Home
FAQ's
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-deineadh-na-fiacla-a-dhrannadh-sa-dara-cuid-de-‘gaeltacht-2020’

Deineadh na fiacla a dhrannadh sa dara cuid de ‘Gaeltacht 2020’

Cé go mb’fhéidir go raibh an chéad ghála de Gaeltacht 2020 (TG4, Dé Céadaoin) boigéiseach go maith deineadh na fiacla a dhrannadh sa dara clár.

Caitheadh slaiseanna leis an státchóras, lucht pleanála agus le muintir na Gaeltachta féin fiú amháin.

Is saghas “Indian reservation” í an Ghaeltacht in intinn lucht an státchórais, dar leis an bhfiontraí Pádraig Ó Céidigh agus dúirt an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh go bhfuil gá le húdarás a bhfuil cumhachtaí éigeandála agus baill thofa aige leis an nGaeilge sa Ghaeltacht a tharrtháil. Lena chois deir sé nach pleananna teanga atá ag teastáil ach “plean slánaithe agus athnuachana pobal teanga”.

Fágadh fén tráchtaire agus fear anailíse Donncha Ó hÉallaithe é cur síos a dhéanamh ar dhrochstaid na gceantar Gaeltachta ó thaobh na teangeolaíochta de.

Dhein sé a chúram go paiteanta ach b’fhearr liom go mbeadh an mhír seo sa chéad ghála le comhthéacs teanga níos iomláine a thabhairt don phlé.

Mór an t-iontas dom nár chualathas chomh maith ó shaineolaithe cosúil le Seosamh Mac Donnacha agus Conchúr Ó Giollagáin.

Cé gur pictiúr duairc go maith a cuireadh os ár gcomhair i gcaitheamh na sraithe cuireadh abhaile orainn go bhfuil léasacha dóchais le feiscint agus deineadh trácht sa chlár seo ar an ardú a tháinig ar an líon cainteoirí laethúla Gaeilge i nGaeltacht na nDéise sa Daonáireamh deireanach, an t-aon ardú in aon cheantar Gaeltachta.

Téama mór an chláir seo ná an choimhlint idir an córas pleanála sna contaetha Gaeltachta agus mianta an phobail.

Dar leis an iriseoir Dáithí de Mórdha, níl aon tuiscint ag lucht pleanála ar mheon mhuintir na tuaithe. Dhein sé cur síos ar Dhún Chaoin mar a bhfuil níos mó tithe ná daoine. Mhaígh sé go dtagann an dlús tithíochta seo salach ar mhuintir na háite is iad ag iarraidh cead pleanála a fháil. Déantar dreas cainte le Treasa Ní Mhainnín a bhfuil cúig bliana déag caite aici ag broic leis an gcóras pleanála. Tá cuid mhaith de mhuintir Chonamara clipthe leis ag an gcóras céanna, ag na ceantair speisialta chaomhnaithe agus ag na seacht mbealach éagsúil atá ann do bhóthar Chonamara.

Measann Liam Ó Cualáin ón Spidéal gur bhrúigh an córas óna fhód dúchais é. Maíonn an t-iarchomhairleoir contae agus Feisire Eorpach Seán Ó Neachtain go mba cheart fiosrú dlí a dhéanamh faoi conas a cuireadh an dlí maidir le ceantair speisialta chaomhnaithe i bhfeidhm sa tír seo.

Téama láidir eile a tháinig chun cinn sa dá chlár go bhfuil, go pointe áirithe, cinniúint na Gaeltachta i lámha mhuintir na Gaeltachta. Deir Ó Céidigh go bhfuil na maidí ligthe le sruth agus go gcaithfear dul i gcomhrac leis an status quo.

Dar leis an Athair Brian Ó Fearraigh ó Ghaoth Daobhair nach mór do mhuintir na Gaeltachta a bheith níos glóraí agus buille a bhualadh ar dhoirse lucht na cumhachta.

Cé go bhfuilimid ag maireachtaint in “aois na himní” deir  Ó Tuathaigh go bhfuil gá leis an misneach agus dóchas céanna a bhí le sonrú i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.

Deineadh cíoradh ábalta ar go leor téamaí tábhachtacha agus casta i rith na sraithe. Níl a fhios agam, áfach an bhfuil tuiscint níos gléine againn ar cá bhfuil ár dtriall.

Comhartha é sin ar a chigilte is atá an cheist agus ar an ngá atá le tuilleadh cíortha.

Níos mó

Breandán M Mac Gearailt

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge