Imeachtaí Gaeilge ar líne don choraintín
Is deis í seo píosa Gaeilge a chleachtadh thar am lóin. Beidh Lón ag gach leibhéal ag Gael Linn ar an Aoine ag 12:30 freisin. Is gá go mbeadh cuntas Zoom agat le bheith páirteach mar eolas.
Bíonn “Scéal an Lae” le Futa Fata ar siúl ag 11:00 gach maidin ar cuntas Facebook agus Instagram.
Ceann maith do na páistí é an ceann seo!
Déantar Tráth na gCeist a shruthú beo ar YouTube le @BLOCTG4 agus @misteil. Is féidir breathnú siar ar Facebook nó YouTube.
“Sure cad eile a bhéas ar siúil agat?”
Beidh Pop Up Gaeltacht ar an Satharn seo chugainn. Beidh sé ar fáil trí Zoom. Cuirfear tús leis ag 12:00 PST / 19:00 GMT.
Is féidir teacht ar thuilleadh eolais anseo.
Tháinig Meon na mBan le cheile thar Skype le linn dhúnadh na scoileanna agus roinnt gnóanna de dheasca COVID-19. Labhair Lucy de Faoite, Fiona Ní Gháibhín, Emma agus Éirin Ní Chearúil lena chéile faoina bheith i gcoraintín.
Tabhair cluas dóibh anseo.
Bíonn rang ióga i nGaeilge ar fáil don teaghlach ar fad. Síneadh do chorp, anáil isteach agus amach.
Lig do scíth agus bain sult as Ióga 🧘♀
Tá go leor ceoltóirí ag sruthú beo ar líne le déanaí mar chuid den tsraith #TogetherAtHome. Bhí Christine and the Queens, Vance Joy, Picture This agus Garth Brooks ina measc.
Coinnigh súil ar @RaidióRíRá don nuacht is déanaí a bhaineann le ceolchoirmeacha ar líne.
Foireann PEIG.ie