Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘ba-leir-gur-athsmaoineamh-a-bhi-ann-curaimi-na-gaeltachta-a-chur-ar-jack-chambers’

‘Ba léir gur athsmaoineamh a bhí ann cúraimí na Gaeltachta a chur ar Jack Chambers’

| Tuairisc.ie |

Tá imní mhór léirithe ag polaiteoirí de chuid an fhreasúra faoin scéala go gcaithfidh aire stáit nua na Gaeltachta tabhairt faoi “dhianchúrsa Gaeilge”.

Dúirt Catherine Connolly, an Teachta Dála Neamhspleách do Ghaillimh Thiar, gur chuir ceapachán Chambers agus an tslí ar fógraíodh a cheapachán “fearg” uirthi.

“Bhí sé soiléir gur athsmaoineamh a bhí i gceist le cúraimí na Gaeltachta a leagan ar an Aire Stáit nua. Ní chothaíonn sé muinín ionam go bhfuil an rialtas nua

dáiríre faoin nGaeilge agus faoin ngéarchéim sa Ghaeltacht.

“Tá mé thar a bheith buartha faoin gcur i gcéill atá ar siúl ó thaobh na Gaeilge. Dúradh linn gur roghnaíodh Dara Calleary mar Aire Stáit na Gaeltachta mar gur duine é a bhfuil Gaeilge aige agus fís aige don teanga. Inné, níor luadh aon rud den chineál sin,” arsa Catherine Connolly.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách gur chuir an chaoi ar dhéileáil Micheál Martin leis an gceapachán “díomá agus iontas” uirthi.

Bhí amhras ann ar feadh tamaill faoi cad a bhí i ndán d’aireacht stáit na Gaeltachta nuair a d’fhógair an Taoiseach sa Dáil inné ceapachán Dhara Calleary ina Aire Talmhaíochta.

D’fhógair Micheál Martin go raibh Chambers á cheapadh ina Phríomh-Aoire, ach níor luaigh sé beag ná mór an Ghaeltacht ná cúrsaí spóirt, an dá chúram eile a bhí ar Calleary.

Ba nuair a lorg Catherine Connolly agus urlabhraí airgeadais Shinn Féin, Pearse Doherty, soiléiriú maidir lena raibh i ndán d’aireacht na Gaeltachta a dheimhnigh an Taoiseach go raibh an cúram sin á leagan ar Jack Chambers chomh maith.

“D’fhógair an Taoiseach go raibh sé chun post sinsearach a bhronnadh ar Dhara Calleary ach níor luaigh sé cé a bhí ag teacht i gcomharbacht air. Níor luadh an Ghaeilge ná an Ghaeltacht. Chuir sé fearg orm tar éis an méid atá ráite ag Fianna Fáil agus an Taoiseach ó thaobh na Gaeilge, ba léir go ndearnadh neamhaird ar fad uirthi,” arsa Catherine Connolly.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin,

go raibh sé seafóideach nár ceapadh duine mar aire stáit Gaeltachta a bhí líofa a dhóthain sa Ghaeilge cheana féin chun díospóireacht nó freagraí a thabhairt ar cheisteanna Dála “nó fiú chun déileáil le muintir na Gaeltachta”.

“Caithfidh Gaeilge maith go leor a bheith ag an té atá sa ról sin le go mbeadh meas ceart orthu agus tuiscint acu ar na fadhbanna atá sa Ghaeltacht,” a dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin le Tuairisc.ie.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go raibh sé tábhachtach go mbeadh an té a bheadh freagrach as cúraimí na Gaeltachta agus na Gaeilge in ann feidhmiú trí mheán na Gaeilge agus nach mbeadh ar an duine sin a bheith ag foghlaim faoi na fadhbanna a bhaineann leis an teanga ar feadh bliain nó dhó.

Dúirt sé gur “tús maith” a bhí ann go raibh Jack Chambers in ann comhrá a dhéanamh i nGaeilge.

Ceapadh Jack Chambers, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil as Baile Átha Cliath Thiar, ina Phríomh-Aoire agus aire stáit Gaeltachta agus spóirt inné.

Deir Aire Stáit nua na Gaeltachta Jack Chambers go bhfuil faoi “dianchúrsa Gaeilge” a dhéanamh le feabhas a chur ar a chuid Gaeilge sna seachtainí amach romhainn.

Deir an tAire Stáit nua go bhfuil sé “réasúnta compordach i mbun comhrá” i nGaeilge mar atá ach go bhfuil faoi an cúrsa a dhéanamh le “teacht isteach” ar an teanga.

I dteachtaireacht i nGaeilge a chuir sé amach ar Twitter aréir, dúirt Chambers gur onóir mhór a bhí ina cheapachán.

 

Dúirt Aire Stáit nua na Gaeltacht chomh maith go bhfuil sé “as cleachtadh faoi láthair ach go raibh leibhéal maith Gaeilge aige san am a caitheadh”. Tá sé meáite, a dúirt sé, ar fheabhas a chur ar a chuid Gaeilge agus ar bheith ina “chainteoir gníomhach”.

De réir suirbhé a rinne Tuairisc.ie i measc na bpáirtithe polaitiúla i mbliana, ní raibh Jack Chambers i measc na dTeachtaí Dála ag Fianna Fáil a bhfuil Gaeilge líofa acu.

Is í an tslat tomhais a bhí againn sa suirbhé sin maidir le líofacht ná dóthain Gaeilge chun agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge.

Níor thug Fianna Fáil ná Jack Chambers le fios go raibh Gaeilge aige ach oiread nuair a rinneadh a mhacasamhail de shuirbhé in 2016 nuair a toghadh Chambers chun na Dála den chéad uair.

Tá Jack Chambers, atá 29 bliain d’aois, ina Theachta Dála ó 2016.

Rugadh é sa Ghaillimh ach d’aistrigh sé lena mhuintir go dtí Baile Átha Cliath nuair a bhí sé óg.

Tá sé cáilithe mar dhochtúir ó mhí Mhárta na bliana seo, agus tá céim sa dlí agus sa pholaitíocht aige ó Choláiste na Tríonóide. chomh maith.

Cuirfidh plean an aire stáit cúrsaí Gaeilge a dhéanamh i gcuimhne do dhaoine an chonspóid mhór a bhí ann nuair a cheap Enda Kenny an Teachta Dála de chuid Fhine Gael Joe McHugh ina aire stáit i Roinn na Gaeltachta in 2014.

D’fhógair Enda Kenny, a bhí ina Thaoiseach ag an am, go rachadh McHugh ar “aistear teanga” le linn dó a bheith ina aire stáit don Ghaeltacht agus chláraigh McHugh láithreach do chúrsa le hOideas Gael.

I bpobalbhreith náisiúnta a rinne an comhlacht Millward Brown ar son Tuairisc.ie in 2014, dúirt 61% de dhaoine nár chóir don Taoiseach Enda Kenny duine a cheapadh mar Aire na Gaeltachta nach raibh líofa sa Ghaeilge.

Dúirt 20% de na rannpháirtithe nach botún a bhí ann.

Níos mó