Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-leath-de-na-daoine-a-tholgann-covid-19-ag-fanacht-dha-la-roimh-dhul-i-dteagmhail-le-dochtuir

Leath de na daoine a tholgann Covid-19 ag fanacht dhá lá roimh dhul i dteagmháil le dochtúir

| Tuairisc.ie | ,

Tá na húdaráis sláinte ag impí ar dhaoine a mheasann go bhfuil Covid-19 orthu teagmháil a dhéanamh le dochtúir láithreach.

Dúirt LeasPhríomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Ronan Glynn, gurb amhlaidh go raibh moill a dhéanamh ag daoine i gcásanna go leor.

“Thart ar leath na ndaoine ar deimhníodh go raibh Covid-19 tolgtha acu sa bpobal, thóg sé dhá lá nó níos mó orthu dul i dteagmháil lena ndochtúir.

“An rud is tábhachtaí is féidir le haon duine a dhéanamh an dá luath agus a bhraitheann siad aon chomhartha sóirt den víreas leithlisiú nó fanacht amach ó dhaoine eile, a laghad teagmhála agus is féidir a bheith acu le muintir eile an tí agus glaoch gutháin a chur ar an dochtúir teaghlaigh,” arsa an Dr Glynn.

Dúirt an Dr Siobhán Ni Bhriain, Síciatraí Comhairleach agus Ceannasaí Cúram Comhtháite an HSE gur comharthaí sóirt fíorchoitianta iad comharthaí an víris agus nach mbacann go leor daoine glaoch ar an dochtúir ar an bpointe má bhíonn casacht, giorra anála nó fiabhras orthu nó dá n-athródh a gcumas boladh a fháil.

“Ach ó tá an phaindéim seo againn faoi láthair, impím oraibh glaoch ar an dochtúir teaghlaigh má airíonn sibh aon cheann de na comharthaí sin le cuidiú linn scaipeadh an choróinvíris a chosc,” a dúirt an Dr Siobhán Ni Bhriain.

Tugadh an rabhadh sin tráth a bhfuiltear ag súil le fógra eile ón Rialtas maidir le dlús a chur arís le scaoileadh na srianta dianghlasála.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann gur “mór an t-údar misnigh” é nach bhfuil aon chosúlacht ar na sonraí go bhfuil “aon ardú suntasach” ar scaipeadh an Covid-19 sa bpobal ó cuireadh tús le Céim 2 de phlean díchuibhrithe an Rialtais.

D’fhógair NPHET tráthnóna inné go raibh ceathrar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus 16 cás nua den ghalar deimhnithe.

Ní raibh aon bhás nua le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt  inné agus níor deimhníodh ach cás nua amháin den ghalar.

2,257 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,714 duine ó dheas den teorainn agus 543 ó thuaidh di.

30,218 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,355 cás ó dheas den teorainn agus 4,863 cás ó thuaidh.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 1,085 den 1,714 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63.3%.

Bhain 962 de na cásanna sin, nó 56% acu, le tithe altranais.

Fágann sin gur bhain beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, cathaoirleach an ghrúpa a dhéanann réamh-mheastacháin faoin eipidéim do shaineolaithe na Roinne Sláinte, gur léirigh na figiúirí is déanaí go raibh scaipeadh an ghalair seasmhach nó ag laghdú.

De réir an eolais is déanaí tá ráta atáirgthe an ghalair Covid-19 idir 0.5-0.7.

Is ionann sin agus a rá, as gach beirt a tholgann an Covid-19, ní thabharfaidh duine amháin acu d’aon duine eile é agus ní thabharfaidh an dara duine do níos mó ná duine amháin eile é.

Dúirt Nolan go raibh na figiúirí maidir le scaipeadh an ghalair “beagnach díreach mar a chéile” le figiúirí na seachtaine seo caite. Bhí an líon othar atá á gcur in aonaid dianchúraim gach lá, líon na gcásanna sna hospidéil agus líon na ndaoine atá ag fáil bháis de dheasca an ghalair ag titim i gcónaí, ar sé. 23 duine a bhí buailte ag Covid-19 a bhí in aonaid dianchúraim na n-ospideál inné. 73 othar le Covid-19 a bhí sna hospidéil ar an meán an tseachtain seo caite, i gcomparáid le 48 othar inniu.

Ar an meán, duine amháin le Covid-19 atá á chur in ICU gach cúig lá.

Dúirt Nolan go raibh sé róluath a mheas fós cén tionchar a bhí ag scaoileadh na srianta is déanaí ar scaipeadh an ghalair ach gur údar misnigh ab ea é nach raibh aon fhianaise go fóill ann go raibh aon athrú mór tagtha ar chúrsaí.

Dúirt sé gur cásanna aonair sa phobal agus sa teaghlaigh ab ea 60% de na cásanna nua den ghalar anois agus go raibh an galar curtha faoi chois in ionaid chúraim agus áiteanna eile. B’ábhar beag imní é, a dúirt sé, go raibh méadú beag tagtha ar líon na gcásanna a bhain leis an taisteal thar lear. Níos lú ná 10 gcás a bhí i gceist le coicís anuas. Bhain ceann de na cásanna sin le duine a tháinig ó Shasana agus bhain ceann eile acu le duine a thaistil ón tSualainn. Tá na cásanna eile fós á bhfiosrú.

Níos mó