Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

Cuilt phíosála Bhéal Feirste

| 1 | ,

Seán Fennell

Dianghlasáil, laincisí, srianta, féinleithlisiú, cianfhoghlaim, cianobair, trealamh cosanta pearsanta… tá stór focal nua againn agus cuireann sé leis an phlé fá na coinníollacha difriúla maireachtála atá i bhfeidhm fud fad na hÉireann agus i gcéin sna laethe seo gan choinne.

Ach i ré na teicneolaíochta, tá na gnéithe seo beagán níos éadroime orainn mar dhaoine. Is féidir dul ar líne le fanacht i dteagmháil le gaolta agus le cairde nach bhfuil cead againn a fheiceáil san fhíorshaol… Zoomáil, físghlaonna agus Whatsapp i mbarr a réime.

Ar ndóigh, bíonn i gcónaí Facebook agus Twitter úsáideach. Go pearsanta, níor thaitin na rudaí seo liom mórán sula raibh an dianghlasáil ann agus anois tá mé go fóill ar nós cuma liom.

Ach, chuir mé fáilte mhór i gcónaí roimh an tsaol faoin spéir, an cur chuige maidir le haclaíocht. Uair an chloig sa lá. Bhí feachtas aclaíochta ann le blianta beaga anuas ag cur béim ar thábhacht na haclaíochta do pháistí go háirithe. Cur chuige sultmhar a bhí ann, 60 bomaite in aghaidh an lae. Ní raibh ar an pháiste 60 bomaite gan stop gan staonadh a dhéanamh. Thiocfadh leo 10 mbomaite  súgradh a dhéanamh sa chlós scoile ar maidin. Ansin, cluiche beag peile ag am sosa. Am lóin, deis eile. Seans beag rith thart. Cluiche nó scipeáil nó Chasies!

Dá mbeadh an t-ádh leis an pháiste an lá sin, bheadh corp oideachais ann fosta. Obair bhaile déanta agus amach ar an rothar. Mar sin, tuigeann tú an coincheap. Dianaclaíocht agus aclaíocht mheasartha.

Ach, nuair nach mbíonn an struchtúr céanna sa lá agus na cumainn spóirt uilig faoi shuan, caithfear bheith cruthaitheach agus freagrach. Mar mhúinteoir agus mar thuismitheoir, bheinn ag iarraidh nósanna maithe aclaíochta a chothú agus a spreagadh i mo dhaltaí scoile agus i mo pháistí féin.

Go n-uige seo, le linn na dianghlasála, thug muid cuairt rialta ar pháirc áitiúil le bheith ag rith, ag gleacaíocht, ag rothaíocht, ag léim, ag scipeáil agus ag imirt peile agus camógaíochta le mo bheirt iníonacha. Bhí grúpaí difriúla sa pháirc gach lá agus ba ghnách linne dul gach tráthnóna. I rith na Cásca, bhí muid ann gach lá. Má tá páistí óga bríomhara agat, tuigfidh tú liom!

Choinnigh muid muid féin scartha ó na grúpaí eile. Chuir muid scaradh sóisialta i bhfeidhm. Thug muid picnic agus smailceanna linn. Bhí sé ar dóigh.

Bhí grúpaí beaga de theaghlaigh, de dhéagóirí agus fiú seisiúin neamhfhoirmeálta sacair ag dul ar aghaidh le cóin agus cuaillí. Beagán dairíre, ach maith iad, is beatha duine a thoil.

D’aimsigh muidne spás beag dúinn féin, i gcónaí san áit chéanna. Talamh cothrom don chamógaíocht agus reathaíocht agus cleachtadh peile, peil Ghaelach. Bhí mé in ann a bheith ag imirt le hiníon amháin agus ag coinneáil súil ar an ghirseach eile ag dul thart ar an charrchlós ar a rothar.  Athair na bliana. Ní raibh na príomhgheataí foscailte, de dheasca na dianghlasála. Foirfe agus sábháilte dúinn. Tearmann beag. Rinne muid seo a bheag nó a mhór gach lá le trí seachtaine.

Ach, cónaím i dtuaisceart Bhéal Feirste, bíonn limistéar ag gach pobal, scaradh pobail i bhfeidhm i mBéal Feirste. Go stairiúil, ba cheantar Protastúnach dílseach é, thart ar pháirceanna Grove, Grove Playing Fields. Diomaite de chúpla drochradharc nó sracfhéachaint shaoithiúil agus m’iníon ag déanamh a dícheall sliotar a cheapadh san aer, nó poc amach as a lámh agus í ag gluaiseacht, bhí muid ar ár sáimhín só. Níor mhothaigh mé míchompordach.

Seal s’agamsa leis an chianfhoghlaim, déanfaidh mise corp oideachais!

Ansin, tráthnóna amháin, bhí scríbhneoireacht dhearg curtha ar bhallaí an fhoirgnimh, an Pavilion, peint spraeála a d’inis domh go raibh ár gcuid ama istigh. Níor fhan muid i bhfad an lá sin.

GAA=IRA

Scríofa fá cúig thart ar an fhoirgneamh suite i lár báire na bpáirceanna. Galánta.

Giorrúchán a bhí ann ar shean-mhana Sammy Wilson, Ard-Mhéara Bhéal Feirste agus ball den DUP. D’fhógair sé go clúiteach roinnt blianta ó shín, “The GAA is the sporting wing of the IRA“.

Bhí sé glic ag an Uas. Mac Liam, múinteoir scoile, cosúil liom féin. Thug sé amach fosta don phobal aerach, do theifigh agus do mhionlaigh eile ina shaol mar ionadaí poiblí. Chaith sé anuas ar Chaitlicigh go ginearálta agus bhí cúpla focal dearfach aige fosta maidir le Nelson Mandela.

Tá na páirceanna sacair seo lonnaithe i dtuaisceart Bhéal Feirste. Is páirceanna de chuid Chomhairle na Cathrach iad, ar fáil don phobal.

Anois, má tá tú eolach ar thuaisceart na cathrach, beidh a fhios agat gur Chuilt Phíosála, Patchwork
Quilt atá ann, mar a deir na tráchtairí go minic. Scaradh pobail. Bhuel, go bunúsach, tá trí chuid sa chuilt, cúig seans. Na Cúigí. Ach, tá sin in úsáid cheana féin againn do na ceithre chúige, tá seo ag dul in olcas! Casta.

Cosúil leis na ceathrúna i mBéal Feirste, Ceathrú na hArdeaglaise, An Cheathrú Ghaeltachta, Ceathrú na hOllscoile, cá bhfuil an ceann eile? Titanic? Línéadach? Margaí? Smithfield?

Seo Ceantracha na Cuilte…

1. Ceantar amháin lucht oibre Caitliceach

2. Ceantar eile lucht oibre Protastúnach

3. Ceantar meánaicme Caitliceach, is é sin, tithe níos fearr ná an lucht oibre Caitliceach

4. Agus os a choinne sin, ceantar meánaicme Protastúnach, is é sin, tithe níos fearr ná an lucht oibre Protastúnach

5. Ceantar saibhir atá measctha, Caitlicigh agus Protastúnaigh le chéile

Is áit shuimiúil í, Béal Feirste Thuaidh. Bochtanas agus saibhreas le punt a chéile. Ceantracha a d’fhulaing sa choimhlint, Ard Eoin agus An Lóiste Úr ar láimh amháin agus Mount Vernon agus Tigers Bay ar an láimh eile. Lá den tsaol, le linn Réabhlóid na Tionsclaíochta, chónaigh boic mhóra an rachmais sna tithe móra i dtuaisceart na cathrach, ráchairt mhillteanach ar na tithe amhail  Bóthar Malone, inniu.

Tá scaradh pobail le sonrú ar chúpla cúis sna ceantracha lucht oibre.

Níl na fadhbanna tithíochta, meabhairshláinte, eacnamaíochta, dífhostaíochta, féinmharaithe, infheistíochta, drugaí, drochíde baile, foréigin, alcóil le feiceáil sna ceantracha saibhre de  thuaisceart na cathrach.

Tá lorg na staire le mothú go fóill agus le feiceáil ar na ballaí. Tá teorainneacha agus scoilteacha ann. An seicteachas agus an caolaigeantachas. An dá phobal atá ag an bhun ag troid lena chéile.

Smaoinigh ar an olltoghchán deireanach, nuair a toghadh John Finucane, Sinn Féin, ina fheisire parlaiminte do Thuaisceart Bhéal Feirste. Rinne dílseoirí clúmhilleadh ar theaghlach Finucane.

Smaoinigh ar an agóid taobh amuigh den ollmhargadh Lidl, ar Bhóthar na Trá a bhain leis an siopa gan bheith ag tacú go hoscailte le feachtas na bpoipíní. Fiú, gur thug siad deonachán airgid don charthanacht British Legion.

Smaoinigh ar na mionghrúpaí poblachtacha atá breactha san Old Park, Carrick Hill nó North Queen Street.

Smaoinigh ar na fadhbanna a bhíonn ag na Ballaí Síochána idir Newington agus Tigers Bay nó Ard Eoin agus Twaddell.

An cuimhin leat an Campa Síochána ag barr Twaddell? Campa na bhFear Buí.

Smaoinigh ar an amaidí thart ag an tine chnámh sa Lóiste Úr anuraidh ag bréag-chomóradh Imtheorannú, 1971.

Smaoinigh ar na círéibeacha bliantúla ag siopaí Ard Eoin atá imithe in éag, buíochas le Dia.

Cuimhnigh go bhfuil líon na bhféinmharuithe níos airde i dtuaisceart Bhéal Feirste i gcomparáid le ceantar ar bith eile sna Sé Chontae, gan trácht ar rátaí dífhostaíochta nó ráta ionchais saoil.

Ach, tá dóchas ann… tá ré nua i ndán do Thuaisceart Bhéal Feirste.

Beidh campas nua ollscoile tógtha ar imeall thuaidh lár na cathrach agus Cosán na bhFathach, Giants Park le hoscailt cois Loch Lao.

Tá Cliftonville FC ann ar Bhóthar Cliftonville agus Solitude. Bhain siad Sraithchomórtas na hÉireann cúpla uair ar na mallaibh.

Tá Crusaders FC ann fosta. D’imir siad Wolves i Sraith na Seaimpíní ag tús an tséasúir seo agus bhain siad an tsraith cuid mhór le déanaí.

Tá na cumainn CLG ag dul ó neart go neart. Féach Ard Eoin agus Naomh Éanna. D’imir CLG Ard Eoin ról na n-altraí ag tacú leis an phobal sa phaindéim seo le hearraí riachtanacha a chur ar fáil.

Bhain Naomh Éanna Craobh Aontroma agus Uladh sa pheil agus san iomáint anuraidh. Tá siad ar an chumann is mó fáis ar an oileán.

Tá mol mór cumann sacar sa tuaisceart a imríonn sa tSraith amaitéarach ón phobal Protastúnach, Albert Foundry, Basement, Woodvale, Shankill Young Men agus neart eile.

Tá na foirne Caitliceacha ag déanamh go maith fosta, Newington, Malachians, Crumlin Star agus St.Pat’s.

Bíonn ógfhoirne ag na cumainn seo ar fad.

Dá bhfeicfeá na háiseanna spóirt ag Girdwood!

Ar bhlais tú an caife in R City Cafe? Fiontar pobail a thugann an dá phobal le chéile.

Ar thug tú cuairt ar an Spectrum Centre nó ar an Duncairn?

Ar ghlac tú páirt i siúlóid na Samhna? Féile na Soilse?

Tá obair cheannródaíoch ag dul ar aghaidh sna scoltacha, féach, St.Malachy’s, Edmund Rice nó Boys Model agus Belfast Royal Academy, mar shampla. Traidhfil de bhlianta ó shín, chuir PJ O’Grady, iar-phríomhoide Choláiste Pádraig, nó Barney mar is fearr aithne ar an scoil sa cheantar, (ón Ghaeilge Barr na Gaoithe), tús le foireann iománaíochta lena mheánscoil féin agus cúpla scoil Phrotastúnach. D’éirigh go geal leo.

Tugann spórt an pobal le chéile. Ní scarann spórt muid. Tá go leor den scaradh pobail ann cheana féin.

Ní ligfidh mé don ghraifítí cur isteach orm. Is grá liom tuaisceart Bhéal Feirste, ach tá mo chroí in iarthar na cathrach. Is westie mé cibé!

Is aoibhin liom na hOibreacha Uisce, Áras Mhic Reachtain, Cassidy’s agus an tógáil croí a thugann Beann Mhadagáin domh, smaoinigh Gullivers Travels, dochreidte. Smaoinigh ar Bheann Mhadagáin. Smaoinigh ar Wolfe Tone. Ag aontú na gCaitliceach, na bProtastúnach agus na nEasaontóirí.

Tharla sé arís ag páirceanna Grove gur scríobh drong beag d’amadáin teachtaireachtaí frith-CLG ar na seomraí feistis. An iarraidh seo, áfach, chuaigh siad céim mhór shuntasach chun tosaigh agus chroch comhartha mór ar na geataí taobh amuigh den áis spóirt don phobal ag maíomh

Anti British GAA Not Welcome. Scaipeadh an pictiúr den chomhartha go forleathan ar na meáin shóisiálta ag an deireadh seachtaine (14/6/20) agus chuir an Irish News an grianghraf agus an scéal ar an leathanach tosaigh (15/6/20). Cháin polaiteoirí agus ceannairí pobail an comhartha seicteach go forleathan.  Bhain Comhairle Chathair Bhéal Feirste anuas é go measartha gasta. Ach, tá an teachtaireacht agus an mothú go fóill le brath.

Maidir liom féin, mothaím gurb é an duine nó na daoine céanna a rinne é. Ní saineolaí scríbhneoireachta nó peannaireachta mé. Níl cur amach agam ar lámhscríbhinní agus stíleanna na scríobhaithe, ach ní bheadh Sherlock Holmes de dhíth leis an mhistéir a fhiosrú. Péint spraeála dhearg in úsáid an dá uair agus na litreacha GAA an-chosúil lena chéile, cruinn agus snasta! An lámh chéanna gan amhras i mo bharúil. Trodaí cultúrtha. Saighdiúir ar son an phobail DAP

(Dílseach, Aontachtach agus Protastúnach).

Tá lámh mhaith aige nó aici. Lámh Dhearg Abú!

Ar deireadh, bíonn amadáin ann gach áit. Bíonn drong beag seicteach, caolaigeantach thart agus beidh i gcónaí. Bíonn siad in achan sochaí. Is mionlach de mhionlach iad, ón chianaimsir.

Ní chluinimid faoin obair mhór mhaith atá ag dul ar aghaidh sa chúlra go formhothaithe, don todhchaí. Rachaidh muid ar aghaidh. Bí dearfach, creid ionat féin.

Ach, bí cúramach in amanntaí, cá háit a n-imríonn tú camógaíocht!

Níos mó