Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-cecil-maguire-1930-2020:-ealaiontoir-a-tharraing-go-leor-pictiur-de-chonamara,-d’arainn-agus-de-mhuintir-na-gceantar-sin

Cecil Maguire 1930-2020: Ealaíontóir a tharraing go leor pictiúr de Chonamara, d’Árainn agus de mhuintir na gceantar sin

| Ciaran O Cualain | ,

Tá Cecil Maguire – ealaíontóir a tharraing go leor pictiúr de Chonamara, d’Árainn agus de mhuintir na gceantar sin – ar shlí na fírinne. I measc na n-imeachtaí a léirigh sé ina shaothar tá Rásaí Iomaí, Seó Capaillíní an Chlocháin agus na geallta báid i gCloch na Rón.

Bhí spéis faoi leith aige sna báid seoil agus tá húicéirí agus báid mhóra eile le feiceáil i go leor dá shaothar. Rinne sé pictiúir de roinnt de na báid is mó cáil i gConamara. Bhí taispeántais leis i nGaillimh, i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste agus bíonn tóir ar a shaothair ag ceantanna agus íoctar praghsanna móra orthu.

Rugadh Cecil Maguire sa Lorgain, i gContae Ard Mhacha, sa mbliain 1930. D’fhreastail sé ar Choláiste na Banríona i mBéal Feirste agus ina dhiaidh sin chaith sé blianta ag múineadh an Bhéarla sa gcoláiste dara leibhéal ar an Lorgain.

Bhí sé ag péinteáil le linn an ama sin agus d’éirigh sé as an múinteoireacht i 1981 le díriú ar an ealaín go lánaimseartha.

Ba i nDánlann Uí Chionnaith i nGaillimh a bhí a chéad taispeántas aige sa mbliain 1970, agus bhí roinnt taispeántas eile aige ansin i rith na 1970idí.

Dúirt Tom Kenny na dánlainne sin go raibh stíl faoi leith le sonrú ina chuid pictiúr an tráth úd agus go mbíodh an-tóir orthu i measc mhuintir na Gaillimhe. Rinne Maguire go leor pictiúr de chathair na Gaillimhe sna 1970idí, chomh maith le cinn d’Árainn agus d’áiteanna sa Tuaisceart. Bhí pictiúr leis de járbhaithe ar Inis Mór i measc na bpictiúr a taispeánadh i nDánlann Uí Chionnaith i 1970.

Ar na pictiúir eile a rinne sé d’oileáin Árann agus dá muintir sna 1970idí agus sna 1980idí, tá cinn den phobal ag teacht amach ón Aifreann ar Inis Meáin i 1986 agus ceann de scata ban ag an gcéibh i gCill Rónáin i 1971. Ar cheann de na chéad phictiúir a rinne sé de Chonamara tá ceann de Sheó Capaillíní an Chlocháin.

Chaith Cecil Maguire go leor ama i gCloch na Rón i dtuaisceart Conamara ó na 1960idí ar aghaidh agus ba mhinic leis radharcanna den bhaile sin agus an ceantar máguaird a chur ar chanbhás. I measc na radharc sin, tá mórshiúl Corpus Christi i 1974 agus sochraid ag Reilig an Ghoirtín. Léiríodh an-spéis i bpictiúr a rinne sé de mhuintir na háite ag tarraingt ar Shéipéal Cloch na Rón le haghaidh Aifreann an Domhnaigh nuair a cuireadh ar ceant é i mBaile Átha Cliath sa mbliain 2006.

Ba mhór an líon pictiúr a rinne sé de na geallta báid a bhíonn i gCloch na Rón chuile mhí Iúil agus de na húicéirí agus báid mhóra eile le balla na céibhe ansin.

Dúirt Michael King, duine de lucht eagraithe na ngeallta i gCloch na Rón, gur thacaigh Cecil Maguire i gcónaí leis an imeacht sin.

Sa mbliain 1986 rinne sé pictiúr den ‘American Mór’ faoi lán seoil agus ceann den ‘Tónaí’ an bhliain dár gcionn. Tá pictiúir ann a rinne sé den ‘Hunter’ agus den ‘Volunteer’ freisin.

Níl sé éasca báid a thaispeáint ar chanbhás faoi lán seoil, a deir Tom Kenny, ach d’éirigh le Cecil Maguire sin a dhéanamh go paiteanta.

Rinne sé pictiúir go leor de dhaoine ar an bhfarraige i gcurachaí freisin, ina measc ceann de chaoirigh á dtabhairt i gcurach go hInis Leacan amach ó Chloch na Rón agus ceann d’iascairí amach ó Árainn.

Bhí aithne mhaith ag an ealaíontóir Rosie McGurran – arb as Béal Feirste di ó dhúchas ach a bhfuil cónaí uirthi i gCloch na Rón le 20 bliain – ar Cecil Maguire. Ba bhreá leis bheith ag péinteáil agus radharc aige ar an bhfarraige óna árasán in aice na céibhe i gCloch na Rón, a dúirt Rosie.

Taifead luachmhar atá ina chuid pictiúr ar an saol i gCloch na Rón agus ar an gcaoi ar athraigh an saol sin le breis is caoga bliain anuas, a dúirt sí.

Baineann Cecil Maguire, a dúirt Rosie McGurran, le traidisiún láidir de phéintéirí as tuaisceart na tíre, ar nós Charles Lamb, Paul Henry agus Daniel O’Neill a bhí faoi dhraíocht ag Conamara agus a rinne pictiúir dhraíochta den cheantar.

Bhásaigh bean Cecil Maguire, Mona, roinnt blianta ó shin. Bhí triúr iníonacha acu – Denise, Amanda agus Sian.

Níos mó