AR SCÁTH A CHÉILE: Seirbhís tacaíochta fóin le seoladh do phobal Mhaigh Cuilinn
Seirbhís tacaíochta fóin le seoladh do phobal Mhaigh Cuilinn
Seolfar seirbhís tacaíochta fóin do phobal amháin i gConamara an tseachtain seo do dhaoine atá buailte mar thoradh ar an gcoróinvíreas.
Is í an eagraíocht Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn atá ag cur na seirbhíse ar fáil chun eolas a thabhairt faoin mbealach chun teacht ar sheirbhísí áitiúla. Beidh foireann dheonach ar fáil chun cúnamh a thabhairt maidir leis an tseirbhís seachadta atá ag siopaí agus a leithéid.
Beidh teacht ar an tseirbhís nua trí Oifig Phobail Mhaigh Cuilinn ag 091 55626 nó freisin trí ríomhphost a sheoladh chuig help@moycullen.net.
Tá sé i gceist go mbeidh an tseirbhrís ar fáil idir 10am agus 12pm ó Luan go hAoine ach déanfar athbhreithniú air sin de réir mar a bhogann rudaí chun cinn.
Deir Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn go mbeidh siad ag cloí go docht le treoracha Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus iad ag tabhairt faoin tseirbhís nua. Ní bheidh siad ach in ann daoine a threorú i dtreo na seirbhísí cuí agus ní bheidh siad ag bualadh le daoine sa phobal.
“Freisin beidh cód rúndachta docht i bhfeidhm le gur féidir leis an bpobal muinín iomlán a bheith acu sa tseirbhís,” a deir Irene Cummins ó Fhorbairt Pobail Mhaigh Cuilinn.
Beidh ciste tacaíochta luach €10,000 ar fáil chomh maith. Tá €5,000 curtha ar fáil ag Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn agus deir siad go bhfuil a chomhionann maoinithe curtha ar fáil ag duine as an áit. Cuirfear fáilte roimh shíntiúis eile freisin.
Beidh an ciste á riar ag an ngrúpa tacaíochta áitiúil, Cruinniú, agus an Cumann Naomh Uinseann de Pól.
“Tá ríméad orainn leis an leibhéal tacaíochta atá á fháil againn trasna an phobail ina iomláine, rud a léiríonn mian an phobail tacú lena chéile agus muid in am an ghátair,” a deir Bainisteoir Fhorbairt Pobal Mhaigh Cuilinn, Séamus Ó Céide. “Ní neart go cur le chéile.”