Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-covid-19:-1,773-cas-de-covid-19-deimhnithe-in-eirinn-agus-beirt-eile-basaithe

COVID-19: 1,773 cás de Covid-19 deimhnithe in Éirinn agus beirt eile básaithe

| Tuairisc.ie | ,

Tá 1,773 cás de Covid-19 deimhnithe in Éirinn agus beirt eile a bhí buailte ag an aicíd básaithe.

235 cás nua a fógraíodh ó dheas tráthnóna agus fógraíodh 35 cás nua ó thuaidh níos túisce inniu.

Tá beirt eile a bhí buailte ag an aicíd básaithe ó dheas, bean san oirthear a raibh fadhb eile sláinte aici agus fear san oirthear.

Seisear déag leis an aicíd atá básaithe in Éirinn, naonúr ó dheas agus seachtar ó thuaidh.

Scaipeadh i measc an phobail ab údar le nach mór leath (49%) de na cásanna ó dheas faoi mheán oíche Dé Luain.

1,564 cás atá anois ó dheas, a dhá oiread is a bhí agus 209 atá cás ó thuaidh. Tá beirt eile le Covid-19 básaithe ó dheas.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte ó dheas, 39 duine a bhí in aonaid dianchúraim de dheasca Covid-19 faoi mheán oíche Dé Luain seo caite. B’ionann sin agus 2.5% de na cásanna deimhnithe go léir.

Staitisticí ospidéil
Líon iomlán na gcásanna 1164
San ospidéal 305
In Aonad Dianchúraim 39
Líon na mbásanna 7
Ráta báis 0.6
Líon na n-oibrithe sláinte 283
Aois ar an meán 45
Líon na mbraislí cásanna 63

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris níos túisce inniu gur i dtús na práinne atá an tír seo agus luaigh sé go háirithe an imní atá ann faoi líon na n-othar atá á gcur isteach in aonaid dianchúraim sna hospidéil.

Dúirt an tAire go raibh an acmhainn atá sa tseirbhís sláinte ag feabhsú gach uile lá ach dá mhéad leapacha breise a chuirfí ar fáil nár leor iad  mura gcuirfí srian ar scaipeadh an víris.

Maidir leis na figiúirí is déanaí ón Ronn Sláinte:

  • Fir a bhí i gceist le 55% de na cásanna agus mná iad 44%
  • Bhí 63 braisle i gceist ar bhain 289 cás leo
  • An aois ar an meán a bhí ann i measc na n-othar ná 45 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 305 duine, nó 26%
  • As na daoine sin, cuireadh 39 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 283 cás, nó 24%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 559 cás, nó 57%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 133 cás, nó 11%
  • 40 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe, 33 a bhí i gcontae Chiarraí, 11 cás bhí i nDún na nGall, 15 cás a bhí i bPort Láirge agus 24 cás a bhí i gcontae na mí
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 49% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 23% agus taisteal thar lear ba chúis le 28%

Dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go bhfuil seachtar a raibh Covid-19 orthu anois básaithe.

Magdalene Mitchell, bean 80 bliain d’aois as an Tuaisceart a bhí buailte ag Covid-19, an duine is déanaí le Covid-19 a fuair bás ó thuaidh. Dúirt a gariníon leis an BBC go raibh cion ag cách ar a seanmháthair. Bhí Magdalene Mitchell ina cónaí i dteach altranais agus buaileadh tinn í cúig lá ó shin.

Tá ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil an chuma air faoi láthair nach mbeidh 15,000 cás den Covid-19 deimhnithe sa tír seo roimh dheireadh na míosa, rud a bhí á thuar aige roimhe seo.

“Tá beagnach 200 cás nua á n-aimsiú gach lá go fóill agus ní féidir linn a cheapadh go bhfuil an víreas seo á sháinniú againn go dtí go dtosóidh líon na gcásanna nua ag titim gach uile lá,” a dúirt sé.

Dúirt Príomhoifigeach Sláinte na tíre seo, an Dr Tony Holohan go raibh laghdú suntasach tagtha ar an líon teagmhálaithe a bhí ag othair, ó thart ar 20 duine go dtí cúigear, ach dúirt sé go raibh sé i bhfad róluath go fóill aon uchtach a bhaint as an laghdú sin.

Cháin an tAire Sláine Simon Harris an mínós atá ar bun ag daoine áirithe a bheith ag casacht san éadan ar dhaoine agus físeán den bheart a chur amach ar na meáin shóisialta. Dúirt an tAire go ndearna beirt a leithéid leis féin Dé Máirt. “Ní haon chluiche é an nós sin. Is mór an ghráin é,” a dúirt sé agus gheall sé go gcuirfí an dlí i bhfeidhm go géar ar aon duine a dhéanfadh a leithéid.

Gabhadh beirt i mBÁC as a bheith ag casacht san aghaidh ar ghardaí a bhí ag iarraidh scaipeadh a chur ar ghrúpaí móra daoine óga.

Tá na Gardaí ag iarraidh ar dhaoine scéal a thabhairt dóibh sa chás go mbeadh aon duine ag casacht sa mhullach orthu nó ag caitheamh seilí leo chun imeaglú a dhéanamh orthu.

Bhí an Taoiseach agus an tAire Sláinte ag caint ag preasócáid i dTithe an Rialtais tráthnóna mar ar seoladh bileog eolais nua faoin gcoróinvíreas a bheidh á seachadadh chuig gach teaghlach sa tír tríd An Post.

Idir an dá linn, Is mó daoine atá curtha den saol ag Covid-19 sa Spáinn ná sa tSín faoin tráth seo. Ba é inné an lá ba mheasa fós sa Spáinn agus fógraíodh gur bhásaigh 738 duine a raibh an galar tolgtha acu inné. Bhí ardú 20% go dtí  47,610 duine ar an líon a raibh sé deimhnithe go raibh an aicíd tolgtha acu.

Tá 3,434 duine curtha den saol ag an gcoróinvíreas sa Spáinn anois, 149 duine níos mó ná a bhásaigh sa tSín ón ngalar. An Iodáil is measa atá buailte ag an bpaindéim. Tuairiscíodh 683 bás eile sa tír sin tráthnóna, i gcomparáid le 743 bás inné, rud a fhágann gur 7,503 duine le Covid-19 atá básaithe anois sa Iodáil.

New York Army National Guard Soldiers erect a frame during the placement of tents at the New York-Presbyterian-Hudson Valley Hospital in Cortlandt Manor, N.Y., as medical facilities prepare for the response to the outbreak of COVID 19 patients March 20, 2020. The Soldiers are part of the statewide effort to deploy National Guard members in support of local authorities during the pandemic response. U.S. Army National Guard photo by Col. Richard Goldenberg.

Tá an ráig den choróinvíreas ag gabháil in olcas ar fud na Stát Aontaithe agus é scaipthe amach go rábach as na háiteanna ba mheasa a bhí buailte go dtí seo – Nua-Eabhrac, California agus stát Washington. Tá Louisiana agus Iowa fógartha mar láithreacha éigeandála feidearálacha anois.

D’fhógair an Teach Bán agus ceannairí an dá mhórpháirtí sa Seanad go raibh bille éigeandála á rith chun $2 trilliún a chur ar fáil le cuidiú a thabhairt do ghnóthaí, d’oibrithe agus don chóras sláinte agus iad ag iarraidh déileáil le paindéim an choróinvíris.

Tá dianghlasáil curtha i bhfeidhm ar 1.3 billiún duine san India agus an aicíd ag leathadh go tréan ansin.

I dtuairisc ón Imperial College in Ollscoil Londan, maítear go bhfuil chuile chosúlacht ar chúrsaí gur oibrigh an dianghlasáil agus an scoitheadh sóisialta a chuir rialtas na Síne i bhfeidhm go docht in Wuhan agus i gcúigí eile le scaipeadh an choróinvíris a chur faoi chois.

D’fhéadfadh gur bealach a bheadh sa gcur chuige sin leis an saol a chur ina cheart arís, a dúradh.

Dúirt an tOllamh Niall Ferguson, ceann foirne an taighde san ollscoil sin go raibh “údar dóchais éigin” ina gcuid anailíse féin do na tíortha eile ar fad atá ag déileáil leis an bpaindéim faoi láthair. Dúirt sé go bhféadfaí an scoitheadh sóisialta a mhaolú nuair a bheadh líon na gcásanna íslithe.

Ach chaithfí bearta eile a thabhairt isteach ansin ionas nach dtiocfadh borradh an athuair faoi ionfhabhtuithe.

Dúirt Ferguson chomh maith má bhí fúinn an dianghlasaíl a mhaolú go gcaithfí “tástálacha a dhéanamh go gasta agus go seasta agus na polasaithe maidir leis an scoitheadh sóisialta a chur i bhfeidhm go docht ar othair agus ar a lucht teagmhála”.

Tá sé deimhnithe ag teaghlach ríoga Shasana go bhfuil an coróinvíreas tolgtha ag mac na Banríona, Prionsa Séarlas Shasana ach nach bhfuil sé buailte go dona agus go bhfuil sé “i ndea-shláinte’ thairis sin. Níl Séarlas ag coinneáil na leapa agus tá sé ag leanúint air lena chuid oibre, a dúradh. Measann dochtúirí nach mbeadh aon duine in ann an galar a thógáil uaidh roimh an 13 Márta agus an lá roimhe sin a bhí sé i gcuideachta a mháthar go deireanach.

Níos mó