Tomhais Méid Mo Ghrá Duit! – tuilleadh scéalta i nGaeilge do na páistí sa mbaile
Tá Glór na nGael ag meabhrú do dhaoine cuid de na hacmhainní Gaeilge do pháistí atá ar fáil ar líne. Ar na hacmhainní sin, tá roinnt scéalta i nGaeilge do pháistí a d’fhoilsigh Walker Éireann. I measc na saothar ar féidir éisteacht leo tá Tomhais Méid Mo Ghrá Duit, Stiúcaí Stiúgtha agus Ar Strae Beagán ar fáil ag Glór na nGael ar Soundcloud.
Má tá aon mholtaí agat do nascanna úsáideacha eile seol ríomhphost chuig dara@glornangael.ie.