Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-t-iarfheisire-eorpach-liadh-ni-riada-ceaptha-ina-hoifigeach-pleanala-teanga-i-ngaeltacht-chorcai

An t-iarfheisire Eorpach Liadh Ní Riada ceaptha ina hoifigeach pleanála teanga i nGaeltacht Chorcaí

Tá Liadh Ní Riada, an t-iarfheisire Eorpach de chuid Shinn Féin, ceaptha ina hOifigeach Pleanála Teanga do Ghaeltacht Mhúscraí.

Dúirt Ní Riada a bhí ina hiarrthóir sa toghchán uachtaránachta deireanach nach raibh a fhios aici an bhfillfeadh sí ar an bpolaitíocht arís nó dá ndéanfadh an le Sinn Féin a rachadh sí nó an mbeadh sí ina neamhspleách.

“Tá an doras fágtha ar an laiste agam,” a dúirt sí agus í faoi agallamh ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt sí go raibh sí ag baint an-sásamh as a bheith ar ais ag obair i measc a pobail féin sa Ghaeltacht agus go raibh sí ag súil go mór leis an dúshlán a bhainfeadh le bheith ag iarraidh daoine a mhealladh chun Gaeilge a labhairt.

“Ní dóigh liom gur ranganna an tslí is fearr chun tús a chur leis. Is dóigh liom gur chóir gur rud a bheadh ann a tharlaíonn go nádúrtha, nó go horgánach. An bhfuil a fhios agat dá mbeifeá i mbun cócaireachta, go bhfuileann tú i mbun cócaireachta agus go bhfuil tú á déanamh trí Ghaoluinn.

“Sin an saghas dearcaidh nó treo go mbeinnse ag smaoineamh ar dhul leis. Ach gan dabht nílim ach sa phost le cúpla lá go fóill agus táim ag foghlaim,” a dúirt sí.

Dúirt Oifigeach Pleanála Teanga nua Mhúscraí go raibh an reachtaíocht teanga agus cearta teanga an-tábhachtach d’obair na pleanála teanga.

“Cé go bhfuil Gaoluinn ar an teanga oifigiúil atá againn… tá neart seirbhísí nach bhfuil ann i nGaoluinn agus tá daoine ann nach dtuigeann go bhfuil na cearta sin acu ach oiread. Mar sin caithfidh an t-éileamh sin a bheith ann chomh maith mar mura bhfuil daoine chun a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaoluinn, cad ina thaobh go mbeadh na seirbhísí ann?

“Tá an saghas sin dúshláin os ár gcomhair. Ach i ndáiríre [caithfimid] an droichead sin a thrasnú go dtí pobal an Bhéarla chomh maith seachas a bheith ag caint linn féin an t-am ar fad. Mar táimid go léir an-bháúil agus an-ghrá againn don Ghaoluinn, ach mura dtabharfaimid an chuid eile den dream linn, táimid saghas ag snámh i gcoinne na taoide agus beimid i gcónaí ag caint linn féin.”

Dúirt an t-iarpholaiteoir  go gcaithfí muinín a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a labhairt.

“Caithfimid féachaint ar shlite conas a bheith dátheangach i gceart agus gan a bheith chomh sáite i gcúrsaí, bíonn drogall ar dhaoine agus bíonn daoine cúthaileach mar gheall ar Ghaoluinn a úsáid is dócha mar go gceapann siad nach bhfuil sí acu go cruinn nó go beacht nó go mbeadh botúin ar siúl acu. Agus caithfimid deireadh a chur leis sin,” arsa Liadh Ní Riada.

Dúirt Oifigeach Pleanála Teanga Mhúscraí gurb údar dóchais di an dream óg nach raibh “chomh hung up céanna” faoin nGaeilge agus “dearcadh an-dearfach” acu.

Maidir le cúrsaí polaitíochta, dúirt sí gur bhraith sí go ndearna Sinn Féin faillí áirithe inti nuair nár éirigh léi sa toghchán Eorpach deireanach ná sa toghchán uachtaránachta ach gur thuig sí leis gurb in í “an pholaitíocht”.

Dúirt sí dá mbeadh deis arís aici go bhfanfadh sí ag obair san Aontas Eorpach, mar a raibh sí ina ball den choiste buiséid, den choiste iascaireachta agus den choiste oideachais agus cultúir,seachas teacht abhaile chun seasamh don uachtaránacht.

Mhaígh sí go raibh go leor eile ar theastaigh uaithi a bhaint amach sa Bhruiséil i dtaobh cúrsaí iascaireachta agus rudaí eile.

Nuair a fiafraíodh di an seasfadh sí do Shinn Féin nó mar neamhspleách dá rachadh sí leis an bpolaitíocht arís amach anseo, dúirt Ní Riada gur “ceist dheacair agus ceist spéisiúil a bhí ann”.

Dúirt sí gur duine “dílis” a bhí inti agus go ngoilleann sé uirthi nuair nach mbíonn daoine dílis di féin.

Dúirt sí go raibh muinín aici i gcónaí as “polasaithe iontacha” Shinn Féin agus go mbeadh sé deacair uirthi “sin a thréigint”.

Ní rachadh sí le páirtí eile, a dúirt sí, níor chuir sí as an áireamh é gur mar neamhspleách a d’fhillfeadh sí ar an bpolaitíocht dá socródh sí déanamh amhlaidh amach anseo.

Maidir lena post nua, dúirt sí go raibh sé in am “an ceangal” atá idir na ceantair Ghaeltachta go léir “a láidriú”.

“Tá cumhacht againn mar Ghaeltacht agus is dóigh liom go bhfuil sé in am an chumhacht sin a úsáid níos mó,” arsa Liadh Ní Riada, Oifigeach Pleanála Teanga nuacheaptha Ghaeltacht Mhúscraí.

Níos mó