Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘rithabhachtach’-go-gcuirfi-eolas-faoin-bpaindeim-ar-fail-i-mionteangacha

‘Ríthábhachtach’ go gcuirfí eolas faoin bpaindéim ar fáil i mionteangacha

Deir Comhairle na hEorpa go bhfuil sé “ríthábhachtach” do shláinte cainteoirí mionteangacha go gcuirfí eolas faoin bpaindéim ar fáil dóibh ina dteangacha féin.

Agus an saol curtha bunoscionn ag an bpaindéim, dúirt Comhairle na hEorpa nár chóir do thíortha dearmad a dhéanamh ar theangacha mionlaigh.

D’eisigh Comhairle na hEorpa a ráiteas tráth a bhfuil sé i gceist ag an Roinn Sláinte leagan Gaeilge dá leabhrán eolais faoi Covid-19 a dháileadh ar theaghlaigh an stáit.

Dáileadh leagan Béarla den leabhrán ar gach tigh sa stát an tseachtain seo caite agus tá leagan Gaeilge agus leagan Béarla den leabhrán ar fáil ar líne.

Tuigtear do Tuairisc.ie go ndearnadh roinnt gearán le hOifig an Choimisinéara Teanga nuair a seoladh amach leagan Béarla amháin den leabhrán.

Dúirt grúpa saineolaithe Chomhairle na hEorpa go raibh sé tugtha faoi deara acu nach raibh tíortha áirithe ag cur a gcuid eolais, treoracha, agus moltaí  faoin ngéarchéim ar fáil “go córasach” i mionteangacha agus teangacha ‘traidisiúnta’.

Maidir le cás na hÉireann, tá roinnt ábhar faoin ngéarchéim sa tsláinte phoiblí curtha ar fáil ag an Roinn Sláinte, an Rialtas agus na húdaráis eile i nGaeilge agus tá roinnt beag curtha ar fáil i dteangacha eile acu chomh maith.

D’iarr an Coiste Saineolaithe ar an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh ar na ballstáit ceisteanna a bhaineann le teangacha a chur san áireamh nuair a bheidh aon treoracha ná polasaithe breise á n-ullmhú acu le dul i ngleic leis an ngéarchéim sláinte seo.

Dúradh go raibh na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus logánta agus na saineolaithe leighis ar fad ar aon intinn go gcaithfear cloí go docht lena gcuid beartas chun scaipeadh forleathan Covid-19 a chosc agus nár cheart dearmad a dhéanamh ar an teachtaireacht sin a chur amach i dteangacha mionlaithe.

“Cuirimid fáilte roimh na cinntí atá déanta ach ní mór ará nár chuir roinnt tíortha an t-eolas, na treoracha, na treoirlínte ná na moltaí ar fáil go córasach i dteangacha eile seachas teanga oifigiúil na tíre. Baineann sé seo freisin leis na teangacha traidisiúnta réigiúnacha nó mionlaigh a labhraítear sna tíortha sin. Ar mhaithe le sláinte na ndaoine a labhraíonn teangacha réigiúnacha nó mionlaigh, tá sé fíorthábhachtach go mbeadh na moltaí cuí ar fáil sna teangacha sin.

“Tá sé tábhachtach agus níor chóir go ndéanfadh údaráis dearmad air gur cuid lárnach dá sochaí iad na mionlaigh náisiúnta agus más leis na beartais sláinte seo a bheith

lán-éifeachtach, caithfear iad a chur ar fáil ar bhealach éasca don phobal ar fad.”

Dúradh gur chóir do bhallstáit Chomhairle na hEorpa eolas a chur ar fáil “do phobal a dtíre sna teangacha dúchais ar fad a labhraítear ina dtíortha”.

Múrphictiúr i mBaile Átha Cliath. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

De réir an áirimh is déanaí ag Ollscoil Johns Hopkins, breis is 775,000 cás den choróinvíreas atá deimhnithe ar fud an domhain agus os cionn 37,000 duine curtha den saol de bharr na paindéime. Tá deimhniú faighte go bhfuil nach mór 160,000 duine a bhí buailte ag an ngalar tagtha chucu féin ar fad.

Tá 3,443 cás deimhnithe de Covid-19 in Éirinn agus 76 duine a bhí buailte ag an ngalar básaithe, 54 duine ó dheas den teorainn agus 22 duine ó thuaidh di.

295 cás nua a dheimhnigh an Roinn Sláinte anocht rud a fhágann go bhfuil 2,910 cás deimhnithe ó dheas faoin tráth seo. Ochtar eile atá básaithe ó dheas, triúr fear agus cúigear ban. Bhí fadhbanna sláinte eile ag seachtar de na daoine is déanaí a bhásaigh, in oirthear na tíre a bhí seisear acu, duine amháin a bhí sa deisceart agus in iarthar na tíre a bhí an duine eile.

Ag labhairt dó faoi na figiúirí is déanaí tráthnóna, dúirt an tOllamh Philip Nolan, cathaoirleach an ghrúpa a dhéanann réamh-mheastacháin faoin eipidéim do shaineolaithe na Roinne Sláinte, nach féidir aon tuar a dhéanamh faoi cathain a tharlóidh aon bhrúisc sa líon cásanna. Dúirt sé, áfach, go dtuigeann na saineolaithe go maith cad is eipidéim “gan srian” ann agus nach an tslí sin atáimid ag dul. Dúirt sé go gcaithfí an cuar a chothromú “i bhfad níos mó” ionas go bhféadfaí déileáil leis an eipidéim.

“Tógfaidh sé tamall sula bhfeicfear toradh ár gcuid iarrachtaí sna figiúirí. Beidh 7-10 lá eile ann sula mbeidh an pictiúr ceart againn maidir le cé chomh héifeachtach is a bhí na hiarrachtaí atá déanta againn i dteannta a chéile,” arsa an tOllamh Philip Nolan.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis  na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan go raibh líon na gcásanna deimhnithe ag fás 33% in aghaidh an lae sular tugadh na srianta isteach agus go bhfuil an ráta fáis tite go dtí thart ar 15% le roinnt laethanta anuas. Ag fás a bhí líon na gcásanna mar sin féin, agus chaithfí stop a chur leis sin, a dúirt sé.

Dúirt an Dr Tony Holohan gur dóigh go mbeidh srianta fós ag teastáil tar éis Domhnach Cásca, an 12 Aibreán. “Ba mhaith linn fáil réidh leis na srianta seo chomh luath agus is féidir linn ach ní dhéanfaimid sin murab é sin an rud ceart le déanamh,” arsa Dr Tony Holohan.

Deimhníodh níos túisce tráthnóna go raibh 123 cás nua de Covid-19 sa Tuaisceart agus 533 cás ar fad atá deimhnithe ó thuaidh faoin tráth seo. Duine amháin eile a bhí buailte ag an ngalar a fuair bás ó thuaidh.

88 othar atá sna hionaid dianchúraim ó dheas faoi láthair, de réir figiúirí an HSE inné.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, eolas a bhain leis na cásanna a bhí ann faoi mheán oíche Dé hAoine:

  • Fir a bhí i gceist le 51% de na cásanna agus mná iad 49%
  • Bhí 111 braisle i gceist ar bhain 428 cás leo
  • An aois ar an meán a bhí ann i measc na n-othar ná 47 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 645 duine, nó 29%
  • As na daoine sin, cuireadh 84 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 578 cás, nó 23%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 1,393 cás, nó 56%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 217 cás, nó 9%
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 50% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 27% agus taisteal thar lear ba chúis le 23%

Níos mó