Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-foras-na-gaeilge:-‘taimid-tiomanta-de-bheith-tacuil-agus-solubtha-le-linn-threimhse-na-gearcheime’

FORAS NA GAEILGE: ‘Táimid tiomanta de bheith tacúil agus solúbtha le linn thréimhse na géarchéime’

| Tuairisc.ie |

1) Cad iad na socruithe nua atá curtha i bhfeidhm agaibh mar gheall ar an choróinvíreas?

Tá na céimeanna a ghlac Foras na Gaeilge le dul i ngleic leis an gcoróinvíreas leagtha amach sna míreanna nuachta ar shuíomh Fhoras na Gaeilge – ina measc, tá baill foirne ag obair ó chian agus gach ceann dár gcúig oifig dúnta, tá iarratais ar scéimeanna maoinithe ag teacht chugainn ar ríomhphost agus tá cruinnithe á reáchtáil trí fhíschomhdháil.

2) Cad iad na dúshláin is mó a bhíonn le sárú agaibh?

Tháinig an ghéarchéim chun cinn go tobann agus b’éigean dúinn gníomhú go sciobtha le baill foirne agus an pobal a chosaint chomh maith le leanúint lenár gcuid oibre. Glacadh na céimeanna cuí mar a d’fhorbair an treoir ón dá dhlínse. Bhí dúshlán áirithe ag baint lenár gcúig oifig a dhúnadh agus le gach ball foirne a chumasú le bheith ag obair ó chian i dtréimhse ghairid ama. Ach d’éirigh linn an dúshlán a shárú trí phlean leanúnachais gnó a chur i bhfeidhm le cinntiú go bhféadfaimis leanúint lenár gcuid oibre ó chian.

3) Cad iad na hócáidí, tograí nó pleananna atá curtha ar ceal agaibh mar gheall ar an choróinvíreas?

Tá roinnt ócáidí a bhí beartaithe ag Foras na Gaeilge curtha siar agus déanfar athbhreithniú ar na pleananna má thagann athrú ar an treoir maidir le hócáidí poiblí.

4) Cad iad na hócáidí, tograí nó pleananna a bhfuil éiginnteacht ann fúthu mar gheall ar an choróinvíreas.

Tá tionchar ag an gcoróinvíreas ar chlár oibre gach deontaí reatha d’Fhoras na Gaeilge agus táimid tiomanta de bheith tacúil agus solúbtha le linn thréimhse na géarchéime. Cé go bhfuil imeachtaí poiblí arbh éigean iad a chur ar ceal, tá na deontaithe reatha cheana féin ag cur socruithe eile i bhfeidhm le seirbhísí agus bealaí eile tacaíochta a sholáthar ar líne dá spriocphobal. Tá Foras na Gaeilge ag súil leis an tacaíocht mhaoinithe a ceadaíodh i mbliana trínár scéimeanna eile (ina measc, Scéim na bhFéilte, Scéim na Scoláireachtaí, Scéim na gCompántas Drámaíochta, Scéim na gCampaí Samhraidh) a chur ar fáil fós do dheontaithe, bunaithe ar phleananna coigeartaithe.

Go ginearálta, beidh éiginnteacht ann faoi imeachtaí na sé cheanneagraíocht, a gcuirtear beagnach trian de mhaoiniú Fhoras na Gaeilge ar fáil dóibh. Tá an cheist

sin á plé leo faoi láthair le teacht ar bhealaí leis na hiarmhairtí is measa a mhaolú. Lena chois sin, tá roinnt imeachtaí agus ócáidí eile a bhíonn á n-eagrú againn i gcomhar le páirtithe leasmhara a ardaíonn feasacht ar an nGaeilge. Beidh Foras na Gaeilge, i gcomhar leis an páirtithe leasmhara ag iarraidh tabhairt faoi bhealaí eile le feasacht ar an nGaeilge a ardú sa dara leath den bhliain.

5) Ar an iomlán, cén tionchar a bhí ag an ghéarchéim ar obair na heagraíochta agus cén tionchar a bheas aici ar obair na heagraíochta?

Tá sé róluath an tionchar iomlán a bheidh ag an ngéarchéim dhomhanda seo a mheas. Beidh moill i gceist ó thaobh spriocanna a bhain le scéimeanna agus tionscadail áirithe agus éiginnteacht ann faoin gcaoi a mbeimid in ann feidhmiú mar a bhíodh agus faoi mar a bheidh na hoifigí á n-athoscailt de réir threoir an rialtais.

Tá clár cumarsáide curtha i bhfeidhm againn agus idirphlé á dhéanamh lenár ndeontaithe faoi phleananna a choigeartú le cur in oiriúint do na laincisí. Ábhar dóchais dúinn an t-idirphlé seo agus é mar thosaíocht againn a bheith réamhghníomhach agus fadradharcach inár gcur chuige.

6) An bhféadfá buille faoi thuairim a thabhairt faoin chéatadán d’obair na heagraíochta a chuir an ghéarchéim isteach air?

Tá na cúinsí ag athrú ó lá go lá agus tá áireamh á dhéanamh orthu go leanúnach. Mar sin bheadh sé róluath buille faoi thuairim a thabhairt.

Tá modhanna oibre Fhoras na Gaeilge á gcoigeartú agus tá ár bpleananna curtha in oiriúint de réir mar a thagann an treoir is déanaí ón dá dhlínse.

Níos mó