Home
FAQ's
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs

5 leid mar ullmhúcháin d’fhísagallamh

Suíomh:

Tá tábhacht faoi leith ag baint leis an suíomh a roghnaíonn tú chun do chuid agallaimh a dhéanamh. Déan cinnte go bhfuil dóthain solais ann agus nach bhfuil scáil á caitheamh ar d’aghaidh. Anuas air sin is fiú a bheith airdeallach faoi céard atá sa chúlra agus faoi céard atá mórthimpeall ort. Bíodh cuma ghairmiúil ar an suíomh trí chéile chun íomhá dearfach díot féin a léiriú do na daoine ar an taobh eile den cheamara.

Cleachtadh:

Tá difear suntasach idir agallamh a dhéantar thar ceamara gréasáin agus agallamh a dhéantar go fisiciúil in oifig nó in ionad oibre eile. Mar sin is fiú cleachtadh a dhéanamh ar an modh agallaimh úr seo. An bealach is fearr le hullmhúchán a dhéanamh ná cleachtadh leat féin nó le cara thar an gceamara. Rachaidh tú i dtaithí ar na roghanna is fearr leat féin agus cuirfear ar do chompord thú mar gheall air seo.

Teicneolaíocht:

Táimid ar fad ag éirí cáirdiúl le roinnt mhaith teicneolaíochtaí nua agus muid ar fad sáinnithe sa bhaile, bogearraí físchomhdhála ina measc. Faigh amach cén bogearra a bheidh in úsaid le linn do chuid agallaimh agus déan taighde ar conas an leas is fearr a bhaint astu. Níl tú ag iarraidh go dtiocfaidh fadhbanna a bhaineann le do chuid míchumais úsáide chun cinn san agallamh, go háirithe má tá cur i láthair nó taispeántas le déanamh agat lena linn.

Cód gléasta:

Tagann ceist faoi leith chun cinn maidir leis na héadaí cuí atá le caitheamh agus tú i mbun agallaimh sa bhaile. Ar ndóigh ní bhíonn ach an leath uachtair den chorp le feiceáil ar an gceamara agus mar sin déan cinnte go bhfuil cuma bhreá néata air. Tá méid treoranta ama agat leis na hagallóirí agus tugann éadaí deis duit dul i bhfeidhm go dearfach orthu. Maidir leis an leath íochtarach den chorp – Is cuma faoi sin i ndáiríre!

Aird iomlán:

Tá sé tábhachtach go dtugann tú aird iomlán ar an agallóir le linn an agallaimh. Moltar díriú ar an gceamara seachas ar an scáileán – is féidir greamán a chur in aice leis an gceamara chun cuidiú leat seo a dhéanamh. Moltar do cheann a chlaonadh agus miongháire a dhéanamh anseo agus ansiúd le taispeáint go bhfuil tú ag éisteacht. Ní bheidh deacracht agat seo a bhaint amach más spéis leat sa rol nua atá á thairiscint acu!

Léigh tuilleadh ábhar ó PEIG.ie anseo

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge