Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-fearr-cuid-den-stair-a-fhagail-mar-ata-si?

An fearr cuid den stair a fhágáil mar atá sí?

| Mairtin O Cathain |

‘Is fearr cuid den stair a fhágáil mar atá sí!’. Fear macánta agus fear gnaíúil as an Aird Thiar i gCarna i gConamara a dúirt é sin liom nuair a d’fhiafraigh mé de an ndéanfadh sé píosa cainte a chuirfí i dtaisce ar théip in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna.

Bhí sé tugtha suas do Cholm Mac Donnchadha – Colm Bheartla Shéamuis – go raibh an-mheabhair aige ar stair an cheantair agus go leor eolais aige faoi dhaoine muinteartha.

Bhain an freagra a thug sé orm cineál cor asam.

Is minic a dúradh gur cheart cuid den eolas a bhí ag Colm a thaifeadadh agus a choinneáil sa gcaoi agus go mbeadh fáil ag na glúnta ina dhiaidh ar chúlra an phobail. Bhí dream forbartha an Ionaid ag bailiú eolais agus ag labhairt le daoine. Céard faoi Cholm?

Dúirt mé leo go gcuirfinn ceist air. Bhí aithne sách maith faighte agam air in imeacht na mblianta. Tháinig sé linn go reilig Mhaírois scaitheamh roimhe sin go ’speánfadh sé uaigheanna a muintire d’Anna McDonough, deirfiúr le Denis McDonough, a bhí ina cheannasaí foirne, nó Chief of Staff, ag an Uachtarán Obama an uair sin. Rinne Colm cur síos di ar stair a muintire sa gceantar agus ar na hainmneacha a bhí ar na clocha cuimhneacháin sa reilig.

Ach an ndéanfadh sé píosa cainte a chuirfí ar taifead?

“Ní dhéanfaidh,” a deir Colm “agus inseoidh mé dhuit cén fáth. Is fearr cuid den stair a fhágáil mar atá sí.”

Chuimhnigh mé ar an ráiteas sin anois agus aríst le tamall agus mé bodhraithe ag caint agus ag díospóireacht faoin gceiliúradh ar an RIC agus ar an Dublin Metropolitan Police, ócáid arbh éigean í a chaitheadh in aer.

Is léir rud amháin faoi seo: is minic gur slí bheatha nó caitheamh aimsire ag staraithe iad imeachtaí na haimsire a caitheadh, bíodh sin stair na cogaíochta, stair pholaitiúil nó stair shóisialta. Ní hionann an cás ag an bpobal agus ag daoine a bhfuil ceangal idé-eolaíochta, polaitíochta, náisiúnachta, pearsanta nó teaghlaigh acu leis na heachtraí sin. Bíonn na staraithe ag meá na gceisteanna ar bhealach acadúil, go pointe ar chuma ar bith.

Bíonn an pobal mór ag cuimhneamh ar an saol óna gcroí amach agus is ansin atá an buille. Is iontach nár chuimhnigh an tAire Dlí agus Cirt, Charlie Flanagan air sin. Chuirfinn geall, ón méid a chuala mé faoi i lár tíre, go gcuimhneodh a athair Oliver J. Flanagan, T.D., go ndéana Dia grásta air, ar an méid sin. Bheadh Oliver ag éisteacht go grinn leis an ‘gcoiste comhairleach áitiúil’.

Pé ar bith bealach a ngabhfaidh tú dhó, is deacair ócáidí cuimhneacháin a thabhairt slán ó cheisteanna. Tuige an duine seo nó an duine siúd thar dhaoine eile? An ceart a leithéid seo de cheist nó a leithéid siúd d’eachtra a dhúiseacht aríst? Cén mhaith a dhéanfaidh sé?

An raibh an ceart ag Colm Mac Donnchadha nuair a dúirt sé gur fearr cuid den stair a fhágáil mar atá sí?

Ar ndóigh, tá na teoiricí ann gur maith an rud é go labhródh duine amach faoi chuile shórt atá istigh ina chroí agus curtha i bhfolach ina intinn, gan ceilt ná séanadh.

Meas tú?

Tá an leagan eile ann gur cheart chuile shórt a phlé amach go hoscailte ar uairibh, fiú sa gcás go mbíonn salachar agus drochbhlas ag baint leis. Tarraingítear cruinnithe poiblí sa gcaoi agus go dtiocfaidh ‘chuile shórt amach’ agus go mbeidh an t-aer glanta.

Faraor, is minice ná a mhalairt gur amhlaidh a threisítear ar na haighnis agus go neartaítear ar an nimhneas dá bharr.

Má tá stair ceantair le scríobh, ansin scríobhtar é go neamhbhalbh. An ea?

Ar ndóigh tá an tír mhór agus an domhan mór níos iomláine ná na ceisteanna paróistiúla a bheadh i gceist i stair áitiúil.

Ach nach fada go leor againn ag cur ceisteanna faoin méid ceiliúrtha agus cuimhneacháin a dhéanann na hAontachtóirí ó thuaidh ar an aimsir a caitheadh? Creidtear gur rud é a dhúisíonn teannas agus a tharraingíonn achrann – agus rinne. Is minic aird tarraingthe ar an gcaoi go bhfuil ceiliúradh dílis á dhéanamh ar Chath na Bóinne agus an cheist á cur: an bhfuil ciall ná réasún leis? An bhfuil gá leis nó aon tairbhe ag baint leis anois, nó an a mhalairt atá i gceist?

Is minic a chuala mé gur ar éigean a d’éalaigh m’athair mór, Sonaí Josie Phádraig na Coiste ó na Dúchrónaigh agus go raibh spraoi acu ag cur piléir sna cnocáin ina dhiaidh.

Is cinnte go raibh daoine den scoth san RIC agus i bPóilíní Chathair Átha Cliath. Ach bhí na Dúchrónaigh leo an tráth sin agus sin rud a fhágann smál éigin ar íomhá an fhórsa.

An raibh aon ghá aon cheiliúradh ar leith a dhéanamh orthu?

Mar a dúirt Colm Mac Donnchadha, b’fhéidir ‘gur fearr cuid den stair a fhágáil mar atá sí’.

Níos mó