Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-stoirm-jorge:-rabhadh-oraiste-o-ghaillimh-go-ciarrai-o-mhean-lae-amarach-agus-rabhadh-dearg-ar-thalamh-rite

STOIRM JORGE: Rabhadh Oráiste ó Ghaillimh go Ciarraí ó mheán lae amárach agus rabhadh dearg ar thalamh rite

| Maire Ni Fhinneadha |

Níl ann ach go bhfuil Ciara agus Dennis bailithe leo agus seo chugainn Jorge agus é féin spréachta, an tríú stoirm an taobh seo domhan an mhí seo. Tá Met Éireann á thuar go mbeidh Jorge, a bhaist lucht meitéareolaíochta na Spáinne, anseo in Éirinn amárach agus lá bisigh curtha ar an mí roimhe.

Ag an tráth seo táthar ag súil go socróidh an stoirm roimh mhaidneachan an Domhnaigh.

Tá rabhadh nó foláireamh oráiste stoirme eisithe ag Met Éireann do chontaetha na Gaillimhe, Mhaigh Eo, an Chláir agus Chiarraí óna sé a chlog maidin amárach. Ag meán lae a thiocfaidh an rabhadh sin i bhfeidhm i gcontaetha Dhún na nGall, Liatroma agus Shligigh.  Aniar aneas a bheidh an gála anocht ó Charn Uí Néid go Ceann Léime agus ó thuaidh go Pointe na Rosann. Aniar a bheidh an gála ó mhaidin amárach agus fórsa 10 agus 11 léi.  Rabhadh buí gaoithe a bheidh i bhfeidhm sa gcuid eile den tír óna naoi a chlog amárach. Tá Met Éireann ag tuar go bhféadfadh luas idir 65 agus 80 ciliméadar san uair a bheith leis an ngaoth amárach agus siotaí ann a bheidh idir 110 agus 130 ciliméadar san uair agus b’fhéidir níos tréine ná sin ar chósta rite. Ní nach ionadh, le cósta is déine a bheidh an ghaoth agus tá rabhadh dearg i bhfeidhm ar an gcósta agus fórsa stoirme 10 nó 11 á thuar le farraige.

Bhí cruinniú ag an nGrúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandála ar maidin agus iad ag plé na stoirme agus na dtuilte atá forleathan de bharr a bhfuil de bháisteach caite aige le mí. Doirteadh trom eile atá geallta an deireadh seachtaine agus an talamh báite cheana ach d’fhéadfadh tuilte agus fuarlaigh a bheith le cósta freisin anocht agus amárach de bharr na stoirme agus farraige cháite.

Dúirt an tAire Tithíochta, Pleanála, agus Rialtais Áitiúil, Eoghan Murphy, tar éis chruinniú an Ghrúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandála ar maidin “go rabhthas ullamh do ghéarchéim in go leor áiteanna ar fud na tíre d’fhonn daoine agus sealúchas a chosaint”.

An chomhairle is fearr atá á cur ar dhaoine a bheidh cois cósta, a dúirt an tAire:

“Fanaigí suas ón bhfarraige, fanaigí ar thalamh ard agus fanaigí tirim. Is in olcas a rachaidh cúrsaí agus beidh stoirmeacha fórsa 10 ag bascadh an chósta amárach. Beidh sé ina  stoirm ar fud an tíre uile amárach agus d’fhéadfadh siotaí contúirteach aon áit sa tír a bhualadh.

“Mar bharr air sin d’fhéadfadh sé a bheith ag cur sneachta nó a bheith ina stoirm thoirní in áiteanna. Caithfear a bheith an-airdeallach ar fhaitíos go leagfaí aon chrann nó go mbeadh smionagar contúirteach ag imeacht le gaoth.”

Tá iarrtha ag an nGarda Síochána ar thiománaithe gan dul ar aon aistear amárach mura bhfuil an-ghéarghá lena dturas agus a gcuid pleananna don deireadh seachtaine a mheas go cúramach.

Mura bhfuil aon rogha ag duine ach tabhairt faoin mbóthar, d’iarr na Gardaí orainn an aimsir agus cúrsaí bóithre a sheiceáil sula dtabharfaidh siad faoi aistear ar bith go dtí go mbeidh an stoirm seo imithe tharainn agus eolas faoinár dturas a fhágáil ag duine éigin.

Mar is iondúil aimsir stoirme tá sé ina imní go mbeidh línte aibhléise curtha go talamh agus daoine fágtha gan aibhléis ach deir an BSL go bhfuil 1700 oibrí dá gcuid réidh le tabhairt faoi aon obair dheisithe a bheidh le déanamh de bharr Stoirm Jorge.

D’iarr an Bord Soláthair Leictreachais ar an bpobal a bheith fíorchúramach agus “fanacht glan ar aon línte cumhachta nó aon chrainnte’ a bheadh leagtha ag Jorge.

D’iarr an tAire Murphy ar dhaoine aird a thabhairt ar aon fhógraí a eiseoidh Met Éireann go rialta.

Deirtear gur mhaith an rud súil a choinneáil ar aon seanduine a bheadh sáinnithe sa teach nó faoi imní amárach.

Breathnaíonn sé gur an teallach is sábháilte muid amárach, tine bhreá thíos, tóirse in aice linn agus síonaíl na stoirme ina suantraí againn.

Níos mó