Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

Is saol deacair é nuair is feimineach thú

| Dáithí Anraí | ,

Katie McGreal

Is feimineach mé toisc go bhfuil mé ag iarraidh go mbeidh saol cothrom ann do chuile dhuine.

Feicim go bhfuil go leor deacrachtaí ann do mhná agus d’fhir mar gheall ar an tsochaí phatrarcach – tá rólanna áirithe leagtha amach dúinn faoin gcóras seo, rólanna nach bhfuil cothromas ag baint leo, ar an dá thaobh. Ach uaireanta aithním go bhfuil tuilleadh deacrachtaí á gcruthú agam féin toisc gur feimineach mé.

Bhí mé ag cruinniú ag an deireadh seachtaine agus le linn an chruinnithe sin, dúradh go raibh fáilte roimh cheisteanna. Chuir mé cúpla ceist agus ansin dúirt cara liom go míneodh sé dom ar ball é. De bharr teangacha éagsula a bheith in úsáid, níor thuig mé céard a bhí i ndiaidh tarlú, ach thuig mé nach raibh mé iomlán compordach leis, go háirithe nuair nár tháinig aon mhíniú i ndiaidh an chruinnithe.

Smaoinigh mé ar mo mhothúcháin féin agus an fáth nach raibh mé compordach leis an easpa mínithe a tugadh dom.

“An bhfuil mé ag dul thar fóir leis seo? An mbaineann an fhearg leis an gcás seo, nó an bhfuil fearg orm de bharr rud éigin eile?” cuid de na ceisteanna a bhí ag teacht chugam.

Thuig mé nach mbeadh mo chara i ndiaidh beag is fiú a dhéanamh dom d’aonturas ach ar deireadh, bheartaigh mé go raibh sé i ndiaidh beag is fiú a dhéanamh dom agus mar sin bhí orm labhairt leis.

Bhí faitíos an domhain orm an glaoch sin a dhéanamh agus an comhrá a bheith agam ach b’fhiú é ar deireadh. Thug sé deis don bheirt againn ár dtaobh a mhíniú agus thuig muid a chéile i bhfad níos fearr.

Bíonn fearg orm fúm féin uaireanta agus mé ag rá liom féin go bhféadfainn neamhaird a dhéanamh de rudaí. Deir an guth sin i mo chloigeann gur mé féin ag cruthú na bhfadhbanna seo. Ní gá dom rud mór a dhéanamh astu. D’fhéadfainn neamhaird a thabhairt ar an mbealach ar mhothaigh mé, ach ní raibh mé in ann agus ní dhearna mé sin, an uair seo. Bheartaigh mé gurbh fhiú an comhrá a bheith againn agus tá mé an-sásta anois gur labhair mé leis.

Seachtain eile b’fhéidir go ndéanfainn cinneadh difriúil faoin gcás céanna, b’fhéidir nach mbeadh an fuinneamh agam tabhairt faoi chomhrá mar sin, ach an tseachtain seo bhí an fuinneamh agam agus tá mé bródúil gur labhair mé leis, agus tá mé an-sásta leis an méid a d’fhoghlaim mé féin as.

Ag fás aníos, dúradh liom agus deir an teaghlach liom anois go fiú nach maith le daoine na comhráite seo a bheith acu agus níor cheart dom bacadh leo. Dúradh liom go gcuireann siad isteach ar dhaoine agus nach mbeadh cairde fágtha agam dá leanfainn orm. Ní hea nach n-aontaím le cuid de sin, ach tá cumarsáid oscailte tábhachtach má táimid lena chéile a thuiscint, fiú más rud míchompordach é ag an am, is fiú é.

Ní rachaidh an comhrá an treo a bhí beartaithe agat gach uair ach éiríonn sé níos fusa an comhrá a thosú agus is cuma céard a tharlaíonn le linn an chomhráite, beidh aithne níos fearr ar an té eile dá bharr.

Níos mó