Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ni-olfaidh-me-caife-‘beir-leat’-aris-choiche!

Ní ólfaidh mé caife ‘beir leat’ arís choíche!

| Aideen McQueen |

Is mise Aideen agus is tomhaltóir mé. Níor thuig mé go raibh fadhb agam go dtí gur cuireadh an dianghlasáil i bhfeidhm agus cuireadh stop tobann le mo chuid caiteachais. Go dtí seo ní raibh lá de mo shaol ann, ó bhíos 13 bliain d’aois, nár chaith mé roinnt airgid. 

Ach tá Covid-19 tar éis cúpla ceacht a mhúineadh dom mar gheall ar mo mhianta saoil agus tá srian curtha agam orthu. Anois agus an saol beagnach ina cheart arís níl mé ag iarraidh mo nósanna nua a chailliúint. 

Ar Lá Fhéile Pádraig na bliana seo bhí mé in London agus mé ceaptha sraith gigeanna a dhéanamh, ar ndóigh thit an lug ar an lag agus cuireadh ar ceal iad go léir. 

Bhíos díreach tar éis tosnú a bheith ag siúil amach le leaid as London. D’iarr sé orm, go han-rómánsúil teacht chun a thí agus fanacht leis ar feadh na dianghlasála. Chuaigh mé sa seans, agus landáil mé isteach ina theach gan aon rud agam ach an mála beag amháin 10kg a ligtear ar eitilt Ryanair. Fógraíodh go mbeadh an dianghlasáil ann ar feadh trí seachtaine — nach orainne a cuireadh an dallamullóg!

minimalist mé. Caithim an-chuid ar mo chuid gruaige, bainim úsáid as iongaí agus spréanna agus cuirim dóthain péinte ar m’aghaidh a chlúdódh díon an tSéipéil Shistínigh ! Chomh maith leis sin bím an-fhlaithiúil liom féin ó thaobh éadaí agus rudaí beaga eile a cheannach dom féin. 

Ar ndóigh bím ag obair, nach bhfuil sé tuillte agam? Ach anois táim ag fáil an mhéid chéanna sóláis as airgead a shábháil is a fuair mé as é a chaitheamh!

Gach lá bhíodh cappuccino beir-leat agam agus mé ag dul chun na hoibre agus, uaireanta, ceann eile agus mé ag filleadh abhaile. Níor smaoinigh mé riamh faoi ach sin ar a laghad €2.80 in aghaidh an lae: €1,022 in aghaidh na bliana —nó €5,110 tar éis cúig bliana!

Samhlaigh dá mbeadh an t-airgead sin ar fad sábháilte agam, tar éis deich mbliana bheinn in ann eitilt go Columbia leis an airgead agus cúpla scair a cheannach i bhfeirm caife! 

Mar sin ní fhillfidh mé ar na deochanna beir-leat. Sábhálfaidh mé airgead agus an comhshaol leis. 

Ní rachaidh mé ar ais go dtí an ionad aclaíochta arís ach an oiread. Leis na blianta, táim i mo

bhall de ionaid éagsúla ach taobh amuigh de thús Mhí Eanáir agus an Carghas, ní théinn ach b’fhéidir dhá uair in aghaidh na seachtaine.

Anois, a bhuí le meáchain a fuair mé ó mhac mo bhuachalla agus YouTube táim ag déanamh aclaíochta go laethúil. Ní mise an t-aon duine: de réir Amazon tá borradh 496% ar meáchain agus 315% ar threalamh Pilates agus ióga. 

Tá sé i bhfad níos deise a bheith ag déanamh aclaíochta i do sheomra suí féin, an teilifís ar siúl agus do rogha clár air, seachas tiomáint go dtí an t-ionad aclaíochta le bheith sáinnithe i measc strainséirí atá ag cur allais. 

D’fhéadfá gloine fíona a bheith agat agus tú i mbun aclaíochta fiú! 

Sa saol antecorona, théinn go dtí an sciamheolaí gach ceithre seachtaine, thugainn thart ar €100 do bhean a stracadh gach ribe gruaige de mo chorp.

Bhí eagla orm go bhfeicfeadh mo bhuachaill mé le folt fionnaidh ar mo chosa — agus eatarthu fiú.  Rinne mé beagáin oibre orm féin le rásúir, cheannaigh mé stiall chéir in Pound Land, agus táim ag déanamh roinnt garraíodóireachta ó shin ach, i ndáiríre, tá an méíd seo foghlamtha agam — is cuma le fir! 

Is ar éigin a thugann siad faoi ndeara fiú! Ní bheidh mé ag caitheamh na gcéadta ar a leithéid riamh arís!

Mar a dúirt mé ní raibh ach an t-aon mhála éadaí amháin agam anseo in London. Bhí orm cúpla péire brístíní, t-léinte agus bróga reatha agus a leithéid a cheannach ar Amazon ach nuair a chaitheann tú na héadaí céanna arís is arís (cosúil le fear) ní thugann aon duine faoi ndeara (seachas do dheirfiúr). 

Chomh maith leis sin, is saghas faoisimh atá ann. Rinne mé talamh slán den mhéid ama a thugainn ag roghnú éadaí, ag féáchaint orthu agus á gcur le chéile. Gan rogha, tá m’intinn saor chun a bheith ag smaoineamh ar nithe eile. 

Deirtear go gcaitheann a leithéid de Mark Zuckerberg agus Barak Obama na héadaí céanna gach lá, ionas nach gá dóibh an cinneadh sin a dhéanamh agus go mbeadh níos mó spás intinne acu cinntí níos tábhachtaí a dhéanamh níos déanaí sa lá. 

Ceapaim go ndéanadh Bosco an rud céanna.

Anois táim lán sásta ionam féin, lán dom féin fiú, ach an leanfaidh mé ar aghaidh mar chailleach an airgid? Nó an gcloisfidh tú agus an bhfeicfidh tú mé sa scuaine os comhair Penny’s amach anseo? Ní fios fós!

Níos mó