Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-the-bonney-men-agus-imeachtai-eile

The Bonney Men agus imeachtaí eile

| Sinead Ni Uallachain |

The Bonny Men // Ionad Ealaíon The Duncairn, Béal Feirste Dé hAoine, 14 Feabhra @ 19:00

Tá albam nua ag The Bonny Men, The Broken Pledge atá air. Tá sé seolta acu cúpla babhta cheana féin ach níl deireadh lena gcamchuairt chun toradh a gcuid oibre le tamall anuas a chur os comhair na ndaoine! Is i mBéal Feirste a bheidh siad in Ionad Ealaíon The Duncairn inniu, Lá Fhéile Vailintín. Go n-éirí leo.

Scoil Cheoil an Earraigh // Corca Dhuibhne, ón 19ú Feabhra ar feadh  cúig á, ionaid éagsúla

Ní fada uainn Scoil Cheoil an Earraigh! Is ar leithinis Chorca Dhuibhne a bhíonn an fhéile bhliantúil cheoil seo ar bun — meascán de cheardlanna, ceolchoirmeacha, seisiúin agus cuileachta! Maireann sé ar feadh tréimhse cúig lá agus is ar an 19 Feabhra a chuirfear tús leis. Beidh tú in ann tú féin a chlárú Dé Céadaoin seo chugainn chun do chuid spéise a léiriú sna ranganna agus is ar an oíche sin chomh maith a bheidh an oscailt oifigiúil ar siúl. 

Ceol, comhluadar agus amhráin a bheidh le clos ós na múinteoirí agus na haíonna speisialta, chomh maith le ceoltóirí óga. Is é Cathal Goan a sheolfaidh agus ina dhiaidh cloisfear Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill le roinnt amhrán. Beidh siad le clos chomh maith ar an Déardaoin in Ionad álainn an Bhlascaoid i nDún Chaoin. An tráthnóna céanna seolfar dlúthdhiosca le ceoltóir áitiúil, Nicole Ní Dhubhshláine, agus a comrádaí, Kyle Macaulay i dTigh Bhric. Tá imeachtaí go leor eile beartaithe – ach ná glac uaimse é – téir chomh fada le scoilcheoil.com go gcífidh tú féin gach atá ar an gclár.

Oíche Eolais ag An Pobal Rua // An Crompán, An Cheathrú Rua, Dé Máirt, 18 Feabhra @ 19:00

Eagrófar oíche eolais ar an gCeathrú Rua Dé Máirt seo chugainn. Tá an oíche eolais seo eagraithe ag dream a thugann An Pobal Rua orthu féin agus é dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge. Tá an grúpa ag iarraidh freastal orthu siúd sa phobal a bhfuil riachtanais éagsúla acu ó thaobh na teanga de — daoine ar glantosaitheoirí iad, nó iad siúd a bhfuil Gaeilge acu ach nach bhfuil sé de mhuinín acu í a labhairt go hoscailte. Pléifear na féidearthachtaí atá ann chun snas a chur uirthi — an é gur ranganna atá de dhíth, nó deiseanna labhartha amach anseo! Is ócáid dhátheangach a bheidh i gceist, agus fáilte mhór roimh éinne a bhfuil spéis acu freastal uirthi!

Nuadán // Maureen’s, Droichead na Bandan, Corcaigh, Déardaoin 20 Feabhra @ 20:00

Beidh an banna Nuadán ar an mbóthar go luath agus iad i Maureen’s i gCorcaigh. Bí leo i nDroichead na Bandan Déardaoin beag seo, óna hocht!

Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge // Dé hAoine 21 Feabhra, Gaillimh

Is í an Ghaillimh Príomhchathair Chultúrtha na hEorpa do 2020 agus dá bharr, imeachtaí go leor le bheith ar siúl Cois Coiribe i rith na bliana. Ina measc, Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge! Is ón Aoine seo chugainn ar aghaidh a bheidh sé ar siúl, ach más mian leat freastal air, ní mór duit teachtaireacht a sheoladh chuig lucht an Chonartha roimh dheireadh an lae inniu (ciaran@cnag.ie)! ‘Oideachas, Reachtaíocht & Toghcháin’ plé na hArd-Fheise faoi chathaoirleacht Mháirín Ní Ghadhra. Seolfar Seachtain na Gaeilge le Energia in Ionad siopadóireachta na cathrach agus beidh seisiún ceoil agus seisiún spraoi do theaghlaigh ar siúl in Áras na nGael, mar chuid den gclár. Beidh deis acu siúd a bheidh i láthair taispeántas ó Chartlann an Chonartha a fheiscint agus suí chun boird do dhinnéar na hArd-Fheise chomh maith, ócáid ag a mbronnfar Gradam an Uachtaráin ar Ghearóid Ó Tuathaigh.

Níos mó