D’fhéadfadh seo a bheith bainteach le comharthaí bóthair, seirbhísí stáit, an córas dlí nó earnálacha eile a mbíonn an Ghaeilge in úsáid iontu.

Má cheapann tú go bhfuil rud éigin atá feicthe agat nó eachtra éigin tar éis tarlúint a sháraíonn Acht na Teangacha Oifigiúla, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga. Téigh chuig an bhfoirm gearán anseo nó is féidir leat gearán a dhéanamh ar an bhfón trí ghlaoch a chur ar 1890 504 006. Foghlaim tuilleadh faoin bpróiseas gearán anseo.

N.B – Ná bíodh drogall ort riamh gearán a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Teanga. Má cheapann tú go bhfuil rud atá feicthe agat ag sárú Acht na Teangacha Oifigiúla molann muid foirm ghearáin a líonadh. Más é nach sárú atá ann ar deireadh is féidir le ball foirne ón Oifig an méid sin a rá leat. Tabharfaidh siad comhthéacs agus míniú duit faoin bhfreagra a chuireann siad ar fáil duit.

Agus gearán déanta agat…

Nuair a fhaigheann an Oifig gearán, tá cumhacht aici teacht ar réiteach. Is féidir léi iallach a chur ar eagraíochtaí agus daoine fianaise i scríbhinn nó ó bhéal a sholáthar le fáil amach an bhfuil na dualgais teanga chuí á gcomhlíonadh acu. Ina dhiaidh sin, is féidir leis an Oifig toghairm a eisiúint agus bíonn ar an eagras cuí dul os comhair bhaill Oifig an Choimisinéara chun an scéal atá i gceist a mhíniú.

Tá an stádas céanna ag na daoine a théann os comhair na hOifige agus mar atá ag daoine a théann os comhair na cúirte. Is sárú suntasach é má dhiúltaíonn eagras comhoibriú leis an gCoimisinéir. Más é go gciontófaí páirtí as sárú a dhéanamh is féidir leis an gCoimisinéir fíneáil ‘nach mó ná €2,000 agus/nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí a ghearradh’ orthu.

Tuarascálacha bliantúla de chuid an Choimisinéara

Foilsíonn Oifig an Choimisinéara Teanga Tuarascáil Bhliantúil gach bliain agus tá gach tuarascáil a foilsíodh ó 2004 i leith ar fáil go poiblí anseo. Déanann an tuarascáil cíoradh ar ghnéithe den obair a rinneadh i rith na bliana, ó imscrúduithe agus gearáin go scéimeanna teanga agus cúrsaí airgeadais a bhaineann leis an Oifig.

Soláthraíonn an Coimisinéir Teanga an tuarascáil bhliantúil faoi obair Oifig an Choimisinéara Teanga don Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tugtar léargas sa tuarascáil ar na himscrúduithe is mó a rinne an Oifig agus ar na torthaí a baineadh amach mar gheall orthu.

Feidhm na n-imscrúduithe

Chuir Oifig an Choimisinéara tús le himscrúduithe sa bhliain 2007. Is féidir imscrúdú a chur ar bun más rud é go gceaptar go bhfuil sárú déanta nó á dhéanamh ar aon fhoráil de chuid:

  • Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003,
  • Na Rialacháin atá i bhfeidhm faoin Acht sin,
  • Scéim teanga atá daingnithe faoin Acht sin, nó
  • Aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge.

Dar leis an Tuarascáil Bhliantúil a rinneadh faoi 2018, rinneadh imscrúdú ar RTÉ. Rinne duine den phobal gearán leis an gCoimisinéir nach raibh na dualgais reachtúla atá daingnithe den Acht Craolacháin, 2009 á gcomhlíonadh acu. Baineann na dualgais sin le réimse clár a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Bhí an té a rinne an gearán den tuairim go raibh ag teip ar RTÉ na dualgais sin a chomhlíonadh ó thaobh cláir i nGaeilge a sholáthar. Déantar mionphlé ar shonraí an ghearáin seo sa tuarascáil agus cuireann an Oifig ‘príomh-mholadh’ ar fáil bunaithe ar na torthaí a fuarthas.

Is féidir tuilleadh a léamh faoi imscrúdú RTÉ agus faoi na himscrúduithe eile a rinne an Oifig ar leathanach 15 den cháipéis seo.

Eolas teagmhála

Is é seo an seoladh atá ag an gCoimisinéir Teanga ná:

An Coimisinéir Teanga
An Spidéal
Gaillimh
H91 VK23

Is féidir leat dul i dteagmháil leo ag an seoladh ríomhphost seo eolas@coimisineir.ie nó is féidir glaoch a chur orthu ar (091) 504006

Lean iad ar na cuntais shóisialta ar Twitter agus Facebook nó tabhair cuairt ar shuíomh na hOifige anseo.