Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ait-ar-bith-fagtha-don-ghaeilge-agus-don-ghaeltacht-i-dtithe-an-oireachtais

Áit ar bith fágtha don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i dTithe an Oireachtais

| Tuairisc.ie |

Is minic lucht na teanga ag cásamh nach mbíonn ceist na Gaeilge i lár an aonaigh i nDáil Éireann, ach is cosúil nach bhfuil áit ar bith ann chun í a phlé i dTithe an Oireachtais faoi láthair.

Tá aon chaint shonrach faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta díbeartha as Dáil Éireann toisc nach bhfuil cead ag Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne, labhairt sa Dáil ó tharla gur chaill sé a shuíochán i dtoghchán na bliana seo.

Deir an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan, a d’aistrigh cúram na Gaeltachta go dtí Kyne, nach bhfuil an fhreagracht sin uirthi ach oiread.

Chun fuascailt a fháil ar an fhadhb seo, moladh go bpléifí an tionchar a bhí ag Covid-19 ar chás na Gaeltachta agus na Gaeilge ag an Choiste nua atá bunaithe chun láimhseáil na paindéime a phlé.

Ach dúirt urlabhraí ón Choiste sin le Tuairisc.ie nach bhféadfaí aon bharántas a thabhairt go dtarlódh sin go luath.

Tá Teachtaí Dála de chuid Shinn Féin agus Fhianna Fáil ag éileamh go ndéanfaí plé ar chás na Gaeltachta agus na Gaeilge sa Dáil.

Le coicís anuas bhí an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan sa Dáil faoi dhó le ceisteanna faoi chúrsaí ‘cultúir’ agus cúrsaí ‘oidhreachta’ a fhreagairt, ach dheimhnigh Coiste Gnó na Dála nach mbeidh a mhacasamhail de dhíospóireacht ann faoi cás na Gaeltachta. 

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin gur “céim síos é” don Ghaeilge agus don Ghaeltacht nach mbeidh cás na Gaeltachta agus na Gaeilge á phlé sa Dáil.

“An príomhrud ná go bhfuil freagracht maidir leis an nGaeilge ar an Aire Madigan, is Aire Sóisearach é Seán Kyne. Phléigh an tAire Madigan ceist na hoidhreachta seachtain ó shin sa Dáil agus d’fhreagair sí ceisteanna faoi chultúr coicís ó shin agus ba cheart go ndéanfaí plé ar an Ghaeltacht agus an Ghaeilge sa Dáil chomh maith,” a dúirt sé.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív an tseachtain seo caite go raibh “iontas” air nach raibh an tAire Madigan, a bhfuil an “phríomhfhreagracht” uirthi maidir le cúrsaí oidhreachta, in ann ceisteanna a fhreagairt faoin teanga, “ar cuid an-mhór” den oidhreacht í.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an tAire Madigan go raibh an tAire Stáit, an Seanadóir Seán Kyne, ag súil go mbeadh sé in ann cás na Gaeltachta a phlé os comhair choiste an Covid-19 an tseachtain seo. Thug an tAire Madigan freagra ar deireadh ar cheist a bhí ag Ó Cuív faoi chás na mná tí Gaeltachta.

Dúirt urlabhraí ón Choiste Gnó, a leagann amach clár na Dála, le Tuairisc.ie, áfach, nach féidir ceisteanna faoin Ghaeltacht a phlé sa Dáil toisc nach bhfuil cead ag Aire Stáit na Gaeltachta dul os comhair na Dála tráth nach bhfuil aon rialtas ann.

Níl “aon bhac” ar Aire Stáit dul os comhair coiste, a dúradh.

Tá iarrtha Conradh na Gaeilge ar an choiste speisialta Covid-19 go bpléifí cás na Gaeltachta mar ábhar “práinne”.

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil “ceisteanna maidir le cúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge tagtha chun cinn mar thoradh ar an ngéarchéim sláinte” agus go bhfuil gá “cothrom na Féinne” a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht tráth nach bhfuil plé á dhéanamh ar an ábhar sa Dáil.

I measc na n-ábhar atá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go bpléifí iad ag an Choiste Covid-19, tá ‘an bhagairt d’inmharthanacht na Gaeltachta’, ‘todhchaí na gcoláistí samhraidh agus an gá do chiste cúitimh’, ‘cosaint agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht’, ‘tionchar an víris ar an teanga’ agus ‘an easpa eolais a chuir an rialtas ar fáil faoin gcoróinvíreas i nGaeilge’.

I ráiteas a chuir urlabhraí ón choiste Covid-19 ar fáil do Tuairisc.ie, deimhníodh go raibh iarratas faighte acu maidir le tionchar Covid-19 ar an Ghaeltacht a phlé.

“Tá iarratas faighte againn an tionchar a bheidh ag Covid-19 ar an nGaeltacht a mheas agus is gné é sin a thiocfaidh chun cinn agus muid ag forbairt ár gclár oibre.

“Leis an fhírinne a rá, níl muid ach ina thús agus tá an t-uafás oibre le déanamh againn, ach tá cúpla ábhar tromchúiseach le plé againn, na tithe altranais cuir i gcás agus gheobhaidh siad sin tosaíocht.

“Glacaim leis gur ceist thábhachtach í seo, go háirithe an turasóireacht agus na coláistí samhraidh,” a dúirt urlabhraí ón choiste Covid-19.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh nach raibh aon chinnteacht ann go mbeidh an Ghaeltacht á plé ag coiste Covid-19 toisc na “srianta ama” atá orthu.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur “léiriú eile í an bhearna seo” ar an ghá a bhaineann le hAire Sinsearach don Ghaeltacht agus don Ghaeilge a cheapadh sa chéad rialtas eile.

Níos mó