Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-mura-mbionn-spraoi-san-aclaiocht-is-pionos-daor-a-bheas-ann…

Mura mbíonn spraoi san aclaíocht is pionós daor a bheas ann…

| Sinead Ni Uallachain |

Chuala mé scéal aréir a ghoill go mór orm. Labhair mé le cara a d’inis dom go sí ag coinneáil a cuid déagóirí sa mbaile ón traenáil peile mar gheall ar an drochbhail a chuirfeadh sé ar a gcolainn agus iad fós ag fás. 

Ar dtús níor thuig mé céard a bhí i gceist aici go dtí gur thosaigh sí ag cur síos ar an gcineál “traenála” a bhí ar bun ag na buachaillí. Thug sí faoi deara, a deir sí, nach raibh an deifir chéanna orthu ag traenáil agus a bhíodh go hiondúil, agus nuair a thosaigh sí á fhiosrú, fuair sí amach nach raibh siad ag baint aon chraic as níos mó. 

Bhí an spraoi uilig imithe. Bhí sí ag fáil faoi réir le hóráid mhór fhada a thabhairt dóibh faoi go mbeadh ar chuile dhuine beagán fulaingthe a dhéanamh ag tús an tséasúir ag rith go dtí go dtitfeadh a gcuid scamhóg amach ar an bpáirc go dtí gur dhúirt na déagóirí óga léi gur ag crochadh meáchain a bhí siad. 

Arís, níor chuir sé sin mórán aisti go dtí gur insíodh di faoi na modhanna a bhí á múineadh dóibh agus na meáchain a bhí á gcrochadh acu gan aon ullmhú ná cóiriú ceart. 

D’fhiosraigh sí é leis an lucht traenála, thug siad cluas bhodhair di agus ní raibh aon rogha aici ach iad a choinneáil sa mbaile go dtí go mbeadh an fhoireann amuigh ar an bpáirc imeartha arís, ag imirt peile. 

Tá an líon imreoirí CLG atá ag dul faoi scian ag dul i méid chuile bhliain, tá Páirc an Chrócaigh maraithe ag cur amach eolas faoi chláir thraenála, faoi mhatáin, faoi aclaíocht agus chuile shórt eile agus níl siad ag fáil aird an ghadhair agus cnámha agus ballnaisc á gur i mbaol.

Níl aon dochar i gclár traenála meáchain do chuile dhuine beo againn. Go deimhin, má dhéantar i gceart é bainfidh muid tairbhe as amach sna blianta mar gheall ar an gcosaint a thugann sé do chnámha agus láidreacht a chuireann sé ionainn. Ach mura bhfuil sé á dhéanamh i gceart, nó má tá an iomarca traenála á dhéanamh d’fhéadfadh sé gur ar chlár an mháinlia a bheadh tú sula mbeadh 30 coinneal ar do cháca breithlae. 

Ar bhealach, bhí ádh agus mí-ádh ar na buachaillí seo. Ádh go raibh dóthain eolais ag a máthair chun iad a chosaint ó dhrochghortú agus ón traenáil leamh nach raibh ag déanamh mórán maitheasa dóibh, agus mí-ádh mar faoin am a fhillfidh siad ar an bhfoireann beidh siad i gcomórtas leis na buachaillí eile a d’fhan ann don gheimhreadh. 

Ach mar a dúirt sí féin, á dtarraingt abhaile ón bpáirc imeartha a bhí sí le blianta go dtí gur tháinig an réimeas nua seo isteach nuair gur bhuail drogall iad. An chéad rud agus an rud is mó a bhíonn daoine óga ag iarraidh a bhaint as an aclaíocht ná píosa spraoi agus sult.

Mura bhfuil sé sin ann, is pionós é. Pionós a d’fhéadfadh sé go mbeidh cuid acu ag íoc go daor as taobh istigh de scór blianta. Agus tá an baol anois ann go n-aimseoidh na buachaillí seo spórt eile, agus beidh siad caillte ag CLG.

Níos mó