Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-e7,600+-bailithe-ag-seo-linn-agus-the-loose-head-ar-son-self-help-africa

€7,600+ bailithe ag Seo Linn agus The Loose Head ar son Self-Help Africa

| Maitiu O Coimin |

Tá os cionn €7,600 bailithe ag triúr Gael a shiúil os cionn 300,000 coiscéim eatarthu ag an deireadh seachtaine. Chuir Jeff Neville; colúnaí rugbaí le NÓS agus riarthóir an tsuímh rugbaí The Loose Head, agus Stiofán Ó Fearaíl agus Dáithí Ó Ruaidh; beirt cheoltóirí ón mbanna ceoil Seo Linn, an dúshlán mór rompu féin Dé Sathairn.

Labhair Stiofán, atá ina chónaí i gcathair Luimnigh, le NÓS faoin lá mór agus faoin méid a dhéanfaidh an carthanas Self-Help Africa leis an €7,600 atá bailithe acu go dtí seo.  

“Ní dheachaigh mé a chodladh go dtí 1.00 nó ina dhiaidh an oíche roimh ré. Bhí sé ar intinn agam dul a luí i bhfad níos luaithe, ach is dóigh go raibh mé ar bís faoin lá mór amach romham. D’éirigh mé arís ag 4.25 agus d’fhág mé an teach díreach i ndiaidh a cúig a chlog. 

“Tósta agus leite a bhí agam don bhricfeasta ar dtús, ach bhí babhla rís, glasraí agus sicín réitithe agam ón oíche roimhe agus d’ith mé iad sin sular thug mé cos ar an mbóthar freisin,” a dúirt sé.

Bhí cúrsa garbh leagtha amach ag Stiofán sular thosaigh sé an dúshlán, cúrsa a thug ó chathair Luimnigh, isteach go contae an Chláir agus contae Thiobraid Árann é sular fhill sé ar Chathair an Chonartha. Is as Luimneach duine de na fir eile a bhí i mbun an dúshláin, Jeff Neville, agus shiúil Stiofán thar a theach go moch ar maidin, ach bhí an fear rugbaí i bhfad as baile i gContae na Mí, mar a bhfuil sé féin ina chónaí lena bhean anois. 

“Bhí plean déanta agam agus thug sé timpeall ionad siopadóireachta an Chorráin, Páirc na nGael, agus Páirc Thuamhan mé. Bhí thart ar 18km siúlta agam nuair a d’fhág mé an chathair agus thug aghaidh ar chontae an Chláir. I dtreo an Phairtín agus Ard na Croise a chuaigh mé, agus chas mé le mo fiancé Lisa ansin. Bhí an giotár aici sa gcarr, agus chan mé cúpla amhrán sular thosaigh muid ag siúl le chéile i dtreo Dhroichead Uí Bhriain.

“Bhí cara linn, Kate, ag fanacht orainn sa mbaile sin, agus thug sí tae, builín, agus stocaí nua dom! Nigh mé mo chosa, d’athraigh mé mo stocaí agus bhí mé ar mo sheanléim arís. Lean muid triúr Slí Loch Deirg go Cill Dá Lua, mar ar chas mé le cara eile liom, Ger, agus d’fhág muid slán le Kate agus Lisa. Bhí Ger liom as sin go dtí an deireadh, agus shiúil muid go Cnocán an Éinín i dTiobraid Árann agus ar ais go Luimneach le chéile. 

“Bhí mé i dteagmháil sách rialta leis na leaideanna eile, Dáithí i gCill Chainnigh agus Jeff i gcontae na Mí, agus bhí muid ag cur an scéal is deireanaí amach ar na meáin shóisialta gach cúpla uair an chloig. Bhí an tacaíocht a fuair muid óna chéile, óna daoine a bhí linn ar an mbóthar, agus go mór mór ó na daoine a bhí dár leanacht ar na meáin shóisialta iontach agus chabhraigh sé go mór linn,” a dúirt sé. 

View this post on Instagram

Just to say thanks ➡

A post shared by Jeff Neville (@jeffnevill) on

Ag bailiú airgid ar son Self Help Africa a bhí Stiofán, Jeff agus Dáithí, carthanas a bhfuil go leor oibre déanta acu triúr ar a shon le blianta fada. Dhreap siad Cruach Phádraig i Maigh Eo cosnochta in 2011, rinne Stiofán tumadh spéire cúpla bliain roimhe sin, agus chuaigh siad triúr ar chadhc ó Indreabhán go dtí an Spidéal ar son an charthanais.

Shiúil Stiofán thar an siopa atá ag Self-Help Africa i gcathair Luimnigh i dtreo dheireadh na siúlóide, agus gan ach 5,000 coiscéim fágtha le tabhairt aige. Chríochnaigh sé an t-éacht siúil ag thart ar 21.30 tráthnóna Dé Sathairn, agus ní raibh na fir eile i bhfad ina dhiaidh. 

“Bhí an lá go hiontach, thaitin an dúshlán go mór liom. Ar ndóigh, bhí pointí áirithe ann a bhí uafásach, ach níor bhuail sé go trom mé go dtí Cnocán an Éinín, agus as sin go Crosaire Uí Dhálaigh. Bhí mé tuirseach agus tinn roimhe sin, ach bhí mé ag streachailt go mór idir an dá bhaile sin.

“Tháinig gaoth sna seolta arís nuair a tháinig mé isteach go Caisleán Uí Chonaill, agus muid ag dul síos le fána arís, agus thit mé isteach ar rithim dheas arís,” a dúirt sé. 

Tá os cionn €7,500 bailithe acu go dtí seo, agus fanfaidh an leathanach tiomsaithe airgid ar oscailt go dtí an deireadh seachtaine seo chugainn.

“Oibríonn Self-Help Africa in iarthar na hAfraice na hAfraice, i dtíortha ar nós Buircíne Fasó, agus Tógó, agus i dtíortha in oirthear na hAfraice ar nós Uganda, an Chéinia, an Aetóip, an Mhaláiv agus an tSaimbia.

“Tá plá mór lócaistí tar éis an Afraic a bhualadh, i go leor tíortha agus tá dochar as cuimse á dhéanamh acu don soláthar bia ann. Is féidir le sáithe a bhfuil achar ciliméadar cearnaithe an méid bia a d’íosfadh 35,000 duine a ithe in aon lá amháin a ithe san am céanna. Tá saithe atá chomh mór céanna le Lucsamburg thart ar dhá bhilliún lócaiste, san Afraic faoi láthair agus tá Covid-19 tagtha anuas sa mullach orthu freisin, mar sin tá go leor oibre le déanamh ann,” a dúirt Stiofán le NÓS.

Is féidir airgead a dheonú anseo.

Níos mó