Home
FAQ's
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-n’fheadar-dia-na-duine-cen-bhreith-a-thabharfaidh-reeling-in-the-years-ar-an-treimhse-seo

N’fheadar Dia ná duine cén bhreith a thabharfaidh Reeling in the Years ar an tréimhse seo

Is ait an mac an saol na laethanta seo. Tá an víreas corónach scaipthe sna ceithre hairde, an t-oileán beag seo againn féin san áireamh. Dá bharr, ní féidir luí ar chnaipe an chianrialtáin gan áiteamh, tuairim nó nuacht te bruite faoin víreas a bheith os do chomhair. Táimid ar fad anois inár saineolaithe faoin gcuar úd agus an tábhacht a bhaineann len é a leibhéaladh. Táthar ag meabhrú dúinn i rith an ama an tábhacht a bhaineann le do lámha a ní agus gan ligint do shraoth nó casacht imeacht le gaoth ach isteach i gciarsúr nó i lúb na huillinne (dar liom gur comhairle í sin a cheart glacadh lé fiú mura bhfuil víreas sa mhullach orainn). Téamaí eile na tréimhse ná an “scoitheadh sóisialta” (social distancing), an “contact tracing” is an “féinleithleisiú” (self-isolation) agus lucht leighis ag maíomh arís is arís eile gurb iad sin na huirlisí is cumhachtaí atá againn leis an víreas a chloí.

Bhí Claire Byrne í féin i mbun an fhéinleithleisithe ar an Luan agus b’éigean di a clár a láithriú ón mbothán i mbun an gharraí. Cé gur sciobóilín beag deas é, b’ait an feic é. Cuireadh imeachtaí Lá le Pádraig ar ceal agus lena cheart a thabhairt do RTÉ dheineadar iarracht an t-easnamh a chúiteamh le ‘paráid fhíorúil’. Lena chois sin tá an stáisiún imithe i mbun comhghuaillíochta le tionchairí aitheanta le dul i ngleic leis an mbailitheacht trí ghníomhaíochtaí cruthaitheacha laethúla a cheapadh don lucht féachana. 

Is dóigh liom gur shroich an rabharta airde láin (go dtí seo) ar an Máirt le haitheasc an Taoisigh don phobal. 

Bhí air siúl ar an tanaí san óráid seo mar cé nár theastaigh uaidh scéal chailleach an uafáis a dhéanamh de chúrsaí bhí air a chur ina luí ar an bpobal nach aon dóithín é an víreas agus go dtógfaidh sé am, íobairtí, fuinneamh, seiftiúlacht, airgead, tréaniarracht ó lucht leighis agus comhoibriú an phobail leis an gceann is fearr a fháil air. 

“Not all superheroes wear capes, some wear scrubs and gowns,” a dúirt sé agus é ag tagairt d’obair na gcapall atá (agus a bheidh) lucht leighis ag déanamh. 

Chuir sé ina luí orainn gurb é seo an ciúnas roimh an anfa agus nuair a thiocfadh an crú ar an tairne “never will so many ask so much for so few.”

Shín sé méar i dtreo na meán sóisialta as ucht a bheith ag cur leis an sceimhle i measc an phobail. Is fíor dhó. An raiméis agus an chomhairle gan bhunús chéanna ag scaipeadh ar ghrúpaí WhatsApp ar luas lasrach. Dar leis gur measa an sceimhle ná an víreas agus cearca an phrompa na meán sóisialta ag imeacht le craobhacha. 

B’ait an lá é, b’ait an tseachtain í agus is ait agus is cinniúnach an tréimhse í. N’fheadar Dia ná duine cén bhreith a thabharfaidh Reeling in the Years ar an tréimhse seo i bhfad na haimsire. 

Níos mó

Breandán M Mac Gearailt

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge