Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-os-cionn-dha-mhilliun-cas-den-choroinvireas-deimhnithe-sa-domhan

Os cionn dhá mhilliún cás den choróinvíreas deimhnithe sa domhan

Tá os cionn dhá mhilliún cás den choróinvíreas deimhnithe sa domhan faoin tráth seo.

De réir an áirimh atá á dhéanamh ag Ollscoil Johns Hopkins ar líon na gcásanna de Covid-19 ar fud an domhain, baineadh an chloch mhíle sin amach tráthnóna. Tá os cionn 128,000 duine curtha den saol ag an ngalar.

Is i Meiriceá is mó atá cásanna den choróinvíreas deimhnithe agus nach mór 610,000 cás ansin.

Meiriceá, an Iodáil agus an Spáinn na tíortha is measa atá buailte maidir le líon na mbásanna de thoradh na paindéime. An Fhrainc gus an Ríocht Aontaithe na háiteanna eile is measa atá buailte, de réir na bhfigiúirí is déanaí.

546 duine atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 406 duine ó dheas den teorainn agus 140 duine ó thuaidh di. 13,567 cás anois atá in Éirinn, 2,088 acu ó thuaidh agus 11,479 ó dheas.

Fógraíodh níos túisce tráthnóna go raibh seisear eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart.

Idir an dá linn, chuir Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, plean oibre ar fáil inniu faoina bhféadfaí na srianta a scaoileadh de réir a chéile sna 27 ballstát.

Thug sí foláireamh, áfach, nach comhartha a bhí sa bplean seo gur chóir na srianta sin a scaoileadh ar an bpointe boise.

Leag sí amach na coinníollacha a bheadh ag tástáil sula ndéanfaí amhlaidh – go mbeadh laghdú suntasach ar scaipeadh Covid-19, go mbeadh an acmhainn sa gcóras sláinte le freastal ar othair agus go mbeifí ábalta faireachas agus monatóireacht ar dhéanamh.

Dúirt von der Leyen go mbeadh comhdháil do dheontóirí ar siúl ar líne mar a bhféadfadh rialtais agus eagraíochtaí airgead a ghealladh le cuidiú leis an taighde chun vacsaín in aghaidh an víris a fháil

Tá fainic curtha ag an Aontas Eorpach ar na ballstáit nach mór dóibh a bheith fíorchúramach agus iad ag cur deireadh de réir a chéile leis na bearta dianghlasála.

Tá leanaí faoi bhun 11 bliain d’aois ag filleadh ar naíonraí agus scoileanna sa Danmhairg, an chéad tír inar maolaíodh na srianta a bhí curtha ar an gcóras oideachais de bharr an choróinvíris.

Chuir an Príomh-Aire Mette Frederiksen fáilte roimh na leanaí agus iad ag filleadh ar an scoil sa bpríomhchathair, Cóbanhávan.

Bhí an Danmhairg ar cheann de na chéad tíortha a chuir an dianghlasáil i bhfeidhm agus dúnadh na scoileanna sa tír ar an 12 Márta. Tá an cinneadh cáinte ag daoine a deir gur straitéis chontúirteach é na scoileanna a athoscailt faoi láthair.

Tá rialtas na Spáinne ag tosú ag déanamh maolú teoranta ar na bearta dianghlasála ach fógraíodh inniu go raibh an t-ardú is mó le cúig lá tagtha ar líon na gcásanna sa tír. 5,100 cás nua a tuairiscíodh inniu agus 177,633 cás ar fad deimhnithe sa tír anois.

Sa tír is measa atá buailte ag an bpaindéim, cáineadh Donald Trump inné nuair a d’fhógair sé go raibh na Stáit Aontaithe chun bac a chur ar na híocaíochtaí a bhíodar féin á ndéanamh leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte mar gheall ar an gcaoi a bhfuil sí sin ag déileáil le paindéim an choróinvíris. Cuireadh i leith an Uachtaráin go raibh beatha go leor daoine á cur i mbaol aige.

Dúirt an tUachtarán Trump go gcoinneofaí siar an maoiniú go ceann 60 go 90 lá fad a bheadh athbhreithniú á dhéanamh ar na rabhaidh a chuir an WHO amach faoin gcoróinvíreas agus an tSín.

Chuir sé i leith na heagraíochta domhanda go ndearna siad “míbhainistiú an-dona agus ceilt” ar an mbagairt a bhain leis an víreas agus gur ghlac siad gan cheist leis an eolas a tháinig ón tSín.

An 30 Eanáir a d’fhógair an WHO gur éigeandáil sláinte phoiblí a bhí sa gcoróinvíreas ach lean Trump air ina dhiaidh sin ag déanamh a bheag den bhagairt.

Dúirt sé gur gheall leis an ngnáthfhliú an coróinvíreas agus go n-imeodh sé leis arís san Aibreán.

Ar an 14 Eanáir chuir an WHO tvuít amach nár éirigh leis na chéad fhiosrúcháin a rinne na Sínigh aon fhianaise shoiléir a fháil go raibh an galar “á scaipeadh ó dhuine go duine”.

Ar an 22 Eanáir, chuir an WHO ráiteas amach go raibh chuile chosúlacht air go raibh an víreas “á scaipeadh ó dhuine go duine” in Wuhan na Síne.

I mí an Mhárta sheol an WHO achainí ag iarraidh $675 milliún le dul i ngleic le paindéim an choróinvíris agus tuairiscítear go bhfuil achainí eile ar na bacáin acu agus  ar a laghad $1 billiún á lorg le déileáil leis an víreas.

Is iad na Stáit Aontaithe is mó a chuireann maoiniú ar fáil don WHO agus thug siad breis is $400 milliún don eagraíocht in 2019.

Ag tagairt dó do chinneadh Donald Trump ar Twitter, dúirt Bill Gates, bunaitheoir Microsoft agus daonchara:

“Tá sé chomh contúirteach agus a bhreathnaíonn sé maoiniú a choinneáil ón WHO i lár géarchéim sláinte dhomhanda”

Níos mó