Lá Fhéile Vailintín
Stair
Féile bhliantúil is ea Lá Fhéile Vailintín a ndéantar ceiliúradh air ar an 14 Feabhra. Ní fios go díreach cad as ar tháinig an lá seo ach deirtear gur eascair sé ón bhféile phágánach darbh ainm Lupercalia, féile a bhí bunaithe ar thorthúlacht. Ach roimh dheireadh an 5ú haois cuireadh cosc air le teacht na Críostaíochta agus tugtar “Lá Fhéile Vailintín” ar an lá as sin amach. Ní raibh sé go dtí níos déanaí sa 4ú haois déag, áfach, gur bhain an lá go sonrach le cúrsaí grá.
Naomh Vailintín? Cé hé?
D’fhéadfadh le Lá Fhéile Vailintín a bheith bunaithe ar bheirt agus fiú sa lá atá inniu ann tá mearbhall ar dhaoine ó thaobh féiniúlachta Naomh Vailintín de. Déanann cuntas amháin cur síos ar Vailintín agus é ina shagairt agus bhain an tImpire Claudius II an ceann dó mar gur phós sé lánúineacha le chéile go mídhleathach. Maíodh i gcuntas eile gur Easpag Therni é agus chuir Claudius II chun báis é ar imeall chathair na Róimhe.
Teanga na mBláthanna
Cad as ar tháinig traidisiún na rósanna do Lá Fhéile Vailintín? Téann an tradisiún seo siar go dtí deireadh an seachtú haois déag nuair a bhí Rí Séarlas III i réim sa tSualainn. D’fhoghlaim sé faoin ealaín nua – teanga na mbláthanna agus é ar thuras thar lear. Bhí an smaoineamh seo dírithe ar a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh trí bhláthanna gan aon fhocal a rá. Tháinig borradh faoin nós thar oíche timpeall na hEorpa. Cuireann dath agus crobhaing na mbláthanna rudaí éagsúla in iúl, mar shampla:
Rósanna dearga – Grá mo chroí thú
Rósanna buí – Cairdeas
Rósanna dubha – Caoineadh
Lá Fhéile Vailintín 2020
Beidh deis ag lánúineacha comhghnéis sna sé chontae pósadh ó Lá Fhéile Vailintín 2020 ar aghaidh den chéad uair riamh toisc gur tháinig an reachtaíocht i bhfeidhm i Mí Eanáir. Bhí ar dhaoine fógra mí amháin a thabhairt áfach. Tháinig an reachtaíocht seo isteach do mhuintir an deiscirt i 2015 agus anois tá an t-oileán ar fad beagnach ar an leathanach céanna ó thaobh cearta pósadh de.
Frásaí
Tá go leor bealaí le cur síos a dhéanamh ar chúrsaí grá i nGaeilge ó na téarmaí céanna go maoithneachas frithghrá. Seo cúpla ceann de na cinn is fearr linn:
Le cur síos a dhéanamh ar thorann póige, úsáidtear an focal siosóg, smaiseog nó flaspóg. Más rud é gur póg bheag atá ann póigín a bheidh i gceist nó glaoitear greim seirce ar cineál póige eile.
Mearghrá – infatuation. Is éard atá i gceist leis an bhfocal mear ná rud éigean atá tapa nó sciobtha
Mí na meala – san am atá thart bhí sé de nós ag an lánúin nuaphósta mí a chaitheamh le chéile, deirtear go dtagann an focal ón smaoineamh gurb í an chéad mhí de phosadh an mhí is deise agus is milse.
Más rud é go bhfuil tú splanctha i ndiaidh duine éigin, ciallaíonn sé go bhfuil tú gafa leo.