Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-roinn-na-gaeltachta-ag-fanacht-ar-sceal-on-roinn-caiteachais-phoibli-faoi-chuiteamh-do-cholaisti-samhraidh

Roinn na Gaeltachta ag fanacht ar scéal ón Roinn Caiteachais Phoiblí faoi chúiteamh do choláistí samhraidh

Tá Roinn na Gaeltachta ag fanacht le scéal ón Roinn Caiteachais Phoiblí maidir leis an chineál pacáiste tacaíochta a chuirfí ar fáil chun teacht i gcabhair ar na coláistí samhraidh i mbliana agus ní féidir “amscála” a thabhairt maidir le cén uair a fhógrófar sonraí an phacáiste.

Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.ie go raibh “iarrachtaí leanúnacha” ar siúl acu teacht ar shocrú maidir le cúiteamh a chur ar fáil d’earnáil na gcoláistí samhraidh i mbliana.

Dúirt urlabhraí ón Roinn le Tuairisc.ie go raibh “ceist earnáil na gcoláistí Gaeilge” á plé ag an Roinn le Concos agus leis an Roinn Caiteachais Phoiblí.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar Concos, Eagraíocht Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, maidir leis an chineál socrú atáthar á lorg.

D’ardaigh beirt Teachtaí Dála as Ciarraí cás na gcoláistí samhraidh Gaeltachta sa Dáil tráthnóna inné. Dúirt Pa Daly, Teachta Dála de chuid Shinn Féin, agus Norma Moriarty, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, gur chóir tacú go láidir leis na coláistí agus le mná tí na Gaeltachta ó tharla na cúrsaí go léir a bheith curtha ar ceal i mbliana.

Ardaíodh ceist na gcoláistí samhraidh sa Dáil arís tráth a bhfuil na coláistí samhraidh Gaeltachta agus na mná tí a chuireann lóistín ar fáil do dhaltaí ag fanacht ar eolas faoin tacaíocht atá i ndán dóibh.

Dúirt an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, Heather Humphreys, sa Dáil an tseachtain seo caite go raibh cás na gcoláistí samhraidh agus na ‘mná tí’ go háirithe á phlé aici le hAire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne.

Pacáiste cúitimh don “bhean an tí” agus do na coláistí atá á phlé ag an dá roinn, a dúirt sí. Bhí freagra á thabhairt ag an aire ar cheist a chuir an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly uirthi.

Tá sé ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta, an Seanadóir Seán Kyne, cheana go mbeadh cúiteamh éigin ar fáil toisc nach mbeidh aon chúrsaí samhraidh ann i mbliana de thoradh na paindéime domhanda.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Máire Denvir, duine de stiúrthóirí Choláiste Chamuis, coláiste samhraidh aitheanta i gConamara, go raibh lucht na gcoláistí samhraidh ag fanacht “go foighdeach” le heolas faoin chineál pacáiste a bheas á chur ar fáil dóibh.

“Tá muid foighdeach agus tá muid ag fanacht agus tá súil againn go mbeidh scéal dearfach againn go gairid.”

Dúirt Máire Denvir go gcaithfí “tarrtháil” a dhéanamh ar na coláistí Gaeilge a bhfuil airgead caite acu ó Mheán Fómhair seo caite ar chúrsaí na bliana seo.

“Tá na coláistí stiúrtha ag Roinn na Gaeltachta ar gach bealach agus tá dualgas ar an Roinn. Is géarchéim í seo agus is cóir don Roinn teacht i gcabhair orainn in am na géarchéime sa gcaoi is nach gcuirtear deireadh le breis agus céad bliain de thraidisiún,” a dúirt Máire Denvir.

Sa bhliain 1904 a bunaíodh na chéad choláistí samhraidh agus meastar gur fiú €50 milliún an tionscal do cheantair Ghaeltachta ar fud na tíre.

Dúirt Máire Denvir nach raibh “aon phleanáil teanga níos foirfe ná níos fearr” ná reáchtáil na gcúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht.

“Má tá muid ag caint ar Phlean 20 Bliain don Ghaeilge agus ar an bpleanáil teanga, níl aon phleanáil teanga eile níos foirfe ná níos fearr ná scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge mar go dtagann na Gaeilgeoirí isteach sna tithe agus maireann siad ann agus tuigeann siad an cultúr.

“Ní hamháin sin ach meabhraíonn sé do ghasúir na dtithe agus do dhaoine óga sa nGaeltacht go bhfuil rud éigin an-luachmhar acu le roinnt,” a dúirt Máire Denvir ó Choláiste Chamuis.

Níos mó