Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘glor-na-gaeltachta’-le-cur-ar-‘ardan-digiteach’-amharclann-ghaoth-dobhair

‘Glór na Gaeltachta’ le cur ar ‘ardán digiteach’ Amharclann Ghaoth Dobhair

| Poilin Nic Geidigh |

Cuirfidh lucht Amharclann Ghaoth Dobhair tús an tseachtain seo le fiontar úr dar teideal ‘Glór na Gaeltachta’, togra ina gcraolfar tallann mhuintir na Gaeltachta ar líne. 

Dúirt Pól Mac Cumhaill, cathaoirleach Choiste na hAmharclainne, le NÓS gur mhaith leo tallann na Gaeltachta a ghríosú agus a léiriú ar na meáin shóisialta.

“Anois agus an Amharclann druidte, ba mhaith linn ardán a thabhairt do dhaoine atá sa bhaile, daoine b’fhéidir nach raibh ar an stáitse roimhe, lena dtallann a thaispeáint ar dhóigh dhifriúil, agus leanúint ar aghaidh leis an obair a bhí ar siúl againn leis an phobal,” a dúirt sé.

Tá Amharclann Ghaoth Dobhair ag tabhairt cuireadh foscailte d’ealaíontóirí Gaeltachta ar fud na tíre, idir óg agus aosta, idir dhaoine aonair agus ghrúpaí, mír ealaíonta nó scil faoi leith a thaifead agus a sheoladh isteach chucu.

Tá scéimeanna den chineál céanna ar siúl cheana féin ar fud na tíre, in Ard Mhacha Theas agus ag Mná an Atlantaigh Fhiáin mar shampla, ach dúirt Pól go bhfuil fáilte roimh aon saothar Gaelach san fhiontar. 

“Tá fáilte roimh phíosaí drámaíochta, damhsa, sceitse, píosaí ceoil, comhrá, sliocht, nó dán. Bhí sé i gcónaí ar intinn againn rud inteacht mar seo a thoiseacht agus a chur chun cinn, agus thug na srianta úra de bharr Covid-19 an deis dúinn é seo a chur i ngnímh. Tá deis againn bogadh ar aghaidh i dtreo eile, agus ardán úr a chruthú,” a dúirt sé. 

Faoi láthair, tá físeáin de dhrámaí a taifeadadh le blianta beaga anuas á gcur ar líne le teagmháil a choinneáil idir an phobal agus an Amharclann, ach is seo deis úr do dhaoine nach raibh ar an ardán riamh a gcuid scileanna a chur os comhair an tsaoil. 

“Tá súil againn amach anseo comórtas tallainne a reachtáil leis an tacaíocht a fhaigheann muid ón Mheitheal Pleanála Teanga, Ealaín na Gaeltachta, agus Foras na Gaeilge, ach is seo an chéad chéim i dtreo úr agus thig linn díriú isteach go láidir air seo anois,” a dúirt Pól.

Is féidir míreanna a sheoladh chuig amharclann1961@gmail.com, agus beidh an chéad trí léiriúchán ar leathanach Facebook na hAmharclainne Dé Domhnaigh, an 21 Meitheamh ag a 19.00.

Níos mó