Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ta-tinte-na-gaeltachta-le-lasadh-go-foill

Tá tinte na Gaeltachta le lasadh go fóill

Samhradh na bliana 2004.

Cúpla lá roimh Oíche Fhéile Eoin a bhí ann agus bhí mé i ndiaidh trí seachtaine a chaitheamh ag teagasc ar chúrsa Gaeltachta sna Rosa i dTír Chonaill.

Mí den scoth lán le spraoi, grian, Gaeilge, fearthainn, grá, comhráite, ranganna agus piontaí pórtair.

Dlúthdhiosca bríomhar de chuid an bhanna ceoil Lúnasa a bhí á sheinm sa charr agus sa teach againn, sin agus na heisiúintí is déanaí le John Spillane, Pauline Scanlon agus Damien Dempsey, nuair nach raibh na scoláirí thart ar ndóigh.

Bhí deireadh an chúrsa buailte linn agus bhí mé féin ar tí aghaidh a thabhairt ar thír eile don chuid eile den samhradh.

An lá sular imigh mé thosaigh caint ar thinte cnámh, rud aisteach go leor don tréimhse, a shíl mé ag an am.

Chuala mé na tinte á lua ag cuid de na múinteoirí áitiúla sa choláiste ar dtús, ansin sa teach tábhairne an oíche sin, agus faoi mhaidin lá arna mhárach bhí an plé iompaithe ina ghníomh.

Bhí baiclí buachaillí óga, tuismitheoirí agus comharsana amuigh ag bailiú adhmaid agus ábhar eile le haghaidh na dtinte a bhí le lasadh acu an oíche dár gcionn, agus bhí cuid de na struchtúir lámhdhéanta seo cheana féin ina seasamh sna páirceanna agus mé ag déanamh mo bhealaigh abhaile trí Ghaeltacht Dhún na nGall an tráthnóna sin.

Chuir mé sonrú sa nós ar leith seo (tine a lasadh i dtrátha ghrianstad an tsamhraidh), nós – a fuair mé amach ina dhiaidh sin nuair a labhair mé le m’athair mór ar fhilleadh abhaile dom – a bhí go fóill beo i mo cheantar féin i ndeisceart Ard Mhacha sa chéad leath den chéad seo caite ach a bhí imithe i léig faoin am a bhí glúin mo thuismitheoirí tagtha ar an saol.

Chuir mé sonrú mór ann. Traidisiún ársa eile a bhí caomhnaithe sa cheantar uathúil seo ar imeall na tíre ach a bhí ligthe i ndearmad ag an chuid eile againn. Cúis eile le dúil a chur i gcultúr na Gaeltachta.

Ba mhór an trua go raibh mé leis an chraic uilig a chailiúint, a dúirt mé liom féin. B’fhéidir go mbeadh deis agam páirt a ghlacadh sa ghnás ar an bhliain seo chugainn.

Dé Céadaoin 23 Meitheamh, agus bhí mé i ndiaidh taisteal abhaile go hIúr Cinn Trá, béile agus cúpla deoch a chaitheamh le clann agus cairde, agus eitleán Aer Lingus a fháil ó Bhaile Átha Cliath go Bilbo, Tír na mBascach, áit a raibh mé le teanga eile a theagasc, agus cultúr eile a bhlaiseadh, sna míonna a lean.

Bhí túirse orm de bharr an taistil uilig agus, tar éis na seachtainí den ghannchuid codlata agus den mhórchuid cuideachta, thit néal orm i dtús na heitilte.

Mhúscail torann na n-inneall mé agus muid ag teacht isteach go Bilbo le coim na hoíche, agus thug mé faoi deara nach raibh mé in ann na paisinéirí eile thart orm a chluinstin i gceart.

D’amharc mé amach an fhuinneog le m’aird a bhaint de mo chluasa leathmhúchta agus cad a bhí thíos fúm ach cnoic dhorcha na Bioscáine agus iad breac le tinte beaga.

Tinte cnámh go deimhin.

Poncanna caordhearga ag lonrú i lár an dorchadais, iad le feiceáil i ngach treo ón airde mhór, lóchrainn ag cur fáilte romham agus roimh na taistealaithe eile ar an oíche is giorra den bhliain.

Bhí draíocht ag baint leis an radharc, go háirithe nuair a smaoinigh mé ar an nasc a bhí ann idir an bailiúchán deasghnách sin a bhí ar siúl i nGaeltacht Thír Chonaill cúpla lá roimhe agus an taispeántas álainn soilse a bhí anois os mo chomhair.


Smaoinigh mé ar an eachtra sin arís ar na mallaibh agus mé ag léamh na n-alt anseo ar NÓS faoi na cuimhní cinn atá ag daoine ar na tréimhsí a chaith siad sa Ghaeltacht le linn a n-óige.

Tréimhsí a thug deis dóibh athnascadh lena ndúchas agus titim i ngrá le cuid dá n-oidhreacht a bhí ceilte orthu, agus a thug spreagadh dóibh cuid den eispéireas sin a thabhairt ar ais abhaile leo agus a athbheochan arís i gcodanna eile den tír.

Ní gnáthchuimhne Ghaeltachta í an eachtra sin a tharla ar an eitilt go Tír na mBascach 16 bliana ó shin, ach ar bhealach léiríonn sé cuid den draíocht a bhaineann leis na ceantair Ghaeltachta dúinne nár tógadh le Gaeilge ach a d’aimsigh cuid dínn féin iontu i ndiaidh am a chaitheamh ar thalamh na Gaeltachta agus aithne a chur ar na daoine a chónaíonn ann.

Fáth eile ar smaoinigh mé ar oíche sin na dtinte cnámh ná go dtaispeánann sí go bhfuil i bhfad níos mó i gcoiteann le chéile ag pobail éagsúla, agus ag áiteanna éagsúla, ná mar a shíltear go minic ar an chéad spléachadh.

Is fianaise bhreise í paindéim COVID-19 ar an mhéid sin.

I gcomhthéacs na Gaeilge agus na Gaeltachta, tá na coláistí samhraidh agus na mórimeachtaí eile curtha ar ceal, rud a chruthaíonn nasc idir muid féin agus gach dream eile ar domhan a bhfuil a n-ócáidí tábhachtacha féin curtha ar athlá fosta.

Ar an dóigh chéanna, tá an iliomad pobal eile fud fad na cruinne buailte leis na dúshláin chéanna agus atá romhainn mar phobal teanga in Éirinn, agus an iliomad ceantar eile ag streachailt leis na fadhbanna sochtheangeolaíocha céanna agus atá le sárú sa Ghaeltacht.

Ón Ghailís (áit a bhfuil sráidbhailte folmha ar díol ar líne) go dtí an tSeirbia (tír ina bhfuil baile amháin á chailiúint acu in aghaidh na bliana anois), tá daoine ag dul i ngleic le bánú na tuaithe, ganntanas seirbhísí, mórbhrú ó chultúir níos cumhachtaí, easpa seachadta eolais idir na glúnta agus na cailiúintí agus na himpleachaí ar fad a eascraíonn astu.

Ach, mar atá léirithe le linn na paindéime reatha seo, má tá fadhbanna coiteanna ann, d’fhéadfadh sé go mbeadh réitigh choiteanna ann chomh maith.

Fud fad na hEorpa tá caidrimh nua á gcothú leis an talamh atá ag dul chun tairbhe don chomhshaol agus do dhaoine áitiúla araon. Tá bailte cliste cónasctha á mbunú i limistéir a bhí scoite amach go dtí seo. Tá tábhacht á cur ag daoine arís i luachanna saoil a bhí dearmadta acu le tamall.

Ní i bhfolús a chónaíonn muid ar an oileán seo, ar an domhan seo, go háirithe sa lá atá inniu ann, agus is iomaí ceacht agus ní atá le foghlaim againn ó na ceangail atá againn le gach neach eile ar an phláinéad.

Cá bhfios nach sna ceangail seo – eadrainn féin agus le pobail eile – a aimseofar smaointe nua a thabharfaidh orainn breathnú ar ár ndúshláin áirithe féin le súile eile.

Cá bhfios nach iontu atá cuid de na splancacha a chabhróidh linn ár dtinte a lasadh arís.

Níos mó