Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-suil-ag-an-hse-go-mbeidh-lion-na-n-othar-in-aonaid-dianchuraim-cuid-mhaith-nios-lu-na-an-‘cas-is-measa’

Súil ag an HSE go mbeidh líon na n-othar in aonaid dianchúraim cuid mhaith níos lú ná an ‘cás is measa’

| Tuairisc.ie |

Tá an HSE den tuairim nach mbeidh an líon othar a mbeidh leapacha géarchúraim agus leapacha dianchúraim de dhíth orthu de bharr Covid-19 chomh hard in aon chor is a bhí sa chás is measa a bhí leagtha amach acu seachtain ó shin.

De réir tuairisce ag RTÉ inniu, tugadh le fios sna réamh-mheastacháin a rinneadh laistigh den HSE don chás is measa sa ghéarchéim sláinte, go bhféadfadh go mbeadh dianchúram ag teastáil ó 546 othar sa lá nuair a bheadh an aicíd ina buaic faoi lár mhí an Aibreáin.

Sna réamh-mheastacháin sin, atá faoi rún, deirtear go raibh sé á thuar ag an bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go mbeadh géarchúram ag teastáil ó 1,328 othar ar an 11 Aibreán.

Ach tuairiscíodh ina dhiaidh sin go raibh súil ag an HSE go mbeidh líon na n-othar a mbeidh géarchúram nó dianchúram ag teastáil uathu cuid mhaith níos lú ná sin. Táthar ag súil le réamh-mheastacháin nua a fhoilsiú tráthnóna.

Tuairiscítear go léireoidh na figiúirí nua sin chomh maith go bhfuil an céatadán de na tástálacha atá dearfach ag ardú de bheagán ó athraíodh na critéir ag tús na seachtaine seo caite.

Tá 3,148 cás deimhnithe de Covid-19 in Éirinn agus 68 duine a bhí buailte ag an ngalar básaithe, 46 duine ó dheas den teorainn agus 22 duine ó thuaidh di.

Deimhníodh tráthnóna go raibh 123 cás nua de Covid-19 sa Tuaisceart agus 533 cás ar fad atá deimhnithe  ó thuaidh faoin tráth seo. Duine amháin eile a bhí buailte ag an ngalar a fuair bás ó thuaidh.

88 othar atá sna hionaid dianchúraim ó dheas faoi láthair, de réir figiúirí an HSE inné.

Dúirt Anne O’Connor, Príomh-Oifigeach Oibríochtaí an HSE go raibh líon suntasach aerálaithe faighte ag an bhfeidhmeannacht agus go raibh slabhra soláthair maith acu.

Agus í ag caint ar chlár Morning Ireland ar RTÉ ar maidin, dúirt Anne O’Connor go bhfuil teacht acu ar 2,000 leaba agus 170 leaba dianchúraim agus go raibh siad ag cur leis an líon sin.

Tá an HSE ag obair ar an mbonn gur idir an 10-14 Aibreán is measa a bheidh an phráinn ach dúirt sí nach féidir é sin a thuar go baileach beacht.

Léiríonn sonraí nua faoi Coivid-19 atá eisithe ag an Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (HPSC) go bhfuil 22 braisle in ionaid altrannais agus 19 braisle in ospidéil ó dheas.

I dtithe príobháideacha a bhí braislí eile, cinn eile a bhain le taisteal, ionaid oibre agus ionaid phobail agus chónaithe ina raibh  cúram fadchónaithe á chur ar fáil.

Is léir ó na sonraí is déanaí seo go bhfuil 379 cás ann agus baint acu le 103 braisle. Ar maidin a foilsíodh na sonraí agus tá an t-eolas bunaithe ar 2216 cás deimhnithe a bhí cláraithe roimh mheán oíche Dé hAoine seo caite.

Maidir leis an 43 duine a chuir Covid-19 den saol, duine amháin acu a bhí idir 25-34 bliain d’aois, duine amháin a bhí idir 35-44 agus duine amháin a bhí idir 45-54. Bhí beirt de na mairbh idir 55-64.

Bhí 38 duine as an 43 duine os cionn 65. 

Maidir leis an 77 othar a cuireadh faoi dhianchúram sa tréimhse sin bhí 29 duine (37.7%) os cionn 65 65, 17 duine (22%) idir 45-54 agus 19 (24.7%) idir 55-64 bliain d’aois.

Cuireadh san aonad dianchúraim chomh maith seachtar (9%) a bhí idir 35-44 bliain d’aois agus ceathrar (5.2%) a bhí idir 25-34.

Níos mó