Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-43-duine-eile-basaithe-agus-os-cionn-15,000-cas-den-choroinvireas-in-eirinn

43 duine eile básaithe agus os cionn 15,000 cás den choróinvíreas in Éirinn

| Tuairisc.ie |

Tá 43 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe ó dheas. 

Fógraíodh 61 bás eile ar fad in Éirinn inniu.

Tuairiscíodh níos túisce inniu go raibh 18 duine eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe in ospidéil an Tuaiscirt, an t-ardú is mó in aon lá amháin ó thús na ráige.

 645 duine atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 487 duine ó dheas den teorainn agus 158 duine ó thuaidh di.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, Tony Holohan, tráthnóna gurb amhlaidh go raibh dhá chineál ráige anois sa tír a bhí “an-éagsúil” – an ráig sa phobal, mar a bhfuil scaipeadh an víris “á choinneáil faoi chois” agus an ráig in ionaid chónaithe “ar údár mór imní” í i gcónaí.

“Caithfimid ár gcuid iarrachtaí ar fad a dhíriú anois ar Covid-19 a chur faoi chois sna hionaid chónaithe pobail agus i dtithe altranais.

724 cás nua a deimhníodh ó dheas tráthnóna, rud a fhágann go bhfuil 15,472 cás anois in Éirinn,  13,271 ó dheas agus 2,201 ó thuaidh.

Idir an dá linn, tá ráta atáirgthe an Covid-19 in Éirinn ag a haon nó faoina bhun.

Mhaígh an tAire Sláinte Simon Harris sa Dáil inniu go raibh ar a laghad beatha 1,000 duine sábháilte toisc gur éirigh linn ráta atáirgthe an ghalair a ísliú sa tír.

Is ionann an ráta atáirgthe agus an líon daoine a tholgann an galar ó dhuine amháin a bhfuil sé air agus é ionfhabhtaíoch, nó fós in ann é a scaipeadh.

Cuidíonn ríomh na bhfigiúirí sin le lucht ceaptha polasaí agus cinntí á ndéanamh acu maidir le  srianta agus dianghlasáil.

Is é an sprioc i gcónaí an ráta atáirgthe a choinneáil faoi bhun a haon.

Agus maolú á dhéanamh ar na bearta maidir leis an scoitheadh sóisialta nó fisiciúil, bíonn sé fíorthábhachtach go gcoinneofaí an ráta atáirgthe faoi 1 mar gheall ar an mbaol a bheadh ann go dtiocfadh brúisc mhór eile de chásanna den Covid-19 ach a maolófaí na srianta.

Agus é ag caint sa Dáil, dúirt an tAire Sláinte go bhfuil ceithre bhealach ar fad ann chun an ráta atáirgthe a mheas agus gur idir 0.7 agus 1 atá gach ceann acu.

Dúirt sé go raibh titim an ráta le feiceáil i gcás na ndaoine a bhí in ospidéil agus in ionaid géarchúraim,  ach nach raibh an ráta faoi 1 le feiceáil fós i líon na gcásanna nua.

Dúirt an tAire Harris dá bhfanfadh an ráta ag an 2.4 a bhí á thuar go domhanda, gur 7,800 cás nua a bheadh sa tír seo inniu, bheadh 800 duine sna haonaid dianchúraim agus bheadh ar a laghad 1700 duine básaithe faoin Déardaoin seo chugainn.

Ceist a chuir Stephen Donnelly, urlabhraí sláinte Fhianna Fáil faoin ráta báis a bhí á freagairt ag an Aire.

Ní féidir ráta atáirgthe domhanda an choróinvíris a mheas go cruinn faoi láthair.

Measann saineolaithe go bhfuil an ráta idir 1 agus 3 (R1-R3) ach bíonn an-difríocht go deo eatarthu i láithreacha ar leith, ó 1.1 go dtí 11, mar a bhí ar an long chrúsála, an Diamond Princess.

Bíonn aon athrú ar an ráta atáirgthe (RO) ag brath ar iompar an duine, struchtúir shóisialta an daonra, cumas ionfhabhtaithe an víris agus an t-achar a bhíonn na heasláin ionfhabhtaíoch nó ábalta an galar a scaipeadh.

Níos mó