Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-adrian-cain-eirithe-as-mar-‘greinneyder’-na-gaelg-tar-eis-16-bliain

Adrian Cain éirithe as mar ‘Greinneyder’ na Gaelg tar éis 16 bliain

Tá a sheal caite ag an ngníomhaí teanga as Manainn, Adrian Cain, mar ‘Greinneyder’ na Gaelg tar éis 16 bliain sa phost. Thosaigh Adrian sa ról forbartha teanga sa bhliain 2004 leis an eagraíocht Culture Vannin, agus d’oibrigh sé go dian agus go dícheallach ar son a theanga ó shin i leith. 

Le linn a thréimhse mar Greinneyder, tharraing Adrian aird náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an nGaelg, teanga Ghaelach an oileáin. Bhí spéis ar leith ag Adrian sna foghlaimeoirí fásta agus dhírigh sé go leor dá aird ar fhorbairt na n-áiseanna atá ann d’fhoghlaimeoirí fásta Gaelg, i Manainn féin agus thar lear. 

D’fhoilsigh sé féin sraith iomlán leabhar, dírithe ar chainteoirí líofa agus ar fhoghlaimeoirí Gaelg, agus ba é a chinntigh gur foilsíodh Gael agus Fishig: skeeal my vea (Gaeilge agus Fisic: scéal mo bheatha) leis an ngníomhaí mór teanga Brian Stowell, a bhásaigh an bhliain seo caite. 

Tá spéis nach beag ag Adrian i gcúrsaí teicneolaíochta agus d’fhorbair sé roinnt áiseanna ar nós an tsuímh idirlín LearnManx, a bhfuil leagan aipe ar fáil de anois freisin, agus an aip Roie Mygeagyrt: Manx Songs and Rhymes. Sholáthraigh sé go leor leor cláracha raidió agus teilifíse freisin, chomh maith le físeáin YouTube. 

Ar cheann de na tograí móra deireanacha a raibh lámh ag Adrian ann agus é i ról an Greinneyder ná Straitéis na Manainnise, plean teanga don Mhanainnis i Manainn. Dhírigh sé a aird go mór ar an aos óg san obair sin agus chaith sé go leor ama ag plé le grúpaí óige agus ag iarraidh deiseanna a chruthú do chainteoirí óga Manainnise a dteanga a úsáid taobh amuigh den scoil. 

Is ar an dream óg a bheidh sé ag díriú amach anseo ina ról nua agus é ag obair leis an scoil lánGhaeilge, an Bunscoill Ghaelgagh i Manainn. 

Tá Culture Vannin gan oifigeach forbartha teanga i láthair na huaire agus ní bheidh duine nua á fhostú go ceann tamaill mar gheall ar scaipeadh an víris chorónaigh ar fud an domhain, Manainn san áireamh. 

Níos mó