Comhrá gan choinne as Gaeilge ag cailín beag le hUachtarán na hÉireann
Bhí comhrá gan choinne ag cailín óg i mBaile Átha Cliath inné nuair a chas sí le hUachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn i bPáirc an Fhionnuisce.
Chuir Jen Gore teachtaireacht amach ar Twitter ag rá gur chas sí féin agus a neacht le hUachtarán na hÉireann nuair a bhí siad amuigh ag siúl.
@MichaelDHiggins and @BrodHiggins with my niece after chatting as gaeilge and keeping the social distance 😍 pic.twitter.com/BnLh0LbbNQ
— Jen (@JenanneGore) April 14, 2020
Deir Gore go raibh comhrá i nGaeilge ag a neacht leis an Uachtarán agus lena mhadra, Bród.
Is léir ón bpictiúr gur chloígh an bheirt leis an scoitheadh sóisialta chomh maith agus iad amuigh ag baint sult as an aimsir bhreá.