Tá Gaeilgeoirí óga idir 8 agus 11 bliain d’aois a bhfuil bua an damhsa acu ag teastáil ón chomhlacht léiriúcháin Macalla Teo le haghaidh sraith clár a chraolfar ar RTÉjr le linn Sheachtain na Gaeilge an mhí seo chugainn.
Ceithre chineál físeáin atá á lorg agus is féidir iad a thaifeadadh ar fhón póca.
Iarrtar ar dhaoine óga amhrán George Ezra ‘Shot Gun’ a bheolbheachtú i nGaeilge, an damhsa Renegade a dhéanamh, do pheata a chur in aithne, nó aon chleas spóirt atá agat a dhéanamh os comhair an cheamara.
Féadfaidh rang scoile, grúpa cairde nó páiste aonair a bheith sna físeáin.
Tá obair déanta ag an chomhlacht Macalla Teo ar go leor scannán agus clár Gaeilge, ina measc Arracht, fadscannán Gaeilge a bheas le feiceáil sna pictiúrlanna go luath.
Is gá na físeáin a sheoladh ar ríomhphost chuig tarlinntv@gmail.com faoin 21 Feabhra.