Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-naonur-eile-a-raibh-covid-19-orthu-basaithe,-46-cas-eile-den-ghalar-deimhnithe

Naonúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 46 cás eile den ghalar deimhnithe

| Tuairisc.ie | ,

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil naonúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus go bhfuil 46 cás eile den ghalar deimhnithe.

2,157 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,639 duine ó dheas den teorainn agus 518 ó thuaidh di.

29,482 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 24,803 cás ó dheas den teorainn agus 4,679 cás ó thuaidh.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, cathaoirleach an ghrúpa a dhéanann réamh-mheastacháin faoin eipidéim do shaineolaithe na Roinne Sláinte, nach raibh aon fhianaise ann gur chuaigh scaipeadh an ghalair i dtreise ó scaoileadh na srianta dianghlasála de bheagán ar an 18 Bealtaine.

Dúirt sé go bhfuil líon na gcásanna nua den ghalar sa lá seasmhach agus é faoi bhun 50.

Tá líon na ndaoine sna haonaid dianchúraim seasmhach chomh maith agus é faoi bhun 50 leis agus tá líon na ndaoine le Covid-19 atá á gcur sna hospidéil agus líon na mbásanna ag laghdú i gcónaí, a dúirt an tOllamh Nolan.

Bheadh tamall eile ann sula bhféadfaí breithiúnas ceart a thabhairt ar conas a bhí ag éirí le Céim 1 den phlean díchuibhrithe, a dúirt sé.

Mar sin féin, b’údar “iontais” don Ollamh Nolan a sheasmhaí is atá na figiúirí in ainneoin tús a bheith curtha 10 lá ó shin le scaoileadh na srianta. Bhí moladh mór tuillte ag muintir na hÉireann as sin agus as cloí leis an gcomhairle faoin tsláinte phoiblí.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 1,030 den 1,639 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63%. Bhain 1,000 de na cásanna sin, nó 55% acu, le tithe altranais.

Fágann sin gur bhain beagnach beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile.

Fógraíodh na figiúirí is déanaí i dtaobh na n-ionad cúraim tráth a ndúradh i dtuarascáil de chuid na Roinne Sláinte go raibh Éire ar an dara tír is measa ar domhan ó thaobh líon na mbásanna in ionaid chúraim.

Shéan an Príomh-Oifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, go raibh brú á chur air an chomhairle fanacht dhá mhéadar ó dhaoine eile a leasú.

Dúirt an tAire Oideachais Joe McHugh inniu nach mbeadh daltaí uile na tíre ábalta filleadh ar an scoil mí Mheán Fómhair dá mbeadh an chomhairle fanacht dhá mhéadar ó dhaoine eile fós i bhfeidhm. Tá ráite ag airí eile chomh maith gur chóir an chomhairle faoin dá mhéadar a athrú.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh beirt eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

De réir an eolais is déanaí a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) amach Dé hAoine, tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 518.

664 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 15 Bealtaine. 472 bás a thuairiscigh an Roinn Sláinte don tréimhse chéanna.

Básanna sna hospidéil den chuid is mó a fhógraíonn an Roinn Sláinte sa Tuaisceart, ach cuireann NISRA san áireamh gach cás ina bhfuil Covid-19 luaite mar shiocair bháis ar theastas báis.

Níos mó