Na siúlóidí is fearr le déanamh in Éirinn
Ar ámharaí an tsaoil tá an samhradh buailte linn agus tá an aimsir ag dul i bhfeabhas. Tá an t-ádh linn go bhfuil cónaí orainn in Éirinn, tír atá lán le háilleacht a bhfuil dúlra saibhir aici. Níl aon leithscéal againn gan a bheith amuigh faoin spéir agus a bheith ag baint triail as siúlóidí úra amuigh faoin tír. Tá go leor siúlóidí ar fud na tíre gur féidir le daoine déanamh agus tá PEIG.ie chun cúpla moladh a roinnt faoi na siúlóidí is fearr linne.
Binn Chuilceach, Conair Legnabrocky – ‘Staighre chun na flaithis’ | Fear Manach
Tá seans maith go bhfaca tú pictiúir de na ‘Staighre chun na flaithis’ ar Instagram agus caithfear a rá go bhfuil áilleacht faoi leith ag baint leo. Meallann na pictiúir thú chun triail a bhaint as an tsiúlóid seo. Deirtear go bhfuil an tsiúlóid furasta agus deacair ag brath ar do leibhéal féin.
Más duine thú a bhíonn ag siúl i measc na gcnoc go minic, níor chóir go mbeadh deacracht agat leis. Glacann an tsiúlóid thart ar dhá uair go leath go dtí trí huaire. Tá an tsiúlóid í féin thart ar 4.6 míle ar an iomlán.
Sliabh gCuillinn, Gullion | Ard Mhacha
Tá radhairc iontacha ó bharr Shliabh gCuillin síos ar Thuaisceart agus Deisceart Éireann. Siúltar ar na cnoic seo lán le fraoch álainn agus feicfidh tú Fáinne Chnoc Shliabh gCuillinn, bolcán a phléasc breis agus 50 milliún bliain ó shin.
Cuirtear tús agus deireadh leis an tsiúlóid ocht míle seo sa charrchlós in aice le hIonad Chlós Shliabh gCuillin atá lonnaithe i bPáirc Fhoraoise Shliabh gCuillinn. Bí cinnte go dtugann tú go leor ama duit féin don tsiúlóid seo. Is dócha go mbeidh ceithre huaire go leath cuí ag cur san áireamh sosanna le haghaidh bia agus stadanna ag pointí spéise.
Gleann Dá Loch agus na beanna Spinc | Cill Mhantáin
Tá an tsiúlóid seo píosa beag níos dúshlánaí ach do dhaoine a bhfuil taithí acu le bheith ag siúl na gcnoc go minic bainfidh siad sult as. Cuirtear tús agus deireadh leis an tsiúlóid 8.5 míle seo ag Ionad Ghleann Dá Loch. Le linn na siúlóide feicfidh tú go leor radhairc áille ach ceann de na rudaí a d’fhéadfá teacht air ná an láithreán mainistreach a bhfuil cáil dhomhanda air i nGleann Dá Loch.
Tá eas Pholl an Eas le feiceáil chomh maith agus tú ar do bhealach suas go dtí beanna na Spince. Bí cinnte sos a ghlacadh agus d’anáil a tharraingt agus bain sult as na lochanna áille sula dtosaíonn tú ag dul síos an cnoc arís.
Binn Ghuaire | Gaillimh
Don tsiúlóid seo caithfidh tú dul i dtreo iarthar na hÉireann, go contae na Gaillimhe. Tá sé 1460 troigh ar airde agus is sliabh ceart é d’aon duine a bhfuil leibhéal réasúnta aclaíochta acu chun na cnoic seo a dhreapadh. Cuirtear tús agus deireadh leis an tsiúlóid 4.5 míle seo ag Ionad Cuairteoirí Pháirc Náisiúnta Chonamara. Nuair a shroicheann tú barr an chnoic, tá radhairc iontacha mórthimpeall ort ar shléibhte Conamara, na lochanna, cóstaí agus na hoileáin. Is maith an áit í chun an féinphic sin a ghlacadh.
Níl anseo ach blaiseadh de na siúlóidí gur féidir leat triail a bhaint astu in Éirinn. Bí cinnte go ndéanann tú taighde ar na siúlóidí seo ar líne sula mbaineann tú triail astu agus bí aireach faoi do chuid sábháilteachta i gcónaí agus tú i mbun siúil faoin tuath.