Vótáil in Éirinn – cén córas atá againn?
Léargas agus modh oibre
Tá an córas Aonvóta Inaistrithe againn ón neamhspleáchas sa bhliain 1922 – tá an córas seo luaite i mBunreacht na hÉireann. Mar vótálaí níl ort ach uimhir a 1 a chuir in aice leis an iarrthóir is fearr, uimhir a 2 in aice leis an dara ceann is fearr agus araile. Níl ort uimhir a chuir in aice le gach iarrthóir, is féidir leat stopadh ag 1 más maith leat. Ach nuair a roghnaíonn tú uimhir a 2, a 3 agus araile tá seans níos fearr ag na hiarrthóirí sin a bheith tofa, mura bhfuil na vótaí sin ag teastáil ó do chead rogha.
Is í an aidhm atá ag an gcóras ionadaíocht chionmhar seo ná an méid is mó rogha a chomhaireamh agus is féidir. Is é sin an fáth go bhfuil níos mó ná suíochán amháin i ngach dáilcheantar.
Bíonn an córas seo ag oibriú ar chóras cuótaí -is éard atá i gceist le cuóta ná gach duine a chaith vóta bailí, roinnte ar an méid suíochán atá ar fáil sa cheantar móide a haon, agus móide a haon den uimhir sin.
Samplaí den chóras in úsáid
Samhlaigh go bhfuil trí shuíochán ag dul sa dáilcheantar seo, agus caitheadh 1,000 vótaí bailí. Beidh an cuóta 251 (1,000 roinnte ar 3 suíochán, móide 1 (4) = 250 móide 1 = 251)
Máire | 300 |
Ashling | 200 |
Seán | 200 |
Pádraig | 200 |
Síle | 100 |
Beidh Máire tofa, agus téann na 49 vóta eile nach raibh ag teastáil uaithi chuig an uimhir a 2. Samhlaigh go ndeachaigh 39 chuig Ashling, agus 10 go Seán.
Máire (Tofa) | 251 |
Ashling | 239 |
Seán | 210 |
Pádraig | 200 |
Síle | 100 |
Mar atá feicthe agat, ní bhfuair aon duine an cuóta (251) an babhta seo. Mar sin, gheobhaimid réidh leis an duine a fuair na vótaí is lú – Síle.
Téann a cuid vótaí go Pádraig (51), Seán (38), agus Ashling (10). Níor luaigh duine amháin aon rogha eile, agus mar sin tá siad neamh-inaistrithe.
Máire | 251 (Tofa) |
Pádraig | 251 (Tofa) |
Ashling | 249 |
Seán | 248 |
Síle | 100 (Díbeartha) |
Neamh-inaistrithe | 1 |
Anois tá an méid ceart ag Pádraig chun a bheith tofa. Níl aon bharrachas agus mar sin níl aon vótaí le dáileadh. Mar sin bheadh Seán imithe as an rás mar fuair sé an méid vótaí is lú as na daoine atá fágtha. Níl aon duine eile fágtha chun an tríú suíochán a thógáil, agus mar sin bheadh Ashling tofa gan an cuóta a bheith bainte amach aici.
Bheadh an toradh mar seo:
Máire | 251 (Tofa) |
Pádraig | 251 (Tofa) |
Ashling | 249 (Tofa) |
Seán | 248 (Díbeartha) |
Síle | 100 (Díbeartha) |
Neamh-inaistrithe | 1 |
Comparáid le tíortha eile
Aonvóta Inaistrithe | An chéad duine abhaile |
Dáilcheantair il-suímh | Dáilcheantair le suíocháin amháin |
Vótáil ilroghnach | Vótáil rogha amháin |
Suíocháin líonta ó ‘chuóta’ | Suíocháin líonta ón méid vótaí |
Is é ‘an chéad duine abhaile’ an córas atá in úsáid sa Ríocht Aontaithe, agus an chuid is mó de na Stáit Aontaithe. Ciallaíonn ‘an chéad duine abhaile’ ná an duine a fuair an méid is mó vótaí sa dháilcheantar sin. Ní féidir leat vóta a chaitheamh ach ar son duine amháin.
Buntáistí & míbhuntáistí an chórais
An buntáiste is mó le hionadaíocht chionmhar ná gur córas cothrom é ó thaobh an daonlathais de. Tá gach uile vóta san áireamh agus chomh maith leis an dara agus an tríú rogha atá ag gach duine. Cuireann an córas seo rannpháirtíocht an vótálaí chun cinn. Chomh maith leis sin is féidir le daoine as na bpáirtithe beaga a bheith tofa agus cuidíonn sé sin le cobhsaíocht shóisialta trí neartú a dhéanamh ar an bpróiseas daonlathach.
Is é an príomhmhíbhuntáiste a bhaineann le hionadaíocht chionmhar ná go mbíonn comhrialtas i gceist leis an chuid is mó den am. Is féidir leat a rá gur buntáiste é sin freisin, mar cuireann sé iallach ar na bpáirtithe a bheith obair le chéile. Deirtear freisin nach féidir comhréiteach a dhéanamh ar polasaithe áirithe seasamh a bhíonn lárnach mar chuid den fheachtas roimh an toghchán nuair a bhíonn páirtithe ag soiléiriú a gcuid bunéileamh.