Tá an cluiche cáilithe do EURO 2020 idir Éirinn agus an tSlóvaic le himirt agus gan aon lucht féachana i láthair.
I ráiteas a chuir an FAI amach tráthnóna, dúradh gur ordaigh rialtas na Slóvaice nach mbeadh aon lucht féachana i láthair ag an gcluiche a imreofar ar an 26 Márta.
Tabharfar luach a thicéid ar ais d’aon duine a raibh sé i gceist acu freastal ar an gcluiche sa Bhratasláiv.
Tuairscíodh chomh maith inniu go bhfuil na heitiltí go léir atá ag Ryanair chun na hIodáile, as an Iodáil agus laistigh den Iodáil féin á gcur ar fionraí go dtí an 8 Aibreán.
Meán oíche san oíche amárach a chuirfear stop le heitiltí an chomhlachta laistigh den Iodáil agus meán oíche Dé hAoine a chuirfear stop leis na heitiltí idirnáisiúnta.
Dúirt an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney níos túisce inniu nár cheart d’aon duine as an tír dul go dtí aon áit san Iodáil mura bhfuil fíorphráinn lena dturas.
I dtvuít a chuir sé amach dúirt an tAire Coveney go raibh an chomhairle sin á cur orainn i bhfianaise ‘cúrsaí mar atá laistigh den Iodáil” faoi láthair.
Tá srianta taistil curtha i bhfeidhm ar fud na hIodáile ar fad ón lá inniu ar aghaidh agus cosc curtha ar chruinnithe poiblí. 9,172 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe san Iodáil go dtí seo agus tá 463 duine curtha den saol aige.
Tá an 60 milliún duine a chónaíonn san Iodáil gaibhnithe ón lá inniu amach agus na srianta taistil i bhfeidhm sa tír uilig seachas mar a bhí go dtí seo, sna ceantair sa tuaisceart ba mheasa a bhí buailte ag an gcoróinvíreas
Dúirt Simon Coveney gur iarrachtaí chun an galar a shrianadh atá ar siúl anseo in Éirinn go fóill agus gur as Tuaisceart na hIodáile a tháinig an chuid is mó de 24 cás atá aimsithe sa tír seo.
“Táimid ag iarraidh déileáil leis an ráig seo ar bhealach cuí. Is mian linn cloí le comhairle na saineolaithe sláinte phoiblí. Caithfear éisteacht le comhairle na saineolaithe sin,” a dúirt an Tánaiste.
Táthar á thuar go mbeidh an ráig den choróinvíreas sa Ríocht Aontaithe i mbarr a nirt sa gcoicís seo amach romhainn, dar leis an bpríomhoifigeach leighis i Sasana.
Chosain an Dr Jenny Harries cinneadh an rialtais thall gan na scoileanna a dhúnadh ná srianta dochta eile a thabhairt isteach go fóill toisc, a dúirt sí, go raibh na saineolaithe ag déanamh measúnú ar chásanna nua gach uair an chloig ionas go mbeidh siad faoi réir le teacht ar “réiteach stuama”.
Tá a gcuid eitiltí ar fad chun na hIodáile agus as an Iodáil curtha ar ceal ag British Airways.
Bhí a gcuid eitiltí go dtí tuaisceart na hIodáile curtha ar ceal acu ó inné.
Tá beagnach 115,000 duine buailte ag Covid-19 ar fud an domhain anois agus breis is 4,000 duine curtha den saol aige. Ach is fiú cuimhneamh go bhfuil biseach tagtha ar bhreis is 64,000 ón ngalar.
Ní bheidh ceannairí Stormont ag dul chun na Stát Aontaithe níos deireanaí an tseachtain seo le freastal ar imeachtaí na Féile Pádraig in Washington mar a bhí i gceist acu.
D’fhógair Príomh-Aire na Polainne Mateusz Morawiecki go raibh cosc ar aon ollchruinnithe de bharr an ghalair.
17 cás den ghalar atá deimhnithe sa Pholainn go dtí seo agus deir lucht leighis ansin go bhfuil drochbhail ar chuid de na hothair sin.
Tá Poblacht na Seice chun gach scoil sa tír a dhúnadh agus níl aon dáta socraithe acu lena n-oscailt arís. Chomh maith leis sin tá cosc le cur ar aon ócáid ar a mbeadh níos mó ná 100 duine ag freastal.
Sa tSín thug an tUachtarán Xi Jinping cuairt ar Wuhan, an chéad uair aige dul ansin ó bhuail an coróinvíreas an áit ar dtús. Meastar gur comhartha atá sa gcuairt seo go gcreideann na húdaráis i mBéising go bhfuil ag éirí lena gcuid iarrachtaí sláinte.
Tá scaipeadh an ghalair sa tSín maolaithe go mór le seachtain agus tá na húdaráis ansin ag díriú anois ar chosc a chur ar iompórtáil an ghalair as na háiteanna is measa atá buailte – an Iaráin, an Iodáil agus an Chóiré Theas