Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

Sláinte an phobail nó brabach an mhionlaigh: sin an rogha atá againn

| Dáithí Anraí | ,

Danny Brown

Níl iomrá ar bith ar dheireadh leis an ghéarchéim seo agus, do chuid againn, ní bheidh an saol mar a bhí sé go deo arís.

Tá muid sáinnithe istigh den chuid is mó anois agus tá cuid againn ag déileáil leis níos fearr ná an chuid eile againn. Cuireann sé lúcháir orm nuair a tchím cairde ar na meáin shóisialta ag scaipeadh rudaí a chruthaigh siad, bíodh sé ina cheol, filíocht nó ealaín eile.

Bíonn muid uilig ag brath ar an idirlíon le fanacht i dteagmháil le clann is cairde agus is rud maith é, cé go mbíonn míbhuntaistí leis in amanna. Mar shampla, chonaic mé daoine ag scaipeadh scéalta go bhfuil na Sínigh, nó córas 5G, ciontach as an víreas a chruthú. Caithfimid a bheith cúramach nach mbímid ag scaipeadh scéalta bréagacha mar sin.

Ach má tá rudaí diúltacha ann, tá a mhalairt ann fosta. Cé nach raibh spreagtha ag scéalta dlúthpháirtíochta agus comhbhá a bhí le feiceáil go forleathan ar na meáin shóisialta agus, níos tábhachtaí, inár bpobal féin? Tá na grúpaí agus na heagraíochtaí pobail a d’eagraigh iad féin le lámh chuidithe a thabhairt do dhaoine leochailleacha ina gceantar féin, tá siad le moladh go hard na spéire.

Sin rud eile atá iontach dearfach. Tá meas fiánta ag achan duine anois ar oibrithe nach raibh mórán measa orthu roimhe seo. Tuigeann muid anois an tábhacht atá leis na daoine a bhailíonn an bruscar achan tseachtain. Tá meas againn ar na daoine atá ag obair sna siopaí, ag cur earraí ar na seilfeanna agus orthu siúd a bhíonn ag tiomáint leoraithe le bia a sheachadadh cuig na siopaí. Cá háit a mbeadh muid gan na haltraí, na dochtúirí agus na daoine a bhíonn ag glanadh na n-otharlann? Ní bheifeá i bhfad ag machnamh ar an cheist sin sula dtiocfá ar an fhreagra cheart.

Sin rud eile atá againn anois – neart ama le bheith ag machnamh agus mholfainn daoibh machnamh a dhéanamh air seo. Nuair atá seo uilig thart agus nuair atá an tír réidh le gabháil ar ais ag obair, an mbeidh muid sásta gabháil ar ais chuig na sean-dóigheanna? An mbeidh an tseirbhís sláinte gann ar airgead achan bhliain, mar a bhí le blianta fada anois, fad is atá cistí fálaithe (hedge funds) ábalta brabach ollmhór a dhéanamh sa tír gan cáin ar bith a íoc? An mbeidh an baol ann go bhfágfar na hoibrithe atá á moladh againn inniu, go bhfágfar gan dídean iad nuair atá deireadh leis an ghéarchéim?

Beidh claonadh ann, ar ndóigh, pilleadh ar an tseanchóras ach aithníonn muid anois go raibh go leor lochtanna air. Mar shampla, tá ceantracha tuaithe nach bhfuil barr ar bith ag fás iontu. Tá iascairí atá ag iarraidh a slí bheatha a leanstan ach nach bhfuil cead acu, agus caithfidh siad amharc ar na bádaí ollmhóra ag scuabadh na farraige. Níl loighic ar bith le córas a fhágann an tseirbhís sláinte in aimhréidh ach a chothaíonn billiúnaithe, a ruaigeann daoine amach as a dtithe mar mhaithe le brabach corpráideach.

Ach beidh cathú millteanach ar an rialtas babhta eile déine a chur i bhfeidhm le bainc agus lucht an rachmais a chosaint. Sin an rud a rinne siad 12 bliana ó shin nuair a thit an tóin amach as an gheilleagar agus thig linn a bheith cinnnte de go bhfuiltear ag pleanáil an rud céanna a dhéanamh arís.

Ba chóir daofa smaoineamh air seo. Seo an tríú huair sa 21ú céad a bhí an coróinvíreas as smacht. Deir na saineolaithe sláinte poiblí nach bhfuil ann ach ceist ama go dtí go n-athraíonn an víreas arís, fiú má thagann siad ar fhrith-víreas, agus ní mór dúinn a bheith réidh fána choinne.

Thig linn tús áite a thabhairt do shláinte an phobail nó thig linn tús áite a thabhairt don bhrabach. Is fúinne atá sé an rogha sin a dhéanamh.

Níos mó