Home
FAQ's
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • News
  • News
  • Tuairisc
  • National
  • Dalta a fhreastalaíonn ar scoil lán-Ghaeilge gheobhaidh sé 18 pointe níos lú san Ardteist – tuarascáil
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-dalta-a-fhreastalaionn-ar-scoil-lan-ghaeilge-gheobhaidh-se-18-pointe-nios-lu-san-ardteist-–-tuarascail

Dalta a fhreastalaíonn ar scoil lán-Ghaeilge gheobhaidh sé 18 pointe níos lú san Ardteist – tuarascáil

Tá scagadh á dhéanamh ag lucht an ghaeloideachais ar thuarascáil nua ón Údarás um Ard-Oideachas (HEA) a mhaíonn go bhfaighidh dalta a fhreastalaíonn ar scoil lán-Ghaeilge 18 pointe níos lú san Ardteist agus go bhfuil seans níos lú ann go gcríochnóidh sé a chúrsa sa choláiste.

Tá lucht an ghaeloideachais ag iarraidh a thuilleadh scagtha a dhéanamh ar thorthaí an taighde agus a thuilleadh eolais a fháil faoi sula dtabharfaidh siad breithiúnas air.

Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas gur “píosa taighde suimiúil” a bhí sa tuarascáil ach gur gá tuilleadh anailíse a dhéanamh ar an eolas nua chun tuiscint iomlán a fháil air.

“Ón méid beag atá san achoimre atá faighte againn, is píosa taighde an-suimiúil atá ann agus tá sé i gceist againn scagadh a dhéanamh ar an taighde ina iomláine chun an comhthéacs ar fad a bhain leis a thuiscint,” a dúirt Ní Ghréacháin.

“Tabharfaimid faoin anailís ar an taighde le féachaint cé na cúiseanna a bhaineann leis na torthaí a fuarthas. B’fhéidir go spreagfaidh na tuiscintí sin breis taighde.”

Cé go maítear sa tuarascáil go gcruthaíonn daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge chomh maith céanna de ghnáth le daltaí in iarbhunscoileanna eile, ba léir difríocht idir iad agus mic léinn eile nuair a scrúdaíodh grúpaí mac léinn a bhí ag tabhairt faoi na cúrsaí céanna i gcoláiste tríú leibhéal i mbliain faoi leith.

Deirtear sa tuarascáil nach n-éiríonn chomh maith céanna le daltaí a d’fhreastail ar scoil lán-Ghaeilge sa gcoláiste i gcomparáid le daltaí eile ar an gcúrsa a fuair na pointí Ardteiste céanna.

Maíonn údair na tuarascála go bhfuil seans trí phointe céatadáin níos mó ann nach gcríochnóidh siad a gcúrsa céime sa gcoláiste, go bhfuil seans ceithre phointe céatadáin níos lú ann go bhfaighidh siad céim d’ardchaighdeán, agus seans trí phointe céatadáin níos lú go bhfaighidh siad céim iontach.

“D’fhéadfadh gur toisc go bhfaigheann daltaí a dhéanann an Ardteist trí Ghaeilge pointí bónais agus dá bharr nach gcruthaíonn siad chomh maith sa gcoláiste le daltaí eile a fuair na pointí ceannann céanna leo,” a deirtear sa tuarascáil

Determinants of Degree Quality in Ireland, a rinne an tOllamh Paul Devereux as Scoil Eacnamaíochta agus Institiúid Geary sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath don Údarás um Ard-Oideachas.

Deir lucht an ghaeloideachais, áfach, nach bhfuil sé soiléir sa tuarascáil cén líon scoileanna lán-Ghaeilge a bhí san áireamh.

“Tá sé an-doiléir faoi cad is brí le ‘Irish-medium school’ sa taighde,” a deir Cathaoirleach COGG, Dónal Ó hAiniféin.

“An bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht i gceist? Am bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht i gceist? An bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge DEIS san áireamh?”

Nuair a dhéantar briseadh síos ar an taighde, deirtear go n-éiríonn níos fearr le daltaí as scoileanna DEIS ar an meán, ach deir Ó hAiniféin nach bhfuil sé soiléir an bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge DEIS san áireamh ansin.

“Deir an taighde ‘Irish-medium schools do about the same as average’. Sin an chéad rud atá ráite sa tuarascáil faoi scoileanna lán-Ghaeilge,” arsa Ó hAiniféin.

B’in rud ar thug an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, saineolaí aitheanta i réimse an oideachais in Éirinn, suntas dó chomh maith agus an tuarascáil á léamh aige.

“An príomhrud rud a bhainfinn féin as ná, ar an meán, go ndéanann na daltaí a fuair oideachas trí mheán na Gaeilge chomh maith le gach mac léinn eile, sula ndéantar an mionbhriseadh síos a rinne siad,” a deir an Dr. Ó Duibhir, Leas-Dhéan Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

“Ar an meán, tá an ráta maidir le críochnú an choláiste agus an céatadán a fhaigheann céim mhaith nó sárchéim, mar a thugann siad féin orthu, 2.1 nó chéadonóracha, ag teacht leis an meán. Is dóigh ar an iomlán, go bhfuil sé sin go maith.”

Níl an Dr. Ó Duibhir cinnte ach an oiread faoin tuairim atá léirithe ag údair na tuarascála gurb iad na pointí bónais a fhaigheann daltaí a dhéanann an Ardteist trí Ghaeilge is cúis le haon deacrachtaí a bhíonn ag na daltaí sin ar an gcoláiste.

Deir sé go bhfuil taighde ar siúl aige lena chomhghleacaí Laoise Ní Thuairisg ar scoláirí a fuair oideachas trí mheán na Gaeilge.

“Cé go ndéanann go leor acu na scrúduithe trí Ghaeilge, ní dhéanann siad uile na scrúdaithe trí Gaeilge. Ní féidir leat talamh slán a dhéanamh de sin.”

“An rud eile a ritheann liom ná go bhfuil oideachas trí mheán na Gaeilge á fháil ag na daoine seo agus go mbristear an nós sin nuair a théann siad ar aghaidh go dtí an ollscoil.”

“Ceann de na moltaí a tháinig as an taighde a rinne muid ná go mbeadh níos mó roghanna ag daoine leanúint leis an oideachas trí Ghaeilge ag an tríú leibhéal.”

D’fhéach na taighdeoirí ar na grádanna a fuair na mic léinn sin i scrúdú na hArdteiste i mBéarla, Gaeilge agus Matamaitic lena fháil amach cé chomh beacht agus a bhí siad ó thaobh dul chun cinn na ndaltaí ag an tríú leibhéal a thuar.

Dar leo nach raibh an grád sa nGaeilge chomh fiúntach leis an ngrád sa mBéarla lena thuar conas a d’éireodh leis an dalta ag an tríú leibhéal, go háirithe chun a mheas cén seans a bhí ann go bhfaigheadh an dalta sin céim chéadonóracha ag deireadh a chúrsa céime.

Is tomhas cruinn go maith é an grád sa Mhatamaitic chun rath acadúil an mhic léinn ag an tríú leibhéal a thuar, dar leo.

De réir an taighde seo, dalta a fuair níos mó ná 90% i scrúdú ardleibhéil Matamaitice san Ardteist, tá 20 pointe céatadáin níos mó de sheans aige 2.1 nó níos airde a fháil ina scrúdú céime agus tá seans 35 pointe céatadáin níos mó aige céim chéadonóracha a fháil ná dalta a fuair idir 60 agus 69% ar an bpáipéar céanna.

Maítear sa tuarascáil seo nach ndéanann daltaí a chruthaíonn go dona sa Mhatamaitic go maith sa gcoláiste.

Tuar maith iad torthaí an Bhéarla freisin go gcríochnóidh an mac léinn a chúrsa tríú leibhéal agus go bhfaighidh sé céim 2.1 nó a bharraíocht. Deir siad áfach nach bhfuil torthaí an Bhéarla chomh hiontaofa ó thaobh  an seans atá ag dalta céim chéadonóracha a bhaint amach.

“…is beag difríocht atá ann ó thaobh an seans go gcríochnóidh mic léinn a gcúrsa, ach is tábhachtaí an toradh sa Mhatamaitic ná toradh an Bhéarla nó na Gaeilge ó thaobh  an seans go bhfaighidh mac léinn céim chéadonóracha ag deireadh a chúrsa tríú leibhéal”, a deirtear.

Níos mó

Pádraic Ó Ciardha

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge