Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-seacht-nod-do-dhioscmharcaigh-o-mr-scruff

Seacht nod do dhioscmharcaigh ó Mr Scruff

| Ben O Faolain | ,

Saoithín ceoil den saghas is fearr é Mr Scruff – dioscmharcach a bhaineann leas as a éirim, a scil agus a thaithí leis an lucht rince a ghríosú chun gliadair le seiteanna dj beo a mhaireann os cionn sé huaire an chloig. 

Ní haon leisceoir léiritheora é ach an oiread, agus cáil nach beag ar rianta dá chuid mar an ‘Get a Move On’ rancásach agus hip-hap strabhsach, lán dorda ‘Ug’.

Táim féin faoi gheasa ag dj-mheascáin Mr Scruff ó chuala é, de sheans, ag casadh ar stáisiún áitiúil raidió agus mé ag cur fúm i gcathair Bhriostó le linn na 1990í. 

Tá an draíocht eachtrúil chéanna a bhain leis an seisiún raidió úd le sonrú ar eagrán Mr Scruff den tsraith dj-mheascáin DJ Kicks a eisíodh le déanaí ar cheirníní K7. 

Meascann Mr Scruff suas le trí rian lena chéile ag an am céanna in áiteanna  áirithe ar Mr Scruff DJ Kicks, agus é ag gluaiseacht go fuinniúil trí 31 rian idir samba, dancehall, shnagcheol, afrobeat, house, dhioscó, fhunc, agus shólin achar 70 nóiméad. 

Don té a mbeadh spéis aige snas a chur ar a scileanna dioscmharcaíochta, ní gheofar deis níos fearr chun cleachtadh ná tréimhse na dianghlasála. D’fhiafraigh mé de Mr Scruff, mar sin, cén chomhairle a chuirfeadh sé ar dhioscmharcach atá ar thóir inspioráide.

Bhí idir mhagadh agus dáiríre ina fhreagra, agus sraith cartún lámh-línithe seolta aige chugainn chomh maith. Nach deas an Ghaeilge atá aige d’fhear as Stockport, Lancashire, bail ó Dhia air!

1) Cas ceol a bhfuil do chroí istigh ann
Ba cheart go spreagfadh an ceol tú, agus go mbeadh ceangal idir é agus tú féin mar dhuine.  Is éard a bheidh i gceist le do stíl phearsanta dhioscmharcaíochta ná an ceol a roghnaíonn tú agus an bealach a bheartaíonn tú an ceol sin a chur i láthair. Dá phearsanta agus a bheidh do chur chuige is ea is mó a bhainfidh tú sásamh as, agus is ea is mó a sheasfaidh tú amach.

2) Bí eolach ar do chuid cheoil
Más aoibhinn leat saghas áirithe ceoil léim go domhain isteach ann — na ceoltóirí, na stiúideonna, na léiritheoirí, na lipéid, na difríochtaí réigiúnacha. Cad é bun is barr an cheoil seo? Cad í an chúis go bhfuaimníonn sé mar a fhuaimníonn sé? Cad a spreag na ceoltóirí a spreagann tusa?

3) Foghlaim faoi stair an cheoil a bhfuil dúil agat ann
Cuirimis seánra ar leith i gcás — ceol house, mar shampla. Tuigfidh tú gur ceol leictreonach an chine ghoirm atá ann a tháinig faoi bhláth in Chicago sna hochtóidí. 

Cén ceol agus cé na cuinsí sóisialta a mhúnlaigh house? Cén fáth go bhfuaimníonn sé mar sin? Téir i mbun tochailte sa cheol dioscó agus sól Meiriceánach, agus sa cheol leictreonach agus dioscó Eorpach a spreag údair na fuaime house an chéad lá. 

Conas a scaip ceol house timpeall na cruinne? Cén fhorbairt atá tagtha ar cheol house in Éirinn ona hochtóidí i leith? Cén léamh atá agatsa ar cheol house, agus conas is féidir leat a bheith suaithinseach i measc na mílte dioscmharcaigh house eile?

4) Lig don gceol insint duit conas é a chasadh
Tá gach rian agus amhrán difriúil. Tá tús, lár agus críoch ar leith le gach píosa. Inseoidh struchtúr agus fuinneamh an riain duit cathain agus conas ba cheart duit é a chasadh. 

D’fhéadfá glacadh le tús rithimiúil riain mar chuireadh chun é a mheascadh isteach sa phort atá ag teacht roimhe, ach b’fhéidir go mbeadh rian le tús drámata nach bhfuil tempo ar bith le sonrú ann ag insint duit bearna a fhágaint.

Tá an rud céanna fíor i gcás dheireadh na rianta. An dtugann tú spás anála     d’amhrán, nó an roghnaíonn tú gan ach giota ar leith de a chasadh ar mhaithe le paistí fuinniúla a chruthú? Cé acu is tábhachtaí, an t-amhrán nó an meascadh? Seachain do leibhéil ar an meascóir, agus bí ag cleachtadh chomh minic agus ar féidir leat

5) Bí teicniúil
Bíodh eolas cuimsitheach ar do chuid trealaimh agat. Bain as a chéile é agus cuir ar ais le chéile arís é. Má bhaineann tú úsáid as bogearra dioscmharcaíochta, bíodh tuiscint agat ar gach gné de. 

Más rud é go mbíonn ceirníní vinile á gcasadh agat ní mór duit foghlaim conas seirbhís agus calabrú a dhéanamh ar do chaschláir, conas sádráil a dhéanamh ar cháblaí, agus conas rialaitheoir frith-scáta agus an tsnáthaid féin a shocrú i gceart. Foghlaim conas céimnitheoirí nua a chur ar do mheascóir.

6) Foghlaim conas córas fuaime a shocrú le haghaidh na hoíche
Téir i mbun oibre ar bhonn deonach le comhlacht áitiúil a bhíonn ag soláthar córas fuaime ar cíos. Más rud go mbíonn cóisirí á eagrú agat agus go mbíonn an córas fuaime á sholáthar ag dream eile, cabhraigh leo agus iarr orthu míniú cad atá ar bun acu fad is atá an córas á shocrú agaibh. Ní bheidh aon teorainn le luach an eolais theicniúil sin nuair a bheidh tú i bponc lá éigin agus ócáid á hullmhú agat.

7) Nuair atá tú le bheith ag casadh ag ócáid, ní mór duit a bheith go hiomlán réidh chuige
Bí ar an láthair go deas luath. Bí cinnte de go bhfuil an trealamh ag obair. Dein tástáil fuaime, cuir aithne ar fhoireann an ionaid, agus bí ar do chompord. Ná bíodh an ceol go ró-ard agat ag tús na hoíche (beidh “spás cloiginn” uait níos déanaí san oíche).

Mr Scruff – DJ Kicks le fáil anois ar cheirníní K7.

Níos mó