Tá cinneadh déanta ag Microsoft rogha na Gaeilge a bhaint ó chuid de tháirgí móra an chomhlachta ag deireadh na míosa seo chugainn.
Tá an Ghaeilge ar cheann de na 27 teanga nach gcuirfidh Microsoft tacaíocht ar fáil dóibh a thuilleadh.
Tá an Bhascais agus Gailísis i measc na mionteangacha eile a mbeifear ag fáil réidh leo, chomh maith le teangacha eile amhail Filipínis, Urdúis agus Slóivéinis.
Cuirfidh an cinneadh as do dhaoine a bhaineann úsáid as an nGaeilge ar aipeanna Microsoft 365 ar iPhone agus ar iPad. I measc na seirbhísí sin, tá Outlook, an tseirbhís ríomhphoist aitheanta.
Tá sé ráite ag gcomhlacht teicneolaíochta go bhfuil siad ag fáil réidh le rogha na Gaeilge ionas “go mbeadh comhsheasmhacht ar fáil ar aipeanna Microsoft 365 don iOS’.
Ní bheidh rogha na Gaeilge ar fáil ó mhí Iúil 2020 ar aghaidh.
Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil siad ag fiosrú an scéil leis an Líonra Eorpach um Chomhionannas Teangacha (ELEN) agus iad ag éileamh ar Microsoft athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh.
“Táimid ag comhoibriú le ELEN agus muid ag fiosrú an scéil faoi láthair,” a dúirt urlabhraí ó Chonradh na Gaeilge. “Is buille é an scéal seo mar go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh an Ghaeilge chun tosaigh sa teicneolaíocht mar theanga nua-aimseartha agus toisc go bhfuil daoine ag brath ar theicneolaíocht anois níos mó ná riamh agus iad faoi dhianghlasáil.
“Táimid ag éileamh ar Microsoft athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh seo. Chabhródh sé chomh maith dá mbeadh Aire Rialtais sásta dul ar an bhfón go práinneach chuig Microsoft agus iarraidh orthu gan dul ar aghaidh leis an gcinneadh.”
Dúirt an t-urlabhraí chomh maith gur léir anois an gá atá le “coiste ardleibhéil teicneolaíochta, rud atá molta sa Straitéis 20 Bliain, a bhunú láithreach bonn”. Teastaíonn ó Chonradh na Gaeilge “ról a imirt” ar an gcoiste teicneolaíochta sin ach é a bheith bunaithe.