Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-naonur-le-covid-19-a-bhasaigh-i-dtithe-altranais-na-gaeltachta

Naonúr le Covid-19 a bhásaigh i dtithe altranais na Gaeltachta

| Padraic O Ciardha |

Den bhreis agus 1,000 duine a fuair bás de bharr Covid-19 i dtithe altranais agus ionaid chúraim ar fud an Stáit le dhá mhí anuas, ní raibh ach naonúr acu in ionaid atá lonnaithe sa Ghaeltacht.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 1025 den 1,631 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63%. Bhain 897 de na cásanna sin, nó 55% acu, le tithe altranais.

De réir eolais ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a d’fhoilsigh an Irish Times ar maidin, meastar go bhfuil 1,030 duine tar éis bháis de bharr an choróinvíris i 167 ionad cúram sa stát ó dheas ó thús na ráige.

Dhá cheann de na tithe altranais atá luaite atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta.

Meastar gur bhásaigh seachtar a bhí ag fáil cúraim i Sonas, teach altranais príobháideach i mBéal an Mhuirthead i gcontae Mhaigh Eo. Maítear go bhfuair beirt eile a bhí i dteach altranais ar an gCaisleán Gearr i nGaillimh bás de bharr Covid-19 le cúpla mí anuas. Tá an dá áit sin sa Ghaeltacht oifigiúil, ach is léir gur tháinig tithe altranais na mórcheantar Gaeltachta slán ón gcuid is measa den ráig a d’fhág lorg uafásach ar ionaid chúraim na tíre.

Is i mBaile Átha Cliath agus sna contaetha máguaird is measa atá tithe altranais buailte. Fuair 35 duine a raibh Covid-19 orthu bás i dteach altranais Ryevale i Léim an Bhradáin i gCill Dara. 29 duine a bhásaigh i dteach altranais Tara Winthrop i Sord i mBaile Átha Cliath agus bhí an coróinvíreas ar 28 duine a bhásaigh in ionad cúraim Marymount i Leamhcán.

Baineann beagnach beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile.

Rinne Tadhg Daly, príomhfheidhmeannach chumann Tithe Altranais na hÉireann, cáineadh láidir ar an tslí ar láimhseáil an Rialtas cás na dtithe altranais i dtús na ráige, ach dúirt Teachtaí Dála áirithe gurb amhlaidh go raibh sé ag iarraidh an milleán a chur ar dhaoine eile.

Dúirt Daly nach raibh aon phlean náisiúnta ag an Stát le déileáil leis an ngalar i dtithe altranais nuair a bhuail an ráig an tír seo ar dtús agus go raibh sé ag fanacht os cionn míosa chun cruinniú a bheith aige leis an Aire Sláinte Simon Harris.

Dúirt an príomhfheidhmeannach go raibh ceithre rud a raibh an-tionchar acu ar na tithe altranais – tástáil, PPE (trealamh cosanta), feachtas earcaíochta an HSE agus líon mór othar a cuireadh chucu ó ospidéil agus gan tástáil Covid-19 déanta orthu.

Níos mó