Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-cluiche-rugbai-idir-eirinn-agus-an-iodail-le-cur-ar-ceal-de-bharr-an-choroinviris

An cluiche rugbaí idir Éirinn agus an Iodáil le cur ar ceal de bharr an choróinvíris

| Tuairisc.ie | ,

Tá ráite ag an Aire Sláinte Simon Harris gur cheart an cluiche rugbaí idir Éirinn agus an Iodáil, a chur ar athlá mar gheall ar an gcoróinvíreas.

Phléigh foireann saineolaithe sa Roinn Sláinte tráthnóna tuilleadh réamhchúraimí chun déileáil leis an gcoróinvíreas agus é ina imní go bhféadfadh ráig de teacht go hÉirinn.

Bhí cruinniú ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí tráthnóna chun athbhreithniú a dhéanamh ar ullmhúcháin na hÉireann don ghalar Covid-19 agus tá dlús á chur faoin obair réamhullmhúcháin.

Ba é tuairim na saineolaithe nár cheart an cluiche rugbaí, a bhí beartaithe don 7 Márta, a imirt.

Tá 11 duine básaithe leis an ngalar faoin tráth seo i dtuaisceart na hIodáile.

Tuairiscíodh níos luaithe inniu nach raibh cead isteach ná amach ag óstán in Tenerife toisc an galar a bheith tolgtha ag cuairteoir ann.

Tá saineolaithe ar chúrsaí víris, ar ghalair thógálacha agus ar an leigheas i gcásanna éigeandála ar an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí.

Tá comhairle nua le cur orthu siúd a mbeadh rún acu dul ag taisteal agus ar dhaoine atá ag teacht abhaile ó áiteanna atá buailte ag an víreas. Táthar ag cur comhairle ar dhaoine gan taisteal go dtí an tSín, an tSeapáin, Hong Kong, an Chóiré Theas agus na ceantair san Iodáil a bhfuil srianta curtha i bhfeidhm iontu.

Tá treoracha le heisiúint chomh maith acu i dtaobh ollchruinnithe daoine.

Tá seiceálacha breise le cur i bhfeidhm in aerfoirt na tíre chomh maith.

Tástáladh go n-uige seo nócha duine in Éirinn a raibh amhras ann go raibh an galar tolgtha acu ach níorbh amhlaidh a bhí i gcás aon duine acu.

Dúirt an tAire Sláinte tráthnóna go raibh seans maith ann go dtiocfaí ar chás den ghalar anseo sna laethanta amach romhainn.

Bhí an cruinniú tráthnóna ann chun plé a dhéanamh ar an scéala go bhfuair daoine a raibh an galar orthu bás san Iodáil agus go bhfuil breis is 280 cás aimsithe anois san Eoraip, a bhformhór i dtuaisceart na hIodáile.

Tá cásanna aimsithe chomh maith sa Chróit, san Ostair agus san Eilvéis.

Dúradh le 1,000 duine a bhí ag fanacht in óstán an H10 Costa Adeje Palace i Tenerife na Spáinne fanacht ina seomraí i ndiaidh toradh deimhneach a bheith faighte ar thástáil le haghaidh an ghalair a cuireadh ar dhochtúir as an Iodáil a thug cuairt ar an óstán.

Rinne roinnt daoine as Éirinn atá ag fanacht in Tenerife faoi láthair teagmháil leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha atá ag cur comhairle orthu.

Deimhníodh inniu chomh maith go rabhthas tagtha ar an gcéad chás den choróinvíreas sa Chróit agus san Eilvéis.

Is cosúil go bhfuil beirt i dTioróil na hOstaire atá buailte ag an ngalar freisin.

Ní fios fós cár thosaigh an ráig sin den ghalar ach tá an Tioróil ar theorainn na hIodáile, áit a bhfuil a lán buailte.

Sna figiúirí is deireanaí ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, maítear go bhfuil os cionn 80,000 cás den ghalar dearbhaithe agus go bhfuil 2,698 duine básaithe.

Tá nach mór 300 de na cásanna sin san Eoraip. Tá ráite ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur idir an 23 Eanáir agus an 2 Feabhra a bhí an eipidéim sa tSín i mbarr a nirt agus go bhfuil sé ag dul i léig ó shin. 

Níos mó