Maidin Fhómhair le Ériú
In 2016 tháinig Jaff Piobaire, Frank Cassidy agus Caoimhe Ní Chathail le chéile chun banna ceoil a bhunadh. Le ceithre bliain anuas, bhí an triúr ag obair go díograiseach chun albam úr a chur le chéile agus é anois seolta acu.
Is í Caoimhe an phríomhamhranaí sa ghrúpa, seinneann Jaff na píobaí agus na feadógaí agus bíonn Frank ag seinm an ghiotár agus an bouzouki.
Ar na mallaibh chuaigh an banna ceoil ar chamchuairt thart Bheál Feirste, chun a chéad albam, Maidin Fhómhair a sheoladh. Bhí an deis ag Meon Eile iad a fheiceál in áiteanna cosúil le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus Raidió Fáilte.
Ar an chéad albam seo, is féidir ceol traidisiúnta agus ceol comhaimseartha a chloisteáil. Tá astrúchan deánta ag Ériú ar amhráin cáiliúla, cosúil le The Beetles agus Edith Pief.
Bhuail Meon Eile le Caoimhe i ndiaidh ceann de na gigeanna iontacha agus labhair sí linn faoin albam agus cad a spreag siad agus Maidin Fhómhair a scríobh acu.
Tá an albam nua ar fáil anois agus is féidir éisteacht leis ar bandcamp.com agus ar Spotify. Le tuilleadh eolais a fháil ar an albam nó ar Ériú iad fhéin, téigh anseo.