Gnéithe coitianta a bhaineann le logainmneacha na hÉireann
Den chuid is mó, bíonn brí ag logainmneacha na hÉireann agus is minic go ndéantar tagairt do stair, tíreolaíocht agus tírdhreach an cheantair sa bhrí sin.
Feictear tagairtí áirithe arís agus arís eile timpeall na hÉireann agus seo na gnéithe coitianta de logainmneacha na hÉireann le mínithe agus samplaí. Is suimiúil an rud é a fheiceáil go mbíonn brí ag na focail agus freisin go bhfeictear cuid acu ó cheann ceann na tíre.
Abhainn
Tagraíonn an focal ‘abhainn’ i logainm d’abhainn nó ‘river’ mar a cheapfá! Tá sé níos coitianta in iarthar na tíre agus feictear an focal abhainn san fhoirm ‘abha’ chomh maith.
Samplaí: Srón Abhann (Ciarraí), An Abhainn Dubh (Loch Garman) agus Baile idir Dhá Abhainn (Sligeach)
Ard
An chiall atá leis an bhfocal ard ná ‘height’ agus is aidiacht í freisin a chiallaíonn ‘high’. Is logainm coitianta é agus feictear é mar ainm an chontae i gcás Ard Mhacha agus áiteanna eile.
Samplaí: Ard Pádraig (Luimneach), Ard Raithin (Gaillimh) agus Dún Ard (Cill Mhantáin).
Baile
Feictear an focal baile go mion minic i logainmneacha na hÉireann agus tá sé an-láidir san oirdheisceart. An chiall atá le baile ná ‘town/townland’ mar sin ní nach ionadh go bhfuil sé chomh comónta sin. Tá sé le feiceáil i logainm na príomhchathrach, Baile Átha Cliath.
Samplaí: Baile Átha an Rí (Gaillimh), Baile Bhlainséir (Baile Átha Cliath), Baile Eireoil (Ceatharlach)
Cill
An bhrí atá le cill ná ‘churchyard’. Is cinnte go bhfuil go leor séipéal in Éirinn agus mar sin, feictear an logainm seo go minic. Tá sé i logainm na gcontaetha Cill Dara, Cill Cheannaigh agus Cill Mhantáin.
Samplaí: Cill Mhichíl (An Clár), Cill Eoghain (Doire), Cill Aodha (Port Láirge)
Cnoc
Ciallaíonn cnoc ‘hill’ agus tá an logainm seo ar fud na tíre, go háirithe sa Deisceart agus san Iarthar.
Samplaí: Cnoc an Teampaill (Corcaigh), Cnoc Mhuire (Maigh Eo), Droichead an Chnoic (An Lú)
Doire
Tagraíonn Doire do ‘oak’ nó coill a bhfuil crainn dharacha ann. Tá contae Dhoire ann agus chomh maith leis sin, tá bailte ann leis an logainm doire ann.
Samplaí: Doire Cúile (Uíbh Fhailí), Doire Leathan (An Cabhán), Teampall Doire (Tiobráid Árann)
Dún
An chiall a bhaineann le dún nó dúnaibh ná ‘fort’ agus tá sé le feiceáil le contae an Dún chomh maith le contae Dhún na nGall. Tá an logainm le feiceáil ar fud na tíre
Samplaí: Cnoc an Dúin (An Mhí), Dún Libhse (Aontroim), Dún Laoghaire (Baile Átha Cliath)
Lios
Tagraíonn lios do ‘ring-fort/enclosure’ a bheith i gceantar áirithe. Feictear an logainm seo san Iarthar agus sa Deisceart go háirithe.
Samplaí: An Lios Garbh (Ros Comáin), An Lios Liath (An Longfort), Lios Suibhne (Muineachán)
Mór
An bhrí atá ag an bhfocal mór ná ‘big’ agus mar a shamhlófá, tá an logainm seo le feiceáil ó cheann ceann na tíre.
Samplaí: Cluain Mór (Laois), An Tigh Mór (Fear Meanach), An tArd Mór (an Iarmhí)
Ráth
Nuair a fheictear ráth i logainm, is ag tagairt do ‘ring-fort’ atá sé agus tá an logainm seo ar fud na tíre.
Samplaí: Ráth Thamhnach (Tír Eoghain), An Ráth Bán (Liatroim), Ráth Bheathach (Cill Cheannaigh)
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi logainmneacha na hÉireann ar Logainm.ie.